An difríocht idir athruithe ar: "An Araibis"

114 bytes added ,  2 bhliain ó shin
m
no edit summary
m
m
 
== Na Teangacha Séimíteacha ==
[[Teangacha Seimíteacha|Teanga Sheimíteach]] í an Araibis, rud a fhágann go bhfuil an dúrud gaolta aici i measc teangacha ársa tábhachtacha [[an Mheán Oirthir]]. Is iad na teangacha Seimíteacha ná:
 
- an [[Acáidis]]. Tá an Acáidis ar ceann de na teangacha is sine a bhfuil eolas againn orthu. Sa Mheasapótaim - in [[An Iaráic|Iaráic]] an lae inniu - a labhraítí í, ach níorbh í féin an teanga is sine a bhí á saothrú ansin. Is amhlaidh gur tháinig sí i leaba na [[Súiméiris]]e, an tseanteanga Mheasapótamach nach raibh aon teanga eile gaolmhar léi, go bhfios dúinn. B'í aibítir na litreach [[dingchruthach]] - "cuneiform" mar a thugann lucht labhartha an Bhéarla uirthi - a d'úsáidtí leis na teangacha seo, eadar [[Acáidis]] agus Shuiméiris[[Suiméiris]], a bhreacadh síos - nó a ghreanadh síos, le bheith beacht.
 
Faoin mbliain 2000 roimh bhreith Chríost a thosaigh an Acáidis ag titim as a chéile, agus gach canúint ag dul a bealach féin. B'iad an [[Aisiris]] agus an Nua-Bháibileoinis an dá chanúint ba tábhachtaí acu seo, ach má bhí féin, chuaigh an chéad cheann acu in éag faoin am a rugadh Críost. Ní léir go fóill cad é an gaol a bhí acu seo le dhá sheanteanga eile ar baisteadh Éablaítis agus Úgairitis orthu. Tá scríbhinní sa chéad teanga le fáil i dTeill Máirdít (Ebla) faoi thrí scór ciliméadar ó dheas d'Aileapó, agus iarsmaí an dara ceann faighte amach ag lucht na seandálaíochta i Rais Seamra (Ugarit) láimh le Lataicia.
 
Tá muid níos eolaí ar chinniúint na dteangacha Séimíteacha Iar-Thuaisceartacha, mar atá, an [[An Aramais|Aramais]] agus an [[An Eabhrais|Eabhrais]] thar aon cheann eile. Dealraíonn sé go dtéann na teangacha seo siar go dtí an Amóirítis, teanga nach bhfuil mórán fágtha di thar na hainmneacha pearsanta i gcartlanna Acáideacha. Bhí an Aramais an-difriúil leis [[an Eabhrais]] cheana nuair a breacadh an dá theanga síos an chéad uair riamh, ach tá aon dlúthghaol amháin, ar a laghad, ag an Eabhrais - [[an Fhéinícis]]. Cuid de na canúintí Féiníceacha, tá siad cosúil leis an Eabhrais agus nach féidir a rá cé acu den dá theanga seo atá i gceist dáiríribh.
 
Ó thaobh an chultúir de, is í an Eabhrais an ceann is tábhachtaí de na teangacha seo. Baineann Eabhrais an Bhíobla leis na blianta 1200-200 roimh bhreith Chríost, ach tá an teanga bheo ar fáil ina lán cáipéisí ó na blianta ina dhiaidh sin freisin - go háirithe sa [[Talmúd]]. Bailiúchán de litríocht saíochta, fealsúnachta agus teagaisc is ea an Talmud. Chuaigh an Eabhrais in éag mar theanga labhartha faoin am a rugadh Críost, agus an Aramais á leitheadú mar a bheadh loscadh sléibhe ann. Ar ndóighe, níor éirigh lucht léinn an Ghiúdachais riamh as a seanteanga a shaothrú sna scríbhinní; agus san fhichiú haois thosaigh na [[Siónachas|Siónaigh]] ag labhairt Eabhrais lena gclann leis an teanga a athbheochan mar ghnáthurlabhra phobail.
Nuair a chuaigh daoine de lucht labhartha na hAraibise Theas a chónaí san [[An Aetóip|Aetóip]] fadó, chuir siad tús le forbairt na Sean-Amairise (ná tóg in ainriocht na hAramaise í, ní hionann an dá theanga!) nó an teanga [[Ge'ez]], a úsáidtear i gcónaí mar theanga naofa in Eaglais na nOrtadocsach Cóipteach san Aetóip. Thairis sin, saothraítear an Nua-Amairis mar theanga scríofa inniu, in éineacht le cúpla canúint nó teanga eile a d'eascair ón tsean-Amairis fosta. Is í an Tigrinis an ceann is tábhachtaí acu seo, nó is í teanga oifigiúil na h[[An Éaraitré|Éaraitré]] í.
 
