An difríocht idir athruithe ar: "Constance Gore-Booth Markiewicz"

no edit summary
m
|}}
 
[[Polaitíocht|Polaiteoir]], [[Náisiúnachas in Éirinn|náisiúnaí]] agus réabhlóidí[[réabhlóid]]í [[Éire]]annach ab ea '''Constance Gore-Booth''', níos deireanaí an ''Chuntaois Constance Markievicz'' ([[4 Feabhra]] [[1868]] [[Londain]] – [[15 Iúil]] [[1927]] [[Baile Átha Cliath]]). "An Chuntaois Dhearg" a thugtaí uirthi mar gheall ar a cuid tuairimí [[Sóisialachas|sóisialacha]]. Áirítear ar laochra náisiúnta na hÉireann í. Is é "Markie'''v'''icz" gnáthlitriú a sloinne a úsáidtear in [[Éire|Éirinn]] sa lá atá inniu ann, ach is é an litriú a úsáidtear sa [[Polainnis|Pholainnis]] ná "Markie'''w'''icz", nó is mar v an Bhéarla a fhuaimnítear w na Polainnise. Nuair a scríobhadh an chéad bheathaisnéis Polainnise fúithi, ba é an leagan a d'úsáid an t-údar ná ''Konstancja Markiewiczowa''.
 
== Laethanta a hÓige ==
[[Íomhá:Eva Selina Laura Gore-Booth and her sister Constance Gore-Booth, later known as the Countess Markievicz.jpg|clé|mion|Eva Selina Laura Gore-Booth agus a deirfiúr, Constance Gore-Booth (ar dheis)]]
Saolaíodh Constance Georgine Gore-Booth i m[[Buckingham Gate]] i [[Londain]], agus b'é [[Sior Henry Gore-Booth]], an taiscéalaí [[Aigéan Artach|Artach]], a hathair. Bhí sí ar an iníon ba shine sa teaghlach. Murab ionann agus formhór mór na dtiarnaí talún in [[Éire|Éirinn]], ní raibh Sior Henry ag dúshaothrú a chuid tionóntaí. Mar sin, más amhlaidh féin gur bean uasal ab ea Constance, d'fhoghlaim sí trócaire agus daonnacht i leith na mbochtán agus í ag fás aníos. Bhí eastát an teaghlaigh, Teach Lios an Daill, suite i [[Contae Shligigh|gContae Shligigh]] in iarthuaisceart na hÉireann. Chuaigh Eva, deirfiúr Constance, le gluaiseacht an luchta oibre agus le gluaiseacht na mban, a bhí san am sin ag troid ar son chearta vótála na mban. Bhí an bheirt acu cairdiúil le [[W. B. Yeats|William Butler Yeats]], an [[filíocht|file]], agus é ag teacht ar cuairt go minic. D'fhág a chuid smaointeachais a lorg ar shaoldearcadh na ndeirfiúracha i leith na healaíne agus na polaitíochta.
Saolaíodh Constance Georgine Gore-Booth i mBuckingham Gate i [[Londain]], agus b'é Sior Henry Gore-Booth, an taiscéalaí [[Aigéan Artach|Artach]], a hathair. Bhí sí ar an iníon ba shine sa [[teaghlach]].
 
Murab ionann agus formhór mór na dtiarnaí talún in [[Éire|Éirinn]], ní raibh Sior Henry ag dúshaothrú a chuid tionóntaí. Mar sin, más amhlaidh féin gur bean uasal ab ea Constance, d'fhoghlaim sí trócaire agus daonnacht i leith na mbochtán agus í ag fás aníos.
== Pósadh agus Luathpholaiteoireacht ==
[[Íomhá:Constance2.gif|mion|clé|upright|Constance Markiewicz in éineacht lena hiníon Maeve agus a leasmhac]]
Theastaigh ó Constance dul leis an [[ealaín]]. Sa bhliain [[1893]], chuaigh sí ag foghlaim ealaíontóireachta i Scoil Slade i Londain. Ina dhiaidh sin, thug sí aghaidh ar [[Páras|Pháras]], áit ar casadh an Cunta Polannach-Úcráineach Kazimierz Markiewicz (Casimir Dunin-Markievicz) uirthi. Ealaíontóir ab ea é agus baint aige le teaghlach uasal saibhir [[An Pholainn|Polannach]], ach bhí sé pósta cheana féin nuair a fuair sé aithne ar Constance. Sa bhliain [[1899]], áfach, cailleadh a bhean chéile, agus phós sé Constance sa bhliain [[1901]]. Mar sin, rinneadh an Chuntaois Markievicz di.
 
