An difríocht idir athruithe ar: "Iúil Caesar"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 99:
 
== A Chuid Scríbhneoireachta ==
[[File:Julii Caesaris quae exstant.tif|thumb|C. Iulii Caesaris quae extant, 1678]]
 
Bhreac Caesar síos scéal a chogaidh i seacht leabhar an tsaothair úd ''Commentarii de bello Gallico'' ("Trácht ar chogadh na Gaille"). Ós rud é go bhfuil an saothar seo scríofa i Laidin shimplí shoiléir, gan ruthaig na reitrice, is gnách é a úsáid mar lón léitheoireachta do na scoláirí agus iad díreach ag éirí chomh heolach ar an Laidin is gur féidir leo an chéad leabhar a léamh. Is iomaí scoláire Laidine a d'fhoghlaim an chéad chupla abairt sa leabhar seo de ghlanmheabhair, ós rud é gurb iad na focail seo a d'oscail an geata go saol na Róimhe: ''Gallia est omnis divisa in partes tres, quarum unam incolunt Belgae, aliam Aquitani, tertiam qui ipsorum lingua Celtae nostra Galli appellantur—''is é sin: "Tá an Ghaill roinnte ina trí chuid, na Beilgigh ina gcónaí i gcuid amháin, na hAcatánaigh i gcuid eile acu, agus dream sa tríú cuid a dtugtar Ceiltigh orthu ina dteanga féin agus Gallaigh inár dteangana".