An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Breathnach"

Content deleted Content added
 
Naisc
Líne 1:
Rugadh '''Micheál Breathnach''' (1881-1908) ar an Lochán Beag, i [[Cois Fharraige|gCois Fharraige]] an [[16 Meán Fómhair|16ú Meán Fómhair]] [[1881]]. D’fhreastail sé ar scoil an Chnoic. Is ansin a d’fhoghlaim sé Béarla ar dtús. Bhí sé ina chúntóir sa scoil sin níos deireanaí. Nuair a bhí sé fiche bliain d’aois, fuair sé post mar Rúnaí ar Chraobh Londain de [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]]. Scríobh sé aistí do An Claidheamh Solais. Foilsíodh ‘Cuan na Mara agus a Mhuintir’ in Irisleabhar na [[Gaeilge]]. Bhí duais Oireachtais bainte amach ag an aiste sin i 1903. Ceithre bliana a chaith sé i [[Londain]], áit a raibh sé gnóthach in imeachtaí an Chonartha.
 
Thugadh sé ranganna Gaeilge i Londain. Ar Londain a fhágáil dó, fuair sé post mar Ard-Ollamh i gColáiste Chonnacht, i dTuar Mhic Éadaigh, Maigh Eo. Chuir sé aithne ar Cholm Ó Gaora, a bhí ina mhúinteoir taistil le Conradh na Gaeilge ag an am. Ní raibh an tsláinte go maith faoin tráth seo aige. Bhí an eitinn tolgtha aige.