Bhí eastát an teaghlaigh, Teach [[Lios na Daille|Lios an Daill]], suite i [[Contae Shligigh|gContae Shligigh]] in iarthuaisceart na hÉireann.
Chuir siad fúthu i [[Baile Átha Cliath|mBaile Átha Cliath]] sa bhliain [[1903]], agus bhain an Chuntaois clú nár bheag amach di ag dathú pictiúir de thírdhreacha. Sa bhliain [[1905]], bhunaigh sí [[Club na nEalaíontóirí Aontaithe]] le gairm scoile a chur ar lucht ealaíon Bhaile Átha Cliath ar fad. San am sin, ní raibh baint dá laghad ag an gCuntaois le haon chineál polaitíochta, gan aon trácht a dhéanamh ar an [[Poblachtánachas in Éirinn|bPoblachtachas]]. Ansin, sa bhliain [[1906]], thit rud éigin amach a thug uirthi saol na n-ealaíon a thréigean ar mhaithe leis an náisiúnachas Éireannach. Sa bhliain sin, fuair sí ar cíos bothán tuaithe in aice le Baile Átha Cliath, agus is amhlaidh gurbh é an file [[Pádraic Colum]] a bhí ina chónaí ansin roimpise. D'fhág sé ina dhiaidh seanchóipeanna de ''The Peasant'' agus de ''Sinn Féin''. Foilseacháin réabhlóideacha ab ea iad seo a bhí ag éileamh go mbrisfí an nasc leis [[an Bhreatain|an mBreatain Mhór]]. Léigh an Chuntaois na hirisí seo, agus chuaigh siad go mór mór i gcion uirthi.
 
Chuaigh Eva, deirfiúr Constance, le gluaiseacht an [[Lucht oibre|luchta oibre]] agus le gluaiseacht na mban, a bhí san am sin ag troid ar son chearta vótála na mban. Bhí an bheirt acu cairdiúil le [[W. B. Yeats|William Butler Yeats]], an [[filíocht|file]], agus é ag teacht ar cuairt go minic. D'fhág a chuid smaointeachais a lorg ar shaoldearcadh na ndeirfiúracha i leith na h[[Ealaín|ealaíne]] agus na [[polaitíocht]]<nowiki/>a.
Sa bhliain [[1908]], chuaigh an Chuntaois go hoscailte le polaitíocht agus le náisiúnachas. Chuaigh sí i [[Sinn Féin]] agus in Inghinidhe na hÉireann (is é sin, Iníonacha na hÉireann, i dteanga chaighdeánaithe an lae inniu), is é sin, gluaiseacht na náisiúnaithe ban. Sa bhliain chéanna, bhí sí ina hiarrthóir don Pharlaimint. Bhí sí le toghadh i ndáilcheantar [[Manchain|Mhanchain]], an áit a raibh [[Winston Churchill]] ina iarrthóir chomh maith. Chaill sí an toghchán, ach mar sin féin, ba mhillteanach an dul chun cinn agus an t-athrú saoil a bhí déanta aici. I rith dhá bhliain, d'iompaigh an Chuntaois ina polaiteoir déanta.
[[Íomhá:Constance Markiewicz by John Butler Yeats.jpg|thumb|upright|Constance Markiewicz, [[John Butler Yeats]]]]
 
== Pósadh agus Luathpholaiteoireacht ==
Theastaigh ó Constance dul leis an [[ealaín]]. Sa bhliain [[1893]], chuaigh sí ag foghlaim ealaíontóireachta i Scoil Slade i [[Londain]]. Ina dhiaidh sin, thug sí aghaidh ar [[Páras|Pháras]], áit ar casadh an Cunta Polannach-Úcráineach Kazimierz Markiewicz (Casimir Dunin-Markievicz) uirthi. [[Ealaíontóir]] ab ea é agus baint aige le teaghlach uasal saibhir [[An Pholainn|Polannach]], ach bhí sé pósta cheana féin nuair a fuair sé aithne ar Constance. Sa bhliain [[1899]], áfach, cailleadh a bhean chéile, agus phós sé Constance sa bhliain [[1901]]. Mar sin, rinneadh an Chuntaois Markievicz di.[[Íomhá:Constance Markiewicz by John Butler Yeats.jpg|thumb|upright|Constance Markiewicz, [[John Butler Yeats]]]]
 
Chuir siad fúthu i [[Baile Átha Cliath|mBaile Átha Cliath]] sa bhliain [[1903]], agus bhain an Chuntaois clú nár bheag amach di ag dathú pictiúir de thírdhreacha.
 
