An difríocht idir athruithe ar: "An Nachuáitlis"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Nahuan classification.png|mion|305x305px|rangú teangeolaíoch]]
Is í an [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] '''Nahuatl''' nó an '''Nachuáitlis''' an teanga bhundúchasach is tábhachtaí, ó thaobh na staire[[stair]]<nowiki/>e de, dá labhraítear i [[Meicsiceo]]. Ba í teanga na n[[Astacaigh|Astacach]] í, a raibh ríocht mhór acu i [[Meicsiceo]] sular tháinig na ''[[conquistadores]]'' faoi cheannas [[Hernán Cortés]] leis an [[tír]] a fhorghabháil.
 
== Teangeolaíocht ==
Ceann de na teangacha Út-Astacacha í an ''Nahuatl'', agus í gaolmhar lena lán teangacha bundúchasacha ar fud Mheicsiceo agus iardheisceart na Stát Aontaithe. Áirítear na teangacha ''Shoshone'', ''Comanche'', ''Hopi'', agus ''Ute'' san fhine teangacha seo, mar shampla. Bhí ceann acu, an teanga ''Pipil'', á labhairt chomh fada theas leis an t[[An tSalvadóir|Salvadóir]] féin, agus dlúthghaol aici leis an ''Nahuatl''.
 
Tá canúint éigin ''Nahuatl'' ó dhúchas ag 1.45 milliún duine inniu, agus in imeacht na gcéadta bliain, chuaigh na canúintí ar strae ó chéile, ionas go mbíonn cuid acu dothuigthe ag cainteoirí na gcanúintí eile. Mar sin, is dócha nach aon teanga amháin í an ''Nahuatl'' a thuilleadh, ach dornán teangacha dlúthghaolmhara. Is follasach go raibh tionchar mór ag an Spáinnis ar na canúintí seo go léir. Scéal eile é gur cuireadh an aibítir Laidineach - aibítir na Spáinnise - i bhfeidhm ar an ''Nahuatl'' go gairid i ndiaidh theacht na Spáinneach, agus scríobhadh a lán litríochta, filíochta, staire agus béaloidis síos ó na hAstacaigh i leagan den ''Nahuatl'' nach raibh truaillithe ag an Spáinnis go fóill. Is é seo an leagan Clasaiceach den ''Nahuatl''.
[[Íomhá:Nahuatl dialects map.png|clé|mion|270x270px|Déimeagrafaíocht inniu]]
 
== Stair ==
Tá flúirse litríochta ar fáil sa ''Nahuatl'' Chlasaiceach. Mhair an teanga liteartha á saothrú ar feadh i bhfad ag na manaigh Chríostaí féin, agus iad ag scríobh scéalta cráifeacha Caitliceacha sa teanga leis an gcreideamh a chraobhscaoileadh i measc na mbundúchasach. Bhí sí fiú ina teanga riaracháin i gcuid mhaith bailte móra. Níor tháinig deireadh leis seo ach sa bhliain 1696, nuair a choisc Séarlas a Dó, Rí na Spáinne, teangacha oifigiúla eile seachas an Spáinnis ar fud a Impireachta. Sa bhliain 1770, tháinig reacht nua a chuir deireadh le saothrú an leagain chlasaicigh den ''Nahuatl''. Níor fágadh ach canúintí labhartha in úsáid ina dhiaidh sin.
Tá flúirse [[litríocht]]<nowiki/>a ar fáil sa ''Nahuatl'' Chlasaiceach. Mhair an teanga liteartha á saothrú ar feadh i bhfad ag na [[Manach|manaigh]] [[An Chríostaíocht|Chríostaí]] féin, agus iad ag scríobh scéalta cráifeacha [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitliceach]]<nowiki/>a sa teanga leis an g[[creideamh]] a chraobhscaoileadh i measc na mbundúchasach. Bhí sí fiú ina teanga riaracháin i gcuid mhaith bailte móra.
 
Níor tháinig deireadh leis seo ach sa bhliain 1696, nuair a choisc Séarlas a Dó, Rí na Spáinne, teangacha oifigiúla eile seachas an Spáinnis ar fud a Impireachta.
 
Sa bhliain 1770, tháinig reacht nua a chuir deireadh le saothrú an leagain chlasaicigh den ''Nahuatl''. Níor fágadh ach canúintí labhartha in úsáid ina dhiaidh sin.
 
== Oidhreacht ==
[[Íomhá:Codex florentino 51 9.jpg|mion|225px|Coidéacs Fhlórans (Imleabhar 9, leathanach 51). Tá an téacs ar dheis i Nahuatl.]]
 
