An difríocht idir athruithe ar: "An Araibis"
Content deleted Content added
Réaltaeolais (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
Réaltaeolais (plé | dréachtaí) |
||
Líne 36:
Cibé faoi sin, tá lucht an tsaineolais féin ag dul in éadóchas ag iarraidh crann ceart ginealais a líniú do na teangacha Seimíteacha. Nó tá na teangacha seo i ndiaidh an-lorg a fhágáil ar a chéile.
Mar shampla, cuid mhór den Aramais atá ar caomhnú, is Aramais le scríbhneoirí Giúdacha í a bhí go mór faoi thionchar na hEabhraise. Ansin, is í an bharúil atá ag na scoláirí taobh amuigh den domhan Ioslamach go bhfuil Araibis [[an
Thairis sin, nuair a shocraigh na sluaite móra de Ghiúdaigh síos i dtíortha Ioslamacha le teacht slán ó na géarleanúintí barbartha a bhí ar cois ag na Críostaithe, is léir gur fhág sin faoi thionchar na hAraibise iad, agus iad ag forbairt na hEabhraise mar theanga léannta. Agus arís, an cineál Aramaise a labhraítear sa Mheán-Oirthear inniu, tá sí á saothrú ag daoiní a bhfuil cónaí orthu i dtíortha Arabacha, daoine a chaithfeas Araibis a tharraingt orthu agus iad ag caint le lucht údaráis an stáit. Fágann an Araibis a lorg ar chaint bheo na hAramaise inniu, mar sin, agus an dá theanga chomh dlúth sin i dteagmháil le chéile. An tSean-Aramais a chleachtaíodh lucht léinn an Ghiúdachais i gcuid de na scríbhinní naofa Giúdacha, is léir gur "Aramais Ghiúdach" atá ann, Aramais a cuireadh in oiriúint do riachtanaisí téarmaíochta an Ghiúdachais - agus an Eabhrais ag soláthar na téarmaíochta, nó múnlaí a húsáide, ar a laghad.
|