An difríocht idir athruithe ar: "Abrogans"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
Is é an t'''Abrogans''' an chéad [[foclóir|fhoclóir]] [[An Ghearmáinis|Gearmáinise]] atá ann, agus é ar an leabhar Gearmáinise is sine dá bhfuil fágtha, freisin. Creidtear gurb é [[Arbeo von Freising]], a cailleadh sa bhliain [[783]] nó [[784]], a scríobh an foclóir seo. Thángthas ar chóip lámhscríofa den leabhar seo i [[Sankt Gallen]] san [[An Eilvéis|Eilvéis]], áit a raibh mainistir fadó. Tá an foclóir ainmnithe as an chéad iontráil atá ann, an focal [[An Laidin|Laidine]] úd ''abrogans''. Is é an leagan Gearmáinise a thugann an foclóir ar an bhfocal seo ná ''dheomodi'' - ''demütig'' i nGearmáinis an lae inniu, nó "umhal".
 
Dealraíonn sé gur foclóir comhchéille a bhí ann ar dtús, nach raibh ach ag míniú focal Laidine le focail Laidine eile, agus nár cuireadh na míniúcháin Ghearmáinise leis na focail Laidine ach in athleaganacha den fhoclóir. Cibé faoi sin, tá sé ar na foinsí is tábhachtaí amuigh ag an scoláire atá ag déanamh staidéir ar an gcineál Gearmáinise a labhraítí i ndeisceart na Gearmáine fadó.