Cé nach bhfuil ach teanga mhionlaigh sa ''Nahuatl'' inniu, bhí tionchar tábhachtach aici ar an Spáinnis lena lá. Fuair an Spáinnis a lán téarmaí ar iasacht ón teanga sin le coincheapa nua an Oileáin Úir a ainmniú, agus chuaigh na focail ''Nahuatl'' tríd an Spáinnis ar fud an domhain. Focail ''Nahuatl'' iad ó thús
* "[[seacláid]]" (''xocolatl'', a chiallaíonn "[[uisce]] searbh": bhí deoch seacláide na nAstacach searbh),
* "cadhóit" (mac tíre an Oileáin Úir, ''coyotl''),
* an [[Piobar (spíosra)|piobar]] ''chili'',
* agus an t-[[abhacád]] (an toradh glas - is é is bunchiall leis an bhfocal ''Nahuatl'' ná "magairle", ó shíl na hAstacaigh go raibh an toradh cosúil le magairle ar a dhéanamh).
 
== Réabhlóid 1918 ==
Bhain an [[Réabhlóid Mheicsiceo|réabhlóidí]] [[Emiliano Zapata]] úsáid as an ''Nahuatl'' scríofa nuair a bhí sé ag gríosú na mbundúchasach chun [[Cogadh|cogaidh]] in aghaidh Venustiano Carranza sa bhliain 1918. Seo forógra a bhreac sé síos. Bhain sé úsáid as litriú na Spáinnise de réir mar a rith leis, agus ní fhreastalaíonn an litriú tobchumtha seo go rómhaith ar fhuaimeanna na teanga.
 
Seo forógra a bhreac sé síos. Bhain sé úsáid as litriú na Spáinnise de réir mar a rith leis, agus ní fhreastalaíonn an litriú tobchumtha seo go rómhaith ar fhuaimeanna na teanga.
:''Tlanahuatil Panoloani''
 
:''Tlanahuatil Panoloani''
:''An Altepeme de non cate itech nin tlalpan de netehuiloya den tlanahuatiani Arenas.''
 
:''Axcan cuan nonques tlalticpacchanéhque de non altepeme tlami quitzetzeloa neca tliltic amo cuali nemiliz Carrancista, noyolo pahpaqui ihuan itech nin mahuiztica, intoca netehuiloanime-tlatzintlaneca, ihuan nanmechtitlanilia ze páhpaquilizticatlápaloli ihuan ica nochi noyolo niquinyolehua nonques altepeme aquihque cate qui chihuazque netehuiliztle ipampa meláhqui tlanahuatil ihuan amo nen motenecahuilia quitlahtlaczazque in anmocualinemiliz. tiquintlahpaloa nonques netehuiloanime tlen mocuepan ican nin yolopaquilizticatequi, ihuan quixnamiqui in nexicoaliztle ipan non huei tehuile tlen aic hueliti tlami nian aic tlamiz zeme ica nitlamiliz in tliltic oquichtlanahuatiani, de neca moxicoani, teca mocaya de non zemihcac teixcuepa tlen itoca Venustiano Carranza que quimahuizquixtia in netehuiliztle ihuan quipinahtia to tlalticpac-nantzi "Mexico" zeme quimahuizpolóhtica.''
 
Line 21 ⟶ 36:
 
:"Teachtaireacht atá le scaoileadh timpeall:
 
:Do na bailte móra sa limistéar a bhí ag taobhú leis an nginearál Arenas.
 
:Anois, a mhuintir an domhain seo, a mhuintir na mbailte móra sin, croithigí díbh iarsmaí drochrialtas dubh Carranza, Tá an-lúcháir ar mo chroí. Thar a gcionn siúd atá ag cur cogaidh i mo chuid sluaite, beannaím daoibh ó bhun mo chroí agus impím ar na bailte móra, impím ar a muintir, teacht chun fortachta dúinn sa chath seo ar mhaith leis an gcumhacht chuí, in áit a bheith ag tabhairt orduithe le nósanna maithe bhur saoil a chur ó mhaith. Fearaimid fáilte roimh na trodaithe a thiocfaidh ag cuidiú linn sa dea-obair seo agus a chuirfidh troid ar an gcraosaireacht sa chogadh ghlórmhar seo. Ní chuirfear deireadh leis an gcogadh seo sula mbeidh deireadh curtha leis an tíoránach, leis an gcraosaire úd Venustiano Carranza a bhíonn i gcónaí ag caitheamh anuas ar an gcosmhuintir agus ag baint a leasa féin astu, ag cur cogaidh gan onóir agus ag náiriú Mheicsiceo, tír ár ndúchais."
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}{{síol-mx}}
 
[[Catagóir: Nahuatl]]