An difríocht idir athruithe ar: "Adam Mickiewicz"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 6:
 
Chuaigh sé ag staidéar in ollscoil [[Vilnias|Vilnius]] (Wilno), agus ansin, chuir sé suim sa [[náisiúnachas]] agus sa [[réabhlóid]]<nowiki/>eachas. San am seo, bhí críochdheighilt tar éis dul ar an bPolainn agus ar an Liotuáin, agus theastaigh ó na Polannaigh a dtír a shaoradh ó bhráca na [[An Phrúis|Prúise]], na [[An Ostair|hOstaire]] is na [[An Rúis|Rúise]]. Mar sin, bhí cumainn rúnda ag obair go gníomhach i measc an aos léinn.
[[Íomhá:Adam Bernard Mickiewicz, Nordisk familjebok.png|clé|mion]]
 
== MickiewiczAn marRúis Scríbhneoiragus an Chrimé ==
I ndiaidh dó a chéim a bhaint amach, chuaigh Adam óg ag [[múinteoir]]<nowiki/>eacht i Kaunas (Kowno) sa Liotuáin.
 
Sa bhliain 1823, tháinig na [[Garda Síochána|péas]] ar a lorg, agus díbríodh as fód a dhúchais é. Shocraigh sé síos i g[[Cathair Pheadair]], ach ó bhí sé tar éis cupla leabhar filíochta a fhoilsiú cheana féin, fuair sé fáilte chairdiúil ó scríbhneoirí Rúiseacha na háite ar thaitin a chuid dánta leo. Thairis sin, chuaigh a chuid dea-bhéasaíochta agus óráidíochta go mór i bhfeidhm ar aos intleachta na [[Cathair (lonnaíocht)|cathrach]]. Sa bhliain 1825, chaith sé seal sa [[An Chrimé|Chrimé]], agus fuair sé inspioráid sraith dánta a chumadh - ''Sonety Krymskie'', nó Soinéid na Crimé.
 
Sa bhliain 1825, chaith sé seal sa [[An Chrimé|Chrimé]], agus fuair sé inspioráid sraith dánta a chumadh - ''Sonety Krymskie'', nó Soinéid na Crimé.

Sa bhliain 1828, d'fhoilsigh sé dán mór eipiciúil - ''Konrad Wallenrod''. Tugann an mórshaothar seo cur síos ar na [[Ridire|Ridirí]] Teotanacha, agus iad ag cur cogaidh ar na Liotuánaigh Phágánta.
[[Íomhá:Mickiewicz.jpg|mion]]
Fáthscéal atá ann a fuair spreagadh ó choimhlint na bPolannach agus na Rúiseach, ach níor aithin cinsirí an tSáir é, agus mar sin, cuireadh an dán i gcló.
 
== An Iodáil ==
Line 18 ⟶ 23:
 
B'ansin a chum Mickiewicz an chéad dá dhán eipiciúla eile, mar atá, ''Dziady'' ("Oíche Shamhna") agus ''Pan Tadeusz'' ("An Tiarna Tadeusz"). [[Úrscéal]] iomlán i bhfoirm véarsaíochta is ea ''Pan Tadeusz'', agus is é an saothar is faide a tháinig as a pheann. Cur síos atá ar shaol na tuaithe is na n-uasal sa Liotuáin (is é sin, i sean-Ard-Diúcacht na Liotuáine, - le fírinne, tá fód dúchais Mickiewicz sa Bhealarúis inniu), agus é suite sa bhliain 1812, faoin am ar fhéach na Polannaigh is na Liotuánaigh lena sean-neamhspleáchas a bhaint amach arís, le cuidiú [[Napoléon Bonaparte|Napoleon]].
[[Íomhá:David d'Angers - Adam Mickiewicz.jpg|clé|mion|Adam Mickiewicz ag David d'Angers (1835)]]
 
== An Fhrainc ==
Sa bhliain 1832, thréig Mickiewicz [[an Iodáil]] agus d'aistrigh sé go [[Páras]]. Chaith sé cúpla bliain i mbochtanas, agus [[Pósadh|phós]] sé Celina Szymanowska, bean Pholannach de phór Ghiúdach. Níor iompaigh an pósadh amach rathúil, nó buaileadh Celina breoite le galar intinne go gairid ina dhiaidh sin. Fuair Adam Mickiewicz post léachtóireachta sa ''Collège de France'', ansin, mar Ollamh le Léann Slavach. San am seo, áfach, bhí sláinte a intinne ag teip air féin, agus an cruachás a ndeachaigh sé tríd. Níor éirigh an léachtóireacht leis, nó bhí sé ag tarraingt cúrsaí polaitíochta agus creidimh chuige nuair ba chóir dó bheith ag tabhairt cuntais ar an litríocht.

Sa bhliain 1844, i ndiaidh trí bliana léachtóireachta, d'éirigh sé as an bpost. Bhí sé faoi thionchar fhealsúnacht Mheisiasach Andrzej Towiański, smaointeoir mistiúil reiligiúnda ón bPolainn a bhí ag cur faoi san [[An Fhrainc|Fhrainc]] i dtús na [[1840idí]], agus ní raibh smaointeachas Towiański ag taithneamh le rialtas na Fraince ná fiú le cuid mhaith de na himirceoirí Polannacha i bPáras.
 
[[Íomhá:Kraków - Pomnik Mickiewicza 01.JPG|thumb|200px|Dealbh cuimhneacháin i gCearnóg Główny (Cracó) do Mickiewicz]]
Line 36 ⟶ 44:
 
Adhlacadh i bPáras é, ach tugadh a chnámha go dtí [[Kraków|Cracó]] sa Pholainn sa bhliain 1900.
[[Íomhá:Autograph-AdamMickiewicz.png|mion]]
 
== Tagairtí ==