Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

3 bytes removed ,  1 bhliain ó shin
no edit summary
Bhunaigh Ronnie Drew [[The Dubliners]] in éineacht le [[Luke Kelly]], Ciaran Bourke agus Barney McKenna i 1962. Bhí an t-ainm ''The Ronnie Drew Group'' orthu ar dtús, ach ghlac siad an t-ainm ''The Dubliners'' chucu féin de réir a chéile. Aithníodh Ronnie as an nguth greanach a bhí aige agus é ag canadh agus chuir muintir Bhaile Átha Cliath aithne orthu agus ar a gcuid ceoil le linn dóibh a bheith ag seinm go rialta i dTeach Tábhairne O'Donoghue's ar [[Rae Mhuirfean]]. Díríodh aird mhór ar an mbanna nuair a bhí amhrán mór-ráchairte acu i gcairteacha ceoil [[An Ríocht Aontaithe|na Ríochta Aontaithe]] sa bhliain 1967, mar atá, ''Seven Drunken Nights'' agus chuaigh an grúpa ar an gclár ceoil cáiliúil, [[Top of the Pops]], chun é a chasadh. Ach chuir [[RTÉ]] cosc ar chasadh an amhráin ar a stáisiúin siúd mar gheall ar liricí an amhráin a bheith gáirsiúil, dar leo.
 
Ach d'éirigh Ronnie tinn tuirseach den síorthaisteal a bhí á dhéanamh ag an mbanna de réir a chéile. agus dD'fhág sé an banna ar feadh tréimhse idir 1975 agus 1979. D'fhág sé an grúpa go buan ina dhiaidh sin, i [[1995]]. Tugadh onóir dó mar cheoltóir ar 22 Lúnasa 2006 nuair a feistíodh múnla de lorg a lámh ar an gcosán taobh amuigh d'Amharclann an Gaiety i mBaile Átha Cliath.<ref>http://www.rte.ie/arts/2006/0823/drewr.html</ref>
 
== Bás ==
 
Fuair Ronnie Drew bás ag 2.40in ar 16 Lúnasa 2008 in [[Ospidéal Naomh Uinseann]] i m[[Baile Átha Cliath]].<ref>http://www.tribune.ie/news/home-news/article/2008/aug/17/folk-legend-ronnie-drew-passes-away/</ref> Bhí [[ailse]] scornaí air le tamall fada roimhe sin agus bhí a bhean chéile tar éis bás a fháil an bhliain roimhe sin.<ref>http://www.independent.ie/national-news/wife-of-dubliners-star-ronnie-drew-dies-693282.html</ref> Cuireadh é sna [[Na Clocha Liatha|Clocha Liatha]], i g[[Contae Chill Mhantáin]], áit a raibh sé ag cur faoi le fada go dtí gur bhásaigh sé.<ref>http://www.rte.ie/news/2008/0819/drewr.html</ref> Bhí beirt pháistí acu, mar atá, Phelim agus Clíodhna.
* Pearls (album) (le Grand Canal) (2007)
 
== TagairtTagairtí ==
{{reflist}}
 
8,837

edits