An difríocht idir athruithe ar: "Nua-Eabhrac (stát)"

Content deleted Content added
figiúir daonra a nuashonrú
mNo edit summary
Líne 42:
Chuir daoine fúthu san áit ina bhfuil Stát Nua-Eabhrac anois timpeall 10,000 bliain ó shin. Treibheanna [[Algancach]]a a bhí i ndeisceart agus oirthear an stáit le fada an lá faoin am ar tháinig na chéad Eorpaigh. Bhí an pobal Lenape sa deisceart agus i ngleann an Hudson suas leath an bhealaigh go hAlbany, a bheagán nó a mhórán; agus bhí na Mahican ní b'fhaide thoir thuaidh. Tháinig na h[[Iroquois]] aneas as na sléibhte Apaláiseacha timpeall na bliana 800 agus chuir siadsan fúthu in iarthar agus i dtuaisceart Nua-Eabhrac. Cónaidhm de chúig threibh a bhí ann, mar atá (agus ag dul ó oirthuaisceart Nua-Eabhrac siar) na [[Móháic|Móhácaigh]], Oneida, Onondaga, Cayuga agus Seneca. Chónaíodh na Móhácaigh taobh thuaidh de na Lenape. I ndiaidh teacht na nEorpach, thréig na Tuscarora, treibh Iroquois eile, a ndúiche i [[Carolina Thuaidh]] agus chuir siad fúthu i Nua-Eabhrac mar an séú treibh den chónaidhm.
 
Thaiscéalaigh roinnt Eorpach an cósta Atlantach, agus ar [[11 Meán Fómhair]] na bliana [[1609]] rinne [[Henry Hudson]], [[Sasanach]] i seirbhís na h[[An Ísiltír|Ísiltíre]], a bhealach isteach i mBá uachtair Nua-Eabhrac. Cé go ndeachaigh na [[An Fhrainc|Francaigh]] isteach i dtuaisceart Nua-Eabhrac ar mhaitheas taiscéalaíochta, fionnadh agus iompó na nIndiach ina g[[Caitliceach]], ba iad na Dúitsigh na chéad Eorpaigh a chur fúthu sa stát, ag Fort Orangie ar shuíomh [[Albany, Nua-Eabhrac|Albany]] an lae inniu, sa bhliain [[1624]]. Ba iadsan freisin a chuir cathair [[Nieuw Amsterdam]] ("Amstardam nua") ar bun sa bhliain [[1625]], agus de réir an scéil choitinn, cheannaigh [[Peter Minuit]] oileán [[Manhattan]] ó na [[Indiach|hIndiaigh]] ar bheagán áilleagán arbh fhiú $24 iad.
 
[[Íomhá:Halve Maen approaching Manhattan 28 June 2009.jpg|mion|250px|Athdhéanamh ar an ''Halve Maen'' ("Leath ghealaí") ar a bealach thar íochtar Manhattan, mar a rinne an ''Halve Maen'' faoi stiúradh Henry Hudson sa bhliain [[1609]].]]
Ó 1609 go 1701 bhí Cogaidh na m[[Béabhar]] ar bun, coimhlint a tháinig as an comórtas idir na dtreibheanna ar son an bhuntáiste i dtrádáil na bhfionnadh leis na hEorpaigh. Bhí an bua ag na hIroquois ar na treibheanna ar gach taobh díobh. Bhí ar na hIroquois géilleadh roimh na Francaigh i lár an 17ú haois ach d'éirigh eatarthu an athuair. Shínigh ceannairí na nIroquois an conradh ar a báisteadh Síochán Mór Mhontréal sa bhliain 1701, rud a chuir críoch leis an gcogaíocht eatarthu ar choinníollacha i bhfábhar na nIroquois. Bhí na Sasanaigh ag dul i neart sa réigiúin faoin am sin agus chonacthas do na hIroquois go mbeadh an lámh in uachtar acu féin ach an dá ghrúpa Eorpach a chur in éadan a chéile.