Chuir siad fúthu i [[Baile Átha Cliath|mBaile Átha Cliath]] sa bhliain [[1903]], agus bhain an Chuntaois clú nár bheag amach di ag dathú pictiúir de thírdhreacha. Sa bhliain [[1905]], bhunaigh Constance [[Club na nEalaíontóirí Aontaithe]] le gairm scoile a chur ar lucht ealaíon Bhaile Átha Cliath ar fad. San am sin, ní raibh baint dá laghad ag an gCuntaois le haon chineál polaitíochta, gan aon trácht a dhéanamh ar an [[Poblachtánachas in Éirinn|bPoblachtachas]]. Ansin, sa bhliain [[1906]], thit rud éigin amach a thug uirthi saol na n-ealaíon a thréigean ar mhaithe leis an [[Náisiúnachas in Éirinn|náisiúnachas]] Éireannach. Sa bhliain sin, fuair sí ar cíos bothán tuaithe in aice le Baile Átha Cliath, agus is amhlaidh gurbh é an file [[Pádraic Colum]] a bhí ina chónaí ansin roimpise. D'fhág sé ina dhiaidh seanchóipeanna de ''The Peasant'' agus de ''Sinn Féin''. Foilseacháin réabhlóideacha[[réabhlóid]]<nowiki/>eacha ab ea iad seo a bhí ag éileamh go mbrisfí an nasc leis [[an Bhreatain|an mBreatain Mhór]]. Léigh an Chuntaois na hirisí seo, agus chuaigh siad go mór mór i gcion uirthi.
 
Sa bhliain [[1908]], chuaigh an Chuntaois go hoscailte le polaitíocht agus le náisiúnachas. Chuaigh sí i [[Sinn Féin]] agus in Inghinidhe na hÉireann (is é sin, Iníonacha na hÉireann, i dteanga chaighdeánaithe an lae inniu), is é sin, gluaiseacht na náisiúnaithe ban. Sa bhliain chéanna, bhí sí ina hiarrthóir don Pharlaimint. Bhí sí le toghadh i ndáilcheantar [[Manchain|Mhanchain]], an áit a raibh [[Winston Churchill]] ina iarrthóir chomh maith. Chaill sí an toghchán, ach mar sin féin, ba mhillteanach an dul chun cinn agus an t-athrú saoil a bhí déanta aici. I rith dhá bhliain, d'iompaigh an Chuntaois ina polaiteoir déanta.
[[Íomhá:Walking Wounded-Fianna Éireann Scouts engaged in field medical training 1914.jpg|clé|mion|277x277px|Fianna Éireann sa bhliain 1914. Bhunaigh Markiewicz na gasóga in 1909.]]
Sa bhliain [[1909]], bhunaigh sí [[Fianna na hÉireann]] (is minic a úsáidtear an leagan "Na Fianna Éireann", cé nach bhfuil sé ag teacht le ceart na teanga).<ref>{{cite book|last=Ward|first=Margaret|title=Unmanageable Revolutionaries: Women and Irish nationalism|year=1983|publisher=Pluto Press|location=London|page=104|isbn=0-86104-700-1}}</ref><ref name="Ref_">''Irish Freedom,'' August 1912.</ref>Bhí na Fianna an-chosúil le gluaiseacht na nGasóg, a bhí bunaithe ag an Tiarna Baden-Powell, ach má bhí féin, bhí cuma i bhfad ní ba mhíleata ar an ngluaiseacht Éireannach, agus na buachaillí ag foghlaim úsáid a bhaint as na hairm thine, mar shampla. B'é dearcadh [[Pádraig Mac Piarais|Phádraic Mhic Phiarais]] go raibh an tábhacht chéanna ag baint leis na Fianna agus le [[Óglaigh na hÉireann|hÓglaigh na hÉireann]], ar cuireadh bun leo sa bhliain [[1913]]. Sa bhliain [[1911]], caitheadh an Chuntaois i dtóin phríosúin i ndiaidh di páirt ghníomhach a ghlacadh sna hagóidí in aghaidh chuairt an [[Seoirse V na Ríochta Aontaithe|Rí Seoirse a Cúig]] ar Éirinn. Le linn an [[Frithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath|Fhrithdhúnta]] sa bhliain [[1913]], chuaigh sí in [[Arm Cathartha na hÉireann|Arm Cathartha]] [[Séamus Ó Conghaile|Shéamuis Uí Chonghaile]], agus í ag reáchtáil cistin anraith le riaradh ar na hoibrithe nach raibh luach a mbia acu.
 
