An difríocht idir athruithe ar: "Charles Dickens"

Content deleted Content added
→‎Luathshaol: seimhiú in easnamh
→‎Bochtanas: do níos fearr ná de
Líne 32:
Ba é Charles óg an t-aon duine acu nach ndeachaigh sa phríosún, ó bhí Elizabeth Roylance, cara de chuid an teaghlaigh, sásta dídean a thabhairt dó i gCamden Town. Chuaigh eachtra an phríosúin go mór i bhfeidhm ar Charles mar sin féin, agus bhain sé an-ghaisneas as na cuimhní seo sa chur síos a thug sé ar phríosún na bhféichiúnaithe ina úrscéal ''Little Dorrit''.
[[Íomhá:Catherine Dickens.jpg|mion|Catherine Dickens]]
Go gairid roimh chimiú a athar, áfach, thosaigh Charles ag obair i [[monarcha]] snasán bróg, Warren's Blacking Warehouse, i Hungerford Stairs, timpeall ar an áit a bhfuil stáisiún [[Traein|traenach]] [[Charing Cross]] inniu. Bhí sé ag saothrú sé scillinge an t[[seachtain]] ag greamú lipéid dedo phrócaí snasán bróg.
 
Obair throm chruálach a bhí ann a chuaigh go mór mór i bhfeidhm ar Charles óg, agus is iomaí uair a chaith sé súil ar shaol na bpáistí a bhí ag obair i monarchana na linne i Sasana ina chuid úrscéalta. Tharraing saoltaithí an oibrí páiste súil an scríbhneora ar chúrsaí an tsaoil oibre agus ar na fadhbanna sóisialta a bhí ag baint leis an obair thionsclaíoch sa [[tír]].