An difríocht idir athruithe ar: "Tabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair"

Content deleted Content added
nascanna curtha leis
pictiúirí curtha leis
Líne 1:
Is é atá i gceist nuair a thagraítear do Thabhairt i dtír na ngunnaí i m[[Binn Éadair]] ná an ócáid sin arna seachadadh 1,500 raidhfil d’Óglaigh na hÉireann ag cuan Bhinn Éadair ar an 26 Iúil 1914. Tarraingíodh aird slua mhóir ar an tabhairt i dtír agus na gunnaí á ndí-ualú ó luamh príobháideach le solas an lae, agus d’ordaigh na húdaráis go n-idirghabhfadh na póilíní agus an t-arm araon san eachtra. D’éirigh leis na hÓglaigh na fórsaí slándála a sheachaint, áfach. Chuir saoránaigh aighneas ar reisimint darbh ainm the King’s Own Scottish Borderers ar [[Siúlán Bhaitsiléir|Shiúlán Bhaitsiléir]] agus na saighdiúirí sin ag filleadh ar ais go dtí a mbeairicí. Chaith siad clocha agus maslaí leo. Scaoil na saighdiúirí leis an slua nach raibh airm acu agus sháigh siad fear amháin le beaignit, rud a d’fhág gur maraíodh ceathrar saoránach agus gur gortaíodh ocht nduine is tríocha.
[[Íomhá:HowthHarbour.jpg|mion|Caladh Bhinn Éadair]]
 
== An plean chun na gunnaí a thabhairt i dtír ==
Line 5 ⟶ 6:
 
Níor éirigh leis san iarracht sin agus tháinig lagmhisneach ar an ngrúpa nuair a fuair siad amach faoi [[Thabhairt i dtír na ngunnaí i Latharna]] a rinne [[Óglaigh Uladh]]. D’iarr Mac Easmainn ar Alice Green go n-íocfaí iasacht ar ais nuair a cheannódh na hÓglaigh a gcuid gunnaí. Chuaigh Mac Easmainn, Figgis agus [[Robert Erskine Childers|Erskine Childers]] i dteagmháil le gníomhaire i [[Londain]] de chuid déileálaí arm Beilgeach. Ar deireadh thiar, chuir siad clabhsúr ar an margadh le déileálaí in [[Hamburg]] ar chuir an Rathailleach in aithne dóibh é, agus shocraigh siad ar dhíolachán 1,500 raidhfil.<ref>Inglis 1973, pp.262–265 and 275–277</ref>
[[Íomhá:Asgard_Baltic_1910.JPG|mion|an Asgard sa Mhuir Bhailt,1910;
 
Erskine agus Molly Childers ar bord
]]
De réir fhianaise [[Earnán de Blaghd (Ernest Blythe)|Earnáin de Blaghd]], chuir [[Bulmer Hobson]] dualgas ar [[Ailf Ó Cadáin]] faisnéis shaineolach faoin gcuan agus eolas “a d’oirfeadh do chaptaen a bheadh ag stiúradh báid isteach agus nach bhféadfadh, b’fhéidir, fanacht le taoide”<ref name=":0">De Blaghd, E. (1970) ''Slán le hUltaibh'', Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, lch. 68 - 69</ref> a bhailiú cúpla seachtain roimh an teacht i dtír.<ref name=":0" />
 
Line 25 ⟶ 28:
 
== Siúlán Bhaitsiléir ==
[[Íomhá:Bachelors_Walk_-_panoramio.jpg|mion|Siúlán Bhaitsiléir]]
Faoin bpointe sin bhí slua mór tar éis bailiú agus thosaigh lucht an tslua ag déanamh trasnáil ar na saighdiúirí agus á bhfonóid nuair a chonaic siad iad ag teacht agus cuma chrosta ar a n-aghaidh. <ref name="Oxford">Connolly, J.S.; ''Oxford Companion to Irish History'', page 263-4. Oxford University Press, 2007. {{ISBN|978-0-19-923483-7}}</ref> Agus iad ag filleadh ar ais go dtí a mbeairicí, tháinig cuid de na saighdiúirí trí Shiúlán Bhaitsiléir, áit inar tháinig siad in aghaidh slua naimhdeach cé nach raibh airm ag lucht an tslua. Bhí an slua ag déanamh ceap magaidh de na saighdiúirí faoin tslí ar dteip orthu ina n-iarracht na hairm a urghabháil. Bhí oifigeach áirithe i measc na saighdiúirí nach raibh a fhios aige go raibh a gcuid gunnaí réidh chun scaoileadh, agus thug sé ordú dóibh aghaidh a thabhairt ar an slua. Agus é ag caint leis na saoránaigh, scaoil trúpa amháin piléar agus ansin tháinig rois piléar ina shála.<ref>''A Dictionary of Irish History'', D J Hickey & J E Doherty, Gill and Macmillan, Dublin, 1980, p. 21, {{ISBN|0-7171-1567-4}}</ref> Maraíodh triúr ar an toirt – Mrs Duffy, James Brennan agus Patrick Quinn – agus gortaíodh ocht nduine is tríocha, leis. Fuair fear amháin bás níos déanaí ó chréachtaí a fuair sé ó bheaignit.<ref>Robert Kee, ''The Green Flag'', Vol 2, ''The Bold Fenian Men.'' pp. 214–215</ref>
 
Line 37 ⟶ 41:
Bhí déistin ar a lán daoine in Éirinn agus i dtíortha eile de bharr mharú na saoránach nach raibh airm acu ar Shiúlán Bhaitsiléir. Tharla go raibh “Remember Bachelors Walk” (nó “Ná dearmaid riamh Siúlán Bhaitsiléir”) ina rosc catha agus cuireadh borradh mór faoi línte Óglaigh na hÉireann dá bharr.
 
In 1961, d’eagraigh rialtas na hÉireann athachtú de thabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair agus bhí cuid de na hÓglaigh a bhí i láthair in 1914 agus a bhí fós beo páirteach san athachtú seo, agus cheannaigh siad an Asgard óna úinéir chun na críche sin. Úsáideadh cuid de na raidhfilí Mauser ag an ócáid. Thug [[Uachtarán na hÉireann|an tUachtarán]], [[Éamon de Valera]], aitheasc agus nochtadh plaic ar an bpiara chun an eachtra a chomóradh.
 
[...]