== Éirí Amach na Cásca ==
[[Íomhá:Countess Markievicz.jpg|mion|Countess Markievicz, c 1915]]
Sa bhliain [[1913]], thug a fear céile a aghaidh ar [[an Úcráin]], agus níor fhill sé riamh. Is féidir go raibh baint éigin le gníomhaíochtaí a mhná leis an éalú seo. Cibé scéal é, bhí an Chuntaois páirteach in [[Éirí Amach na Cásca]] sa bhliain [[1916]], mar shaighdiúir in [[Arm Cathartha na hÉireann]], agus ghoin sí snípéir de chuid Arm Shasana. B'é a col ceathair féin a chimigh í i ndiaidh na gcathanna, agus gearradh breith an bháis di. Ós bean a bhí inti, áfach, mhalartaigh an Ginearál Maxwell pionós an bháis ar phríosúnacht saoil.
 
Scaoileadh an Chuntaois saor ón bpríosún arís sa bhliain [[1917]], nuair a thug rialtas na Breataine Móire ollmhaithiúnas dóibh siúd a throid in Éirí Amach na Cásca. Faoin am seo a d'athraigh an Chuntaois a creideamh ó [[Eaglais na hÉireann]] go [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitliceachas]].
== An Chéad Dáil ==
[[Íomhá:Constance1.jpg|thumb|upright|clé|An Chuntaois faoi shainéide an tsaighdiúra]]
Sa bhliain [[1918]], príosúnaíodh arís í, agus an pháirt a bhí aici san fheachtas in aghaidh an choinscríofa. San olltoghchán i Mí na Nollag, 1918, vótáladh isteach ar an b[[an Chéad Dáil|Parlaimint]] í, chomh maith le dháréag iarrthóir is trí scór eile de chuid Shinn Féin. Mar sin, bhí sí ar an chéad Fheisire mná riamh i dTeach na dTeachtaí. Ó bhí Sinn Féin ar fad ag staonadh ón bparlaimint, dhiúltaigh sí glacadh leis an suíochán a bhí bainte amach aici.[[Íomhá:Constance1.jpg|thumb|upright|clé|An Chuntaois faoi shainéide an tsaighdiúra]]
 
== An Chéad Dáil ==
Sa bhliain [[1918]], príosúnaíodh arís í, agus an pháirt a bhí aici san fheachtas in aghaidh an choinscríofa. San olltoghchán i Mí na Nollag, 1918, vótáladh isteach ar an b[[an Chéad Dáil|Parlaimint]] í, chomh maith le dháréag iarrthóir is trí scór eile de chuid Shinn Féin. Mar sin, bhí sí ar an chéad Fheisire mná riamh i dTeach na dTeachtaí. Ó bhí Sinn Féin ar fad ag staonadh ón bparlaimint, dhiúltaigh sí glacadh leis an suíochán a bhí bainte amach aici.
 
Bhí an Chuntaois ar duine acu siúd a tháinig le chéile i mBaile Átha Cliath le [[Dáil Éireann]] a fhógairt an chéad uair riamh. Bhí sí ina [[Teachta Dála]] ar an Dara [[Dáil Éireann|Dáil]] chomh maith, i ndiaidh an toghcháin sa bhliain [[1921]].
Chaith an Chuntaois seal ina hAire Oibreachais ó Mhí Aibreáin [[1919]] go Mí Eanáir [[1922]], ar an Chéad Rialtas agus ar an Dara Rialtas de chuid na Dála. Bhí sí ar an chéad bhean riamh a bhí ina hAire Rialtais in Éirinn, agus níor ceapadh an chéad Aire mná eile roimh an mbliain 1979, nuair a rinneadh Aire na Gaeltachta de Mháire Geoghegan-Quinn.
 
