Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

401 bytes added ,  1 bhliain ó shin
no edit summary
 
== Seirbhís mhíleata ==
[[Íomhá:Lt. John F. Kennedy aboard the PT-109.jpg|clé|100px320x320px|thumb|Kennedy ar an PT-109.]]
Isteach san [[Arm na Stát Aontaithe|airm S.A.M.]] leis sa bhliain [[1941]]. Liostáil sé de a dheoin féin ar dtús, ach diúltaíodh é mar gheall ar na fadhbanna a bhí aige leis a dhroim. Glacadh Kennedy isteach sa [[Cabhlach cogaidh|chabhlach]] san Fhómhar an bhliain céanna, agus tá seans ann gur úsáid a athair a chuid tionchar. Ina mheirgire dó, thosaigh Kennedy ag obair san oifig a thóg nuacht agus eolas don Rúnaí an Chabhlaigh. B'é sin an obair a bhí á dhéanamh aige nuair a d'ionsaigh na [[An tSeapáin|Seapánaigh]] [[Pearl Harbor]]. D'fhreastail Kennedy ar an "Naval Reserve Officers Training School" agus "Motor Torpedo Boat Squadron Training Center". Ansin seoladh é ar dualgas i b[[Panama]] ar dtús, agus ansin an throid san [[An tAigéan Ciúin|Aigéan Ciúin]]. Ghlac Kennedy páirt i gcúpla misean anseo, agus bronnadh céim leifteanant air, i gceannas ar thoirpéad-bháid patróil.
 
San [[oíche]] ar an [[2 Lúnasa]] [[1943]], bhí [[bád]] Kennedy, an PT-109, ag glacadh páirt i ruathar in aice le New Georgia, nuair a bhuail [[scriostóir]] [[Seapán]]ach é. Caitheadh Kennedy trasna an mbád, agus ghortaigh sé a dhroim arís. Cé go raibh sé gortaithe, thóg Kennedy saighdiúir gortaithe eile ar feadh trí mhíle san aigéan, go dtí [[oileán]]. Thit Kennedy gan mheabhair anois is arís i rith an crá, ach bhí sé ábalta é féin agus a chomhalta a shábháil. Mar aitheantas ar na heachtraí seo, bronnadh an "Navy and Marine Corps Medal" air.
[[Íomhá:Photograph of Lieutenant John Fitzgerald Kennedy in Navy uniform wearing Navy and Marine Corps Medal, Purple Heart... - NARA - 299712.jpg|mion|Lieutenant JF Kennedyagus Purple Heart]]
Cé go raibh sé gortaithe, thóg Kennedy saighdiúir gortaithe eile ar feadh trí mhíle san aigéan, go dtí [[oileán]]. Thit Kennedy gan mheabhair anois is arís i rith an crá, ach bhí sé ábalta é féin agus a chomhalta a shábháil. Mar aitheantas ar na heachtraí seo, bronnadh an "Navy and Marine Corps Medal" air.
Na boinn eile a bhuaigh Kennedy le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]] ná an "Purple Heart", "Asiatic-Pacific Campaign Medal", agus an "World War II Victory Medal". Scaoileadh amach é sa bhliain [[1945]], agus ghéill na Seapánaigh cúpla mhí níos déanaí.
== Polaitaíocht ==
<!--[[Íomhá:John F. Kennedy, Florette and a friend, at André Dubonnet’s, Cap d'Antibes, 12 August 1953.JPG|deas|150px|thumb|Kennedy san [[An Fhrainc|Fhrainc]] sa bhliain [[1953]].]]-->
[[Íomhá:Toni Frissell, John F. Kennedy and Jacqueline Bouvier on their wedding day, 1953.jpg|mion|Pósadh: John F. Kennedy agus Jacqueline Bouvier]]
Tháinig John F. Kennedy slán as an g[[cogadh]], ach cailleadh a dheartháir Joseph P. Kennedy, Jr. ar an [[12 Lúnasa]], [[1944]]. De bharr seo, cuireadh níos mó brú ar John tús a chur leis a shaol sa [[polaitíocht|pholaitíocht]].
 
