An difríocht idir athruithe ar: "An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)"

 
==Cúlra ==
[[Íomhá:Charles Stewart Parnell at meeting.jpg|clé|mion|Charles Stewart Parnell, roimh 1881]]
 
Rinneadh a lán iarrachtaí i rith na [[19ú haois|naoú haoise déag]] agus i dtús na [[20ú haois|fichiú haoise]] le féinrialtas teoranta, nó [[Rialtas Dúchais]], a bhaint amach d'Éirinn. Sa bhliain 1886, dhiúltaigh Teach na dTeachtaí don chéad Bhille um Rialtas Dúchais na hÉireann faoi bhrú na stocaireachta a bhí idir lámhaibh ag na hAontachtóirí agus na hOráistigh. Chuaigh scoilt ar an bPáirtí Liobrálach de dheasca an bhille seo. Sa bhliain 1893, rith Teach na dTeachtaí an dara Bille um Rialtas Dúchais, ach ansin, chros Teach na dTiarnaí é, agus ní dheachaigh sé ar leabhar na reacht riamh. Sa bhliain 1911, áfach, chaill Teach na dTiarnaí a chumhacht crosta, agus mar sin, nuair a chuir [[Páirtí Parlaiminteach na hÉireann]] an tríú Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann faoi bhráid na Parlaiminte sa bhliain 1912, ní raibh cead ag na Tiarnaí é a chur ar ceal a thuilleadh. Scéal eile é go raibh siad in inmhe é a chur ar fionraí go ceann dhá bhliain.
[[Íomhá:Gladstone debate on Irish Home Rule 8th April 1886 ILN.jpg|mion|322x322px|8 Aibreán 1886: Gladstone dhiúltaigh Teach na dTeachtaí an chéad Bhille um Rialtas Dúchais na hÉireann]]
 
Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, d'athraigh atmaisféar polaitiúil na hÉireann go mór. Sa bhliain 1916, [[Éirí Amach na Cásca|d'éirigh Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann amach]] in aghaidh na nGall i m[[Baile Átha Cliath]]. Chuaigh aisfhreagra na Sasanach ar an Éirí Amach glan oscartha thar fóir, agus iad ag cimiú náisiúnaithe nach raibh baint ar bith acu leis an Éirí Amach. Dá réir sin, chuaigh meon na nÉireannach chun radacachais, forbairt ar chuir Géarchéim an Choinscríofa 1918 tuilleadh luais léi.
[[Íomhá:Sinn Féin election poster - 1918.jpg|mion|Sinn Féin, 1918]]
 
Tháinig Sinn Féin chun tosaigh, agus an Páirtí Parlaiminteach ag cailleadh tábhachta go tiubh mar ghuth an náisiúnachais Éireannaigh. In Olltoghcháin na bliana 1918, bhain Sinn Féin amach trí cinn déag is trí scór de na suíocháin pharlaiminteacha, cúig cinn thar chúig scór, a bhí ag dul d'Éirinn, agus tháinig siad le chéile beag beann ar pharlaimint Westminster, mar pharlaimint neamhspleách Éireannach, nó Dáil Éireann. Ghair siad stát neamhspleách d'Éirinn, nó Poblacht na hÉireann.
 
 
==Dhá Stát faoi Rialtas Dúchais - Struchtúr an Rialtais ==
[[Íomhá:Irish UK election 1918.png|clé|mion|Toghchán 1918]]
 
Ba é an tAcht seo a rinne [[Críochdheighilt na hÉireann|críochdheighilt]] ar Éirinn. Dealaíodh sé chontae - [[Contae an Dúin|an Dún]], [[Aontroim]], [[Ard Mhacha]], [[Contae Fhear Manach|Fear Manach]], [[Contae Dhoire|Doire]] agus [[Contae Thír Eoghain|Tír Eoghain]] - ón gcuid eile den tír, chomh maith leis an dá bhuirg úd [[Béal Feirste]] agus [[Doire]]. Ba é seo uasmhéid an limistéir ina bhféadfadh na hAontachtóirí an tromlach a choinneáil slán, ach san am céanna, fágadh cuid mhaith [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitlicigh]] i bhFear Manach agus i dTír Eoghain taobh istigh den teorainn.
 
 
Bhí sé ceaptha go mbeadh Fear Ionad an Rí - nó an tArd-Leifteanant - os cionn an dá stát in Éirinn ó thaobh na cumhachta feidhmithí de. Bheadh an t-údarás feidhmitheach dílsithe don [[Coróin|Choróin]], agus ní bheadh [[parlaimint]]<nowiki/>eachas ar bith ann. Mar sin, bheadh Fear Ionaid an Rí ag ainmniú na n[[Aire Rialtas|Airí Rialtais]] thar cionn an Rí, beag beann ar pharlaimint an dá stát. Bhí Comhairle ar leith - Comhairle na hÉireann - le cur ar bun freisin le caidreamh an dá pharlaimint a chomhordú.
[[Íomhá:Parliament Buildings Stormont 5.jpg|mion|Stormont]]
 
Tháinig parlaimint an Tuaiscirt ar an bhfód de réir an Achta, ach nuair a vótáladh na [[Teachta Dála|feisirí]] isteach ar pharlaimint an Deiscirt, staon an chuid ba mhó acu ó chruinniú bunaidh na parlaiminte sin. Ní raibh ach beirt [[Aontachtóirí na hÉireann|Aontachtóirí]] ó [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Choláiste na Tríonóide]] i láthair ansin. Chruinnigh na feisirí eile in áit dá gcuid féin, agus d'fhógair siad gurbh iadsan [[Dáil Éireann]], nó parlaimint Phoblacht neamhspleách na hÉireann.