An difríocht idir athruithe ar: "An tSlóvaic"

Content deleted Content added
Breis eagarthóireachta
píosa eagarthóireachta
clib: Mobile edit Mobile app edit
Líne 44:
|fonótaí=}}
 
[[Tír]] thalamhiata atá suite i lár na [[Eoraip|hEorpa]], gan aon chósta, is ea '''an tSlóvaic''' ([[Slóvaicis]]: ''Slovensko''), nó, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil, '''Poblacht na Slóvaice''' ([[Slóvaicis]]: ''Slovenská republika''). Is í [[an Bhratasláiv]] an phríomhchathair agus an chathair is mó sa tír. Is iad [[Poblacht na Seice]], [[an Ostair]], [[an Ungáir]], [[an Pholainn]] agus [[an Úcráin]] na tíortha a roinneann teorann léi. Tá daonra 5 milliún inti agus is é achar an stáit 49,000 km<sup>2</sup>. Tá an tír ina ball den [[AE]], [[NATO]], [[OECD]], [[WTO]], agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta eile chomh maith.
 
Tháinig na Slavaigh go dtí críocha na Slóvaice idir an [[5ú haois]] agus an [[6ú haois]]. Bhí ceantair éagsúla den tír mar chuid d'Impireacht Samo, den Mhór-Mhoráiv (céad aonad polaitíochta na Slavach), de Ríocht na hUngáire, d'Impireacht Hapsburg, agus den tSeicslóvaic ag amanna difriúla i stair na hEorpa. Bhain sí a neamhspleáchas amach ar an [[1 Eanáir]] [[1993]], i ndiaidh dhíscaoileadh na Seicslóvaice.