Cuid de na saineolaithe, áfach, - an scoláire [[Iosrael]]ach [[Roibeard Hetzron]] thar aon duine eile - tá siad inbharúla nach bhfuil ag an [[Araibis Thuaidh]] ach lúb bheag ghaoil leis an Araibis Theas agus na [[teangacha Amaracha]] san [[Aetóip]]. Síleann an scoil seo go bhfuil an Araibis sa ghrúpa céanna leis an Eabhrais agus an Aramais.
 
== Trí Theanga Ghaolmhara in Aon Chorcán le Chéile ==
Cibé faoi sin, tá lucht an tsaineolais féin ag dul in éadóchas ag iarraidh crann ceart ginealais a líniú do na teangacha Seimíteacha. Nó tá na teangacha seo i ndiaidh an-lorg a fhágáil ar a chéile.
 
Mar shampla, cuid mhór den Aramais atá ar caomhnú, is Aramais le scríbhneoirí Giúdacha í a bhí go mór faoi thionchar na hEabhraise. Ansin, is í an bharúil atá ag na scoláirí taobh amuigh den domhan Ioslamach go bhfuil Araibis [[an Chóran|an Chórain]] breac le hiasachtaí Aramaise, toisc go bhfuil baint ag an gCóran féin le traidisiún na gCríostaithe is na nGiúdachn[[Giúdach]]. B'í an Aramais [[francbhéarla]] (lingua franca) an traidisiúin seo sa Mheán-Oirthear, agus na téarmaí ab fhearr le fáil inti chun cur síos a thabhairt ar na coincheapa reiligiúnach. (Is gá a phointeáil amach nach bhfuil na scoláirí Ioslamacha róshásta leis an teoiric seo, nó níl sé ag teacht go rómhaith leis an ráiteas sa Chóran a deir gur ''Córan Araibise a rinne Muid'' [=Dia] ''de, i gcruth is go dtuigfeadh sibh é''.)
 
Thairis sin, nuair a shocraigh na sluaite móra de Ghiúdaigh síos i dtíortha Ioslamacha le teacht slán ó na géarleanúintí barbartha a bhí ar cois ag na Críostaithe, is léir gur fhág sin faoi thionchar na hAraibise iad, agus iad ag forbairt na hEabhraise mar theanga léannta. Agus arís, an cineál Aramaise a labhraítear sa Mheán-Oirthear inniu, tá sí á saothrú ag daoiní a bhfuil cónaí orthu i dtíortha Arabacha, daoine a chaithfeas Araibis a tharraingt orthu agus iad ag caint le lucht údaráis an stáit. Fágann an Araibis a lorg ar chaint bheo na hAramaise inniu, mar sin, agus an dá theanga chomh dlúth sin i dteagmháil le chéile. An tSean-Aramais a chleachtaíodh lucht léinn an Ghiúdachais i gcuid de na scríbhinní naofa Giúdacha, is léir gur "Aramais Ghiúdach" atá ann, Aramais a cuireadh in oiriúint do riachtanaisí téarmaíochta an Ghiúdachais - agus an Eabhrais ag soláthar na téarmaíochta, nó múnlaí a húsáide, ar a laghad.
* VERSTEEGH, Kees: ''The Arabic Language''. Edinburgh University Press, Dún Eideann 1997
 
== Naisc Tagairtí==
{{reflist}}
 
== Naisc sheachtracha==
{{IdirVicí|cód=ar}}
* [http://arabworld.nitle.org/texts.php?module_id=1&reading_id=17&sequence=1 NITLE Arab World Project] - Sliocht as leabhar Versteegh ar an Idirlíon
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
{{Teangacha oifigiúla na NA}}
{{DEFAULTSORT:Araibis, An}}
[[Catagóir: Teangacha Afra-Áisicena hAfraice]]
[[Catagóir: Teangacha na hÁise]]
[[Catagóir:Teangacha naTeangacha hAfraiceSeimíteacha]]
[[Catagóir:An tIoslamTeangacha Afra-Áisice]]
[[Catagóir: An tIoslam]]
13,273

edits