 
Bhuaigh sé áit sa t[[Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá|Seanaid]] don stát [[Massachusetts]] sa bhliain [[1952]] i gcoinne an tSeanadóra Henry Cabot Lodge óna [[Páirtí Poblachtach (Stáit Aontaithe)|Phoblachtaigh]].
 
[[Íomhá:Toni Frissell, John F. Kennedy and Jacqueline Bouvier on their wedding day, 1953.jpg|mion|Pósadh: John F. Kennedy agus Jacqueline Bouvier]]
Ar an [[12 Meán Fómhair]] [[1953]], phós Kennedy [[Jacqueline Kennedy Onassis|Jacqueline Lee Bouvier]]. Lean na fadhbanna a bhí aige leis a dhromlach ar aghaidh, agus seoladh é faoin scian go minic i rith na dhá bhliain ina dhiaidh. Bhí an t-ádh air nár chailleadh é, i rith an tréimhse seo.
 
 
Foilsíodh a leabhair ''Profiles in Courage'', a bhuaigh an [[Duais Pulitzer]] sa bhliain [[1957]], i gcatagóir [[Beathaisnéis]].
[[Íomhá:1960 Kennedy for President Campaign Bumper Sticker.png|clé|mion|1960]]
 
Chaith Kennedy vóta i bhfabhar an [[Cearta daonna|Acht um Chearta Sibhialta]] sa bhliain [[1957]], cé gur vótáil sé i gcoinne an Leasú ar Thriail Giúiré níos luaithe. Tacadóirí láidir ina chéad fheachtas uachtaránachta ab ea James Eastland, John McClellan, agus Gobharnóir [[Mississippi]] James Coleman, daoine a bhí i bhfabhar an idirdheighilt. Bhí an Seanadóir [[Joseph McCarthy]] cairdiúil leis an gclann Kennedy freisin. Chaith [[Robert F. Kennedy]] tréimhse ag obair ina fhoireann, agus bhí McCarthy ag dul amach le Patricia Kennedy ar feadh tamaill.
 
== Toghchán 1960 ==
[[Íomhá:Eisenhower and Kennedy.jpg|deas|150px244x244px|thumb|Uachtarán nua Kennedy agus [[Dwight D. Eisenhower|Eisenhower]] sa bhliain [[1960]].]]
 
Sa bhliain [[1960]], d'fhógair John F. Kennedy go mbeadh sé ag dul isteach sa thoghchán, chun a bheith ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Chun áit a bhuaigh ina iarrthóir don [[Páirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)|pháirtí Daonlathach]], bhí comórtas deacair aige ón Seanadóir Hubert H. Humphrey as [[Minnesota]], an Seanadóir [[Lyndon B. Johnson]] as [[Texas]] agus Adley Stevenson<ref>Rinne Kennedy go leor taistil. Mar shampla, chuaigh sé go dtí an [[Virginia Thiar]] chun labhairt leis na [[Mianadóireacht|mianadóirí]]. Bhuaigh sé a gcuid tacaíochta, cé go raibh sé ina Chaitliceach agus ba stát Phrotastúnach é sa formhór</ref>.
 
Phléigh Kennedy agus a theagmhálaí [[Richard M. Nixon|Richard Nixon]] ón [[Páirtí Poblachtach (Stáit Aontaithe)|Pháirtí Poblachtach]] na cúrsaí seo le chéile i rith an chéad díospóireacht uachtaránachta a bhí le feiceáil ar an [[teilifís]]. Bhí cuma mí-chompordach agus corraitheach ar Nixon, agus cheap formhór an lucht féachana go raibh an bua ag Kennedy, é a bhí socair agus féinmhuiníneach. Eachtra [[stair]]iúil a bhí ann pé scéal é, agus bhí páirt tábhachtach ag an teilifís i b[[polaitíocht]] as seo amach.
[[Íomhá:John F. Kennedy Inauguration Speech.ogv|mion|searmanas insealbhaithe, 20 Eanáir 1961|255x255px]]
 
== Uachtaránacht ==
Rinneadh 35ú uachtarán de ar an [[20 Eanáir]] [[1961]]. Ag an searmanas, d'iarr Kennedy ar mhuintir na tíre a bheith fuinniúil ar son na tíre, leis na bhfocail stairiúil, "Ask not what your country can do for you, ask what you can do for your country". D'iarr sé freisin ar náisiúin an domhain aontú le chéile chun troid i gcoinne na comh-naimhde a bhí acu - an tíorántacht, an bhochtaineacht, [[galar]], agus cogadh féin. [[Íomhá:Kennedy and Khrushchev in Vienna 1961.png|clé|244x244px|thumb|JFK ag buaileadh le [[Nicíte Cruistsiof]] i [[Vín]] i mí [[Meitheamh]], [[1961]].]]
 