== An Cogadh Cathartha agus Fianna Fáil ==
 
D'éirigh an Chuntaois as an rialtas i Mí Eanáir [[1922]] in éineacht le h[[Eamon de Valera]] agus an chuid eile acu siúd nár ghlac leis an [[Conradh Angla-Éireannach|gConradh Angla-Éireannach]]. Throid sí chomh maith le duine sna hÓglaigh in aghaidh an Chonartha. Tar éis an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|chogaidh]], chuaigh sí ag taisteal [[SAM|Mheiriceá]]. Níor vótáladh isteach í i dtoghchán na bliana [[1922]], ach sa chéad bhliain eile, toghadh í do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas. De réir pholasaí staonaireachta Shinn Féin, dhiúltaigh sí glacadh leis an suíochán. Thuill a dearcadh dearg-Phoblachtach seal i bpríosún di arís, agus istigh ansin di, chuaigh sise agus dháréag bhanphríosúnach eile is ceithre scór ar stailc ocrais. I gceann míosa, bhí sí saor arís. Ba chuimhin le lucht rialtais an [[Saorstát Éireann|tSaorstáit]] i gcónaí an náire shaolta a tharraing stailceanna ocrais [[na Sufraigéidí]] ar rialtas na Breataine Móire roimh an gcogadh.[[Íomhá:Constance2.gif|mion|clé|upright|Constance Markiewicz in éineacht lena hiníon Maeve agus a leasmhac]]Chuaigh an Chuntaois i [[Fianna Fáil|bhFianna Fáil]] a thúisce is a bunaíodh an páirtí sin, sa bhliain [[1926]]. Bhí sí ina cathaoirleach ar chruinniú bunaidh an pháirtí in [[Amharclann La Scala]]. Toghadh ina Teachta ar an gcúigiú Dáil í i Mí an Mheithimh, [[1927]], ach fuair sí bás sula raibh de sheal aici glacadh leis an suíochán. Galar tobann a thug a bás. B'fhéidir go raibh sí tar éis eitinn a tharraingt ó na bochtáin a raibh sí ag freastal orthu, murarbh é an t-[[aipindicíteas]] é. In Ospidéal Sir Patrick Dun i mBaile Átha Cliath, a shíothlaigh sí. Gan phingin a bhí sí i ndiaidh a hacmhainn a thabhairt do na bochtáin. hAdhlacadh í i [[Reilig Ghlas Naíon]] i mBaile Átha Cliath.<ref>Depuis, Nicola (2009). [https://books.google.ie/books?id=heeon5xC5KwC&pg=PA171#v=onepage&q&f=false ''Mná na hÉireann: Women who Shaped Ireland''] Corcaigh: Mercier Press Ltd. Lch. 171. ISBN 9781856356459. Arna rochtain ar 26 Iúil 2014.</ref>
 
== Ainm ==
Chuaigh an Chuntaois i [[Fianna Fáil|bhFianna Fáil]] a thúisce is a bunaíodh an páirtí sin, sa bhliain [[1926]]. Bhí sí ina cathaoirleach ar chruinniú bunaidh an pháirtí in [[Amharclann La Scala]]. Toghadh ina Teachta ar an gcúigiú Dáil í i Mí an Mheithimh, [[1927]], ach fuair sí bás sula raibh de sheal aici glacadh leis an suíochán. Galar tobann a thug a bás. B'fhéidir go raibh sí tar éis eitinn a tharraingt ó na bochtáin a raibh sí ag freastal orthu, murarbh é an t-[[aipindicíteas]] é. In Ospidéal Sir Patrick Dun i mBaile Átha Cliath, a shíothlaigh sí. Gan phingin a bhí sí i ndiaidh a hacmhainn a thabhairt do na bochtáin. hAdhlacadh í i [[Reilig Ghlas Naíon]] i mBaile Átha Cliath.<ref>Depuis, Nicola (2009). [https://books.google.ie/books?id=heeon5xC5KwC&pg=PA171#v=onepage&q&f=false ''Mná na hÉireann: Women who Shaped Ireland''] Corcaigh: Mercier Press Ltd. Lch. 171. ISBN 9781856356459. Arna rochtain ar 26 Iúil 2014.</ref>
Is é "Markie'''v'''icz" gnáthlitriú a sloinne a úsáidtear in [[Éire|Éirinn]] sa lá atá inniu ann, ach is é an litriú a úsáidtear sa [[Polainnis|Pholainnis]] ná "Markie'''w'''icz", nó is mar v an Bhéarla a fhuaimnítear w na Polainnise. Nuair a scríobhadh an chéad [[Beathaisnéis|bheathaisnéis]] Polainnise fúithi, ba é an leagan a d'úsáid an t-údar ná ''Konstancja Markiewiczowa''.
 
== Féach freisin ==
13,334

edits