An difríocht idir athruithe ar: "Túr Claonta Pisa"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 6:
 
Bhí cáil ar an túr de bhrí go raibh sé ag claonadh ó [[1838]], agus an claonadh ag méadú.
[[Íomhá:Leaning tower of pisa cyark.JPG|clé|mion]]
 
==An 20ú haois==
Line 11 ⟶ 12:
 
Dhúntaí do chuairteoirí é cuid mhaith den am ó [[1990]] ar eagla na heagla. Cuireadh 14 saineolaí, saineolaithe idirnáisiúnta cuid acu, i mbun seifteanna a bheartú chun an claonadh a laghdú is an túr a shábháil.
[[Íomhá:Leaning tower of Pisa in italy.JPG|mion]]
 
Ar dtús bhaineadar triail as [[coincréit]] a chur faoin túr ar an taobh a bhí ag ísliú, ag ceapadh go mbrúfadh sé seo an túr suas ar an taobh sin. Ach thapaigh sé seo an claonadh, agus faoi 1997 bhí an barr 5.2 m amach ón [[ingearán]], agus dúnadh do chuairteoirí go hiomlán é.
 
Faoi dheireadh, bhain siad feidhm as modh eile, bunaithe ar an tuiscint go bhfuil an [[ithir]] faoin túr cosúil le meascán de [[Glóthach|ghlóthach]] is cúr-[[rubar]], agus an túr mar a bheadh sé ag [[snámh]] air.

Baineadh ithir go cúramach ón taobh den túr a bhí ag éirí, le feisteas simplí [[druilire|druileála]]. Timpeall 90 tonna ithreach a baineadh, rud a stop an ráta claonta, a chuir an túr i [[Cothromaíocht|gcothromaíocht]], agus a chuir ag filleadh ar an ingearán é.
 
==An 21ú haois==