=== Cúba agus Scannal Bhá na Muice ===
Ar an [[17 Aibreán]] [[1961]], thóg Kennedy an t-ordú ionradh a thosaigh ar [[Cúba|Chúba]]. Le tacaíocht ón [[Central Intelligence Agency]] (CIA), d'fhill 1,500 deoraí Chúbacha a bhí ag traenáil i Meiriceá ar ais go dtí an oileán chun an ruaig a chur ar [[Fidel Castro]] ("Briogáid 2506" an t-ainm a bhí orthu). Níor thóg na Meiriceánaigh aon aerthacaíocht do na saighdiúirí, áfach, agus chuir an tacaíocht láidir a bhí ag Castro iontas orthu freisin. Chomh maith le sin, rinneadh roinnt botúin tábhachtacha. Mar sin, ar an [[19 Aibreán]] [[1961]] bhí formhór na n-ionsaitheoirí maraithe nó faoi ghlas ag Castro. B'éigean do Kennedy idirbheartaíocht a dhéanamh le Castro chun na 1,189 marthanóir a scaoileadh saor. D'aontaigh Cúba fiche mí ní ba déanaí, nuair a thug na Meiriceánaigh $53 milliúin i mbia agus [[leigheas]] dóibh ar malairt. Eachtra a chur an-aiféaltas ar Kennedy ab ea é seo, cé go raibh sé sásta an locht ar fad a ghlacadh.
 
=== Géarchéim na nDiúracán i gCúba ===
[[Íomhá:Kennedy and Khrushchev in Vienna 1961.png|clé|200px|thumb|JFK ag buaileadh le [[Nicíte Cruistsiof]] i [[Vín]] i mí [[Meitheamh]], [[1961]].]]
Thosaigh [[Géarchéim na nDiúracán i gCúba]] ar an [[14 Deireadh Fómhair]] [[1962]], nuair a thóg [[Spiara|spiair]]-[[eitleán]] Meiriceánach [[U-2]] grianghraif ina raibh láithreán [Diúracán balaistíoch|diúracáin]] le feiceáil faoi thógáil i gCúba. Bhí rogha deacair ag Kennedy - ba mhaith leis ionsaí a dhéanamh ar an láithreán, ach ba seans ann go mbeadh cogaidh in aghaidh an [[Aontas Sóivéadach]] mar thoradh. Cuireadh brú ar Kennedy ionsaí a dhéanamh, ach sa deireadh roghnaigh sé [[imshuí]] a chur ar an oileán.
[[Íomhá:McNamara and Kennedy.jpg|clé|mion|244x244px|McNamara agus Kennedy]]
 
Tréimhse corraitheach ab ea é, agus bhí an cuma air go mbeadh cogadh núicléach ag briseadh amach ag am éigean. Thosaigh Kennedy ag plé an fhadhb le [[Nicíte Cruistsiof]], agus bhí comhaontú acu tar éis seachtain. Bhain Cruistsiof na diúracáin amach as gCúba, agus gheall Kennedy nach mbeadh ionradh ar bith ar Chúba arís. Deirtear gur aontaigh Kennedy faoi rún diúracáin Meiriceánacha a thóg amach as [[an Tuirc]] sé mí níos déanaí.
 
=== Éire ===
Ba de bhunadh Éireannach é Kennedy, agus mar thoradh ba mhór an ócáid é sa bhliain 1963 nuair a thug sé cuairt ar [[Éire|Éirinn]]. Bhuail sé le hUachtarán [[Éamon de Valera]], agus bhunaigh siad an "American Irish Foundation" le chéile, chun naisc a chur chun cinn idir na tíre. Chuaigh Kennedy go dtí an teachín ina raibh a chlann féin ina gcónaí sular fhág siad an tír.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
{{UachtaráinSAM}}
8,830

edits