An difríocht idir athruithe ar: "An Nachuáitlis"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is í an teanga '''Nahuatl''' nó an '''Nachuáitlis''' an teanga bhundúchasach is tábhachtaí, ó thaobh na staire de, dá labhraítear i [[Meicsiceo]]. Ba í teanga na n[[Astacaigh|Astacach]] í, a raibh ríocht mhór acu i Meicsiceo sular tháinig na ''[[conquistadores]]'' faoi cheannas [[Hernán Cortés]] leis an tír a fhorghabháil.
 
Ceann de na teangacha Út-Astacacha í an ''Nahuatl'', agus í gaolmhar lena lán teangacha bundúchasacha ar fud Mheicsiceo agus iardheisceart na Stát Aontaithe. Áirítear na teangacha ''Shoshone'', ''Comanche'', ''Hopi'', agus ''Ute'' san fhine teangacha seo, mar shampla. Bhí ceann acu, an teanga ''Pipil'', á labhairt chomh fada theas leis an t[[An tSalvadóir|Salvadóir]] féin, agus dlúthghaol aici leis an ''Nahuatl''.