An difríocht idir athruithe ar: "Úfó"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 42:
== J. Allen Hynek agus na hÚfónna ==
 
Iad siúd atá eolach ar stair an fhicsin eolaíochta, is dócha gur aithin siad teideal an [[Close Encounters of the Third Kind (scannán)|scannáin]] a bhain amach a chlú do [[Steven Spielberg]] thiar sna [[1970idí]]. Bhí an tOllamht[[J. Allen Hynek|Ollamh Hynek]] páirteach i ndéanamh an scannáin mar chomhairleoir eolaíoch. Maidir le saol Hynek féin, ollamh fiúntach le réalteolaíocht a bhí ann, go dtí gur earcaigh [[Aerfhórsa na Stát Aontaithe|Aerfhórsa]] na [[SAM|Stát Aontaithe]] é le scagadh a dhéanamh ar na tuairiscí a bhí tugtha ag na heitleoirí ar na húfónna a bhí feicthe acu. Bhí Hynek drochamhrasach go maith i dtaobh na n-úfónna ar tús, ach de réir a chéile, d'éirigh sé iontach díograiseach fúthu, agus é suite siúráilte gur feiniméan tábhachtach a bhí i gceist - nó sin é an port a bhíodh sé a sheinm leis na meáin chumarsáide, ar a laghad.
 
Bíonn lucht díograise na h-"úfó-eolaíochta" ag áitiú orainn, ar ndóigh, gur spásárthaí de chuid na n-arrachtach eachtardhomhanda iad na húfónna. Is mór an taca dóibh é gur athraigh saineolaí oilte cosúil le Hynek a bharúil i dtaobh na bhfeiniméan seo i rith a chuid taighde orthu. Nach mba chóir na húfónna a ghlacadh i ndáiríre anois, ó chuaigh leithéid Hynek le húfó-eolaíocht i ndiaidh dó spléachadh a thabhairt ar na comhaid rúnda? - Sin é an cineál caint a chluinfeá ag na díograiseoirí. Ar an drochuair, tá míniú eile ann: nuair a tháinig deireadh le tionscadal an Aerfhórsa, bhí Hynek chomh sáite sna húfónna agus nach raibh sé in ann leanúint leis ag déanamh taighde ar an bhfíor-réalteolaíocht a thuilleadh. Ós rud é go raibh bia agus beatha de dhíth air mar sin féin, agus é in ann a thuiscint go raibh airgead mór i gcultas na n-úfónna, chuaigh sé ag tabhairt óráidí do na díograiseoirí lena chuid a shaothrú, agus é ag cur gothaí an díograiseora air féin leis an lucht féachana. Sin é an chiall chiniciúil is féidir a bhaint as an scéal.