An difríocht idir athruithe ar: "An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)"

no edit summary
[[Íomhá:Home Rule- 'Oh! Henry where did you get that cigar and why are you smoking it?' (22906005345).jpg|mion|Chuaigh na polaiteoirí sa Bhreatain trí anás uafásach le "Home Rule", c1905-1910]]
[[Íomhá:Home Rule (1920) - 1.jpg|mion|American comedy short film ''Home Rule'' (1920) with Chester Conklin]]
Chuir [[Rialtas na Ríochta Aontaithe|rialtas na Breataine]] an t'''Acht um Rialtas na hÉireann''' i bhfeidhm ar [[23 Nollaig]] [[1920]]. Bhí an tAcht bunaithe ar an gCeathrú Bille um [[Rialtas Dúchais]] na [[Éire|hÉireann]]. Reachtaíodh é le cur leis an ngealltanas a bhí tugtha ag Rialtas na Breataine le fada Rialtas Dúchais a bhronnadh ar [[Éire|Éirinn,]] tar éis [[an Chéad Chogadh Domhanda]].
 
Mar sin, nuair a tugadh an Rialtas Dúchais isteach, bhí a phort seinnte roimh ré. nó ní bheadh na [[Náisiúnachas in Éirinn|Náisiúnaithe Éireannacha]] sásta ach le [[Neamhspleách (polaitíocht)|neamhspleách]]<nowiki/>as iomlán. Bhí, fiú, [[Óglaigh na hÉireann (1919-1922)|fórsaí armtha Phoblacht na hÉireann]] ag cur cogaidh ar na Sasanaigh cheana leis an gcuspóir seo a bhaint amach.
 
== Dhá Stát faoi Rialtas Dúchais - Struchtúr an Rialtais ==
 
Ba é an tAcht seo a rinne [[Críochdheighilt na hÉireann|críochdheighilt]] ar Éirinn. Dealaíodh sé chontae - [[Contae an Dúin|an Dún]], [[Aontroim]], [[Ard Mhacha]], [[Contae Fhear Manach|Fear Manach]], [[Contae Dhoire|Doire]] agus [[Contae Thír Eoghain|Tír Eoghain]] - ón gcuid eile den tír, chomh maith leis an dá bhuirg úd [[Béal Feirste]] agus [[Doire]]. Ba é seo uasmhéid an limistéir ina bhféadfadh na hAontachtóirí an tromlach a choinneáil slán, ach san am céanna, fágadh cuid mhaith [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitlicigh]] i bhFear Manach agus i dTír Eoghain taobh istigh den teorainn.
Tháinig parlaimint an Tuaiscirt ar an bhfód de réir an Achta, ach nuair a vótáladh na [[Teachta Dála|feisirí]] isteach ar pharlaimint an Deiscirt, staon an chuid ba mhó acu ó chruinniú bunaidh na parlaiminte sin. Ní raibh ach beirt [[Aontachtóirí na hÉireann|Aontachtóirí]] ó [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Choláiste na Tríonóide]] i láthair ansin. Chruinnigh na feisirí eile in áit dá gcuid féin, agus d'fhógair siad gurbh iadsan [[Dáil Éireann]], nó parlaimint Phoblacht neamhspleách na hÉireann.
 
== Torthaí ==
Níor thionóil parlaimint an Deiscirt ina hiomláine ach aon uair amháin. Nó nuair a bhí an [[Conradh Angla-Éireannach]] sínithe, bhí faomhadh na parlaiminte seo ag teastáil ar chúiseanna foirmiúla. Mar sin, tháinig Teach Teachtaí Dheisceart Éireann le chéile aon uair amháin le glacadh leis an gConradh, agus ansin, scoireadh ar an toirt é le go bhféadfadh an Tríú [[Dáil Éireann|Dáil]] teacht ina áit.