An difríocht idir athruithe ar: "Jean François Champollion"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Leon Cogniet - Jean-Francois Champollion.jpg|mion|Jean François Champollion]]
 
Bunaitheoir na hÉigipteolaíochta, a rugadh i bhFigeac [[An Fhrainc|na Fraince]] ab ea '''Jean François Champollion''' ([[29 Nollaig]] [[1790]] – [[4 Márta]] [[1832]]). Cáil air as feidhm a bhaint as [[Leac Rosetta]] chun iaraiglifí Éigipteacha a scaoileadh. Fuair sé bás i b[[Páras]].
Fear léinn ón bh[[An Fhrainc|Frainc]] ab ea '''Jean François Champollion''' a chur tús leis an léann Éigipteach agus leis an taighde ar na hiaraiglifí, is é sin, córas scríbhneoireachta na sean-Éigiptise. Rugadh i bhFigeac i ndeisceart na tíre é ar an [[29 Nollaig]] [[1790]] agus fuair sé bás i b[[Páras]] ar an [[4 Márta]] [[1832]]. Chuir sé spéis mhór sna teangacha ó laethanta a chéad óige, agus ní raibh sé ach sé bliana déag d'aois nuair a d'fhoilsigh sé an chéad saothar léinn. D'fhoghlaim sé teangacha an Oirthir cosúil leis an bPeirsis, an Araibis nó an Choptais, seanteanga na gCriostaithe san Éigipt. Thuig sé gurbh í an Choptais an eochair don tSean-Éigiptis, agus rud eile fós d'aithin sé go raibh córas na n-iaraiglifí ar nós an réabais, is é sin d'fhéadfá pictiúr an tí a úsáid le focal a bhreacadh síos a d'fhuaimneofá cosúil leis an bhfocal a chiallaigh "teach", mar shampla.
 
Roimh lá Champollion shíleadh an lucht léinn go raibh úsáid na n-iaraiglifí bunaithe ar rúndiamhra an tseanchreidimh Éigiptigh agus nach raibh mórán bainte acu leis an teanga labhartha. Thaispeáin Champollion nach mar sin a bhí, agus go bhféadfá eolas saibhir ar ghnáthshaol na nÉigipteach a bhaint as na scríbhinní iaraiglifeacha. Mar sin chuir sé bun le tuiscint nua chuimsitheach ar stair na tíre.
 
Fear fíochmhar ab ea Champollion i gcúrsaí polaitíochta, agus luiteamas láidir aige le Napoléon. Nuair a thosaigh athbhunú an mhonarcachais i ndiaidh do Napoléon a chumhacht a chailleadh, áfach, d'éirigh sé dainséarch tuairimí polaitiúla den chineál sin a nochtadh is a admháil, rud a chiallaigh gur chuir an pholaitíocht chomhaimseartha go mór isteach ar obair léannta Champollion.
 
Sa bhliain 1829 thug Champollion cuairt ar an Éigipt, ach má thug, chuaigh an turas seo chun dochair dá shláinte, agus ní raibh sé ach bliain thar an dá fhichid d'aois nuair a fuair sé bás le stróc.
 
{{Fréamh an Eolais}}