An difríocht idir athruithe ar: "Cíteasol"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 5:
 
[[Sreabhán]] taobh istigh de chealla bitheolaíocha is ea '''cíteasol'''. I nduine fásta bíonn timpeall 28 líotar de. Ní hionann a chomhdhéanamh i ngach [[fíochán]], mar braitheann sé sin ar fheidhmeanna ar leith na bhfíochán. Chomh maith le huisce, is iad a phríomhchomhábhair ná iain [[Potaisiam|photaisiam]], [[fosfáití]] orgánacha, is próitéiní.
Bíonn sé roinnte ina [[Urann cheallach|urrainní]] ar leith ag scannáin. Mar shampla, scarann an [[maitrís mhiteacoindreach|mhaitrís mhiteacoindreach]] an [[Miteachoindre|mhiteacoindre]] i go leor urrann. Sa [[Eocarót|chill eocarótach]], tá an cíteasol laistigh den [[cillscannán|chillscannán]] agus tá sé mar chuid den [[Cíteaplasma|chíteaplasma]], a chuimsíonn freisin na miteacoindrí]], [[plastaid|plastaidí]], agus [[orgánaid|orgánaidí ]]eile (ach ní a sreabháin inmheánacha agus a struchtúir); tá an n[[úicléas cille ]]léi féin. Dá bhrí sin, maitrís leachtach timpeall na n-orgánaidí is ea an cíteasol. Sna [[Prócarót|prócaróit]] , cuirtear an chuid is mó de na himoibrithe [[Meitibileacht|meitibileacha]] ceimiceacha ar siúl sa cytosol, fad a tharlaíonn beagán sna scannáin nó sa spás [[peireaphlasm|peireaphlasmach]]. Sna eocaróit, cé go mbíonn go leor [[bealach meitibileach]] fós ann sa chíteasol, tarlaíonn cinn eile taobh istigh de na horgánaidí.
 
Meascán casta de shubstaintí leáite in uisce is ea cíteasol. Cé gurb é an t-uisce tromlach mór an chíteasoil, níl tuiscint maith ar a struchtúr agus ar a n-airíonna laistigh de na cealla. Tá tiúchan na n-[[ian]], mar shampla [[sóidiam]] agus [[potaisiam]], difriúil sa chíteasol ná mar atá sa [[sreabhán eachtarcheallach]]; tá na difríochtaí seo i leibhéil na n-ianian tábhachtach i bpróisis mar osmairialú, comharthaíocht na gceall, agus giniúint [[poitéinsil gníomhaithe]] i gcealla sochorraithe, mar shampla cealla inchríneacha, néarógacha and matánacha. Tá méideanna móra macromóilíní sa chíteasol freisin, rud a d'fhéadfadh athrú a dhéanamh ar conas a iompraíonn móilíní trí phlódú macromóilíneach.