An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"
Content deleted Content added
Líne 39:
=== Le Déanaí ===
[[Íomhá:Ga_mid_allophones.svg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Ga_mid_allophones.svg|clé|mion|288x288px|allafóin Ga mid]]
I ndeireadh na [[19ú haois|naoú haoise déag]], cuireadh an Nua-Ghaeilge chomhaimseartha ar bun. Ar dtús, rinne lucht an ghlanteangachais, a raibh daoine ar nós [[Risteard de Hindeberg]] orthu, iarrachtaí áirithe ar chaighdeán na Nua-Ghaeilge Clasaicí a athréimniú, ach ba é an scríbhneoir biseach úd, an tAthair [[Peadar Ua Laoghaire]], a rug bua ar de Hindeberg agus tugadh tús áite do chaint na ndaoine. Is é sin le rá gur bunaíodh an Nua-Ghaeilge scríofa ar an nGaeilge a bhí á labhairt ag muintir na Gaeltachta, seachas ar Ghaeilge Cheitinn.
Line 47 ⟶ 45:
== Litríocht na Gaeilge ==
[[
Is mar réabhlóidí ba mhó a bhain [[Pádraig Mac Piarais]] amach a chlú iarbháis, ach is gá aird a tharraingt air gur scríbhneoir Gaeilge a bhí ann, leis. Scríobh sé roinnt gearrscéalta rómansúla, traigéideacha fiú, agus iad suite i saol na Gaeltachta. Is é "Eoghainín na nÉan" an ceann is mó a théann i bhfeidhm ar an léitheoir, go háirithe ar an léitheoir atá eolach ar chinniúint an scríbhneora.[[Íomhá:
Is iad na dírbheathaisnéisí Gaeltachta a cuireadh i gcló idir an dá chogadh domhanda, áfach, na clasaicigh mhóra chomhaimseartha. An triúr is clúití acu, is iad ''An tOileánach'' le [[Tomás Ó Criomhthain]], ''Peig'' - tuairisc a thug [[Peig Sayers]] ar imeachtaí a beatha féin, agus "Fiche Bliain ag Fás" le [[Muiris Ó Súilleabháin]]. B'as an mBlascaod Mór do na dírbheathaisnéisithe seo: seandaoine a bhí sa chéad dís acu, agus iad ag tabhairt cur síos ar a saol féin i nGaeilge ghlan an oileáin; ach fear óg a bhí i Muiris, agus súil eile ar fad aige ar na cineálacha imeachtaí a bhí ar siúl san áit. Thar aon rud eile, bhí na leabhair seo ceaptha le Gaeilge mhaith dhúchasach de chuid na sean-[[An Ghaeltacht|Ghaeltachta]] aonteangaí a scaipeadh i measc na scoláirí, ach is é an gnáthghearán inniu ná gur baineadh mí-úsáid pholaitiúil as na leabhair seo - [[Peig Sayers|Peig]] go háirithe - le coimeádachas cultúrtha agus reiligiúnda a chur chun cinn i measc na bpáistí, dála shíolteagasc na dtíortha ollsmachtúla. [[Íomhá:geill_sli.jpg|260px|thumb|[[Comhartha tráchta]] "Géill Slí" i g[[Contae Phort Láirge]]|clé]]▼
[[Íomhá:Aire-leanai.jpg|deas|200px|thumb|Comhartha bóthair.]]▼
▲Is iad na dírbheathaisnéisí Gaeltachta a cuireadh i gcló idir an dá chogadh domhanda, áfach, na clasaicigh mhóra chomhaimseartha. An triúr is clúití acu, is iad ''An tOileánach'' le [[Tomás Ó Criomhthain]], ''Peig'' - tuairisc a thug [[Peig Sayers]] ar imeachtaí a beatha féin, agus "Fiche Bliain ag Fás" le [[Muiris Ó Súilleabháin]]. B'as an mBlascaod Mór do na dírbheathaisnéisithe seo: seandaoine a bhí sa chéad dís acu, agus iad ag tabhairt cur síos ar a saol féin i nGaeilge ghlan an oileáin; ach fear óg a bhí i Muiris, agus súil eile ar fad aige ar na cineálacha imeachtaí a bhí ar siúl san áit. Thar aon rud eile, bhí na leabhair seo ceaptha le Gaeilge mhaith dhúchasach de chuid na sean-[[An Ghaeltacht|Ghaeltachta]] aonteangaí a scaipeadh i measc na scoláirí, ach is é an gnáthghearán inniu ná gur baineadh mí-úsáid pholaitiúil as na leabhair seo - [[Peig Sayers|Peig]] go háirithe - le coimeádachas cultúrtha agus reiligiúnda a chur chun cinn i measc na bpáistí, dála shíolteagasc na dtíortha ollsmachtúla.
Is deacair gan an cheist a chur, nárbh fhearr do na máistrí scoile an dírbheathaisnéis ó Ghaeltacht [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]], ''Rotha Mór an tSaoil'' le [[Micí Mac Gabhann]], a chur os comhair na ndaltaí in áit an triúr Blascaodach. Scéal is ea é gur beag duine nach gcuirfeadh sé spéis ann, nó bhí saol suimiúil ag Micí: chuaigh sé go Meiriceá le hór a bhaint as talamh sioctha Alasca in Klondyke, agus é ag saothrú luach a phasáiste ag rúpáil oibre anseo is ansiúd, aon áit a raibh na fostóirí sásta post a thabhairt d'Éireannach a bhí - mar a fheictear don léitheoir - dall go leor ar an mBéarla an chuid ba mhó den am.
Bhí muintir na gcúigí eile ag fáil deacair ciall a bhaint as an litríocht [[Cúige Mumhan|Mhuimhneach]]. Mar sin, bhí siad den tuairim gur chóir a gceart a bhaint amach do na canúintí eile sa litríocht. B'iad an bheirt deartháracha ó na Rosa, [[Séamus Ó Grianna]] agus [[Seosamh Mac Grianna]], na scríbhneoirí ba mhó ó [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]]. Bhí siad páirteach i g[[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh Saoirse na hÉireann]] agus i g[[Cogadh Cathartha na hÉireann]], agus chaith siad tamall i mbraighdeanas i ndiaidh an dá chogadh, ach bhain gach duine acu deireadh súile den náisiúnachas a fhad agus a bhí leas mhuintir na Gaeltachta i gceist. Tá an frustrachas le haithint ar go leor dár scríobh siad. Mar sin féin, bhí siad sách difriúil le chéile mar scríbhneoirí. Scríobhadh Seosamh, an duine ab óige acu, leabhair uaillmhianacha ardealaíonta, leithéidí an úrscéil ''An Druma Mór'' agus na dírbheathaisnéise ''Mo Bhealach Féin''; ach sháraigh air mórán ratha a bhaint amach dó mar scríbhneoir. Tháinig críoch dheifnideach lena chuid scríbhneoireachta nuair a cuireadh i dteach na ngealt é agus síocóis dhúlagrach ag luí ar a intinn. Maidir le Séamus, áfach, chaith sé a shaol ag scríobh leabhar i ndiaidh a chéile i stíl sheanaimseartha rómansúil, go dtí gur éirigh sé as an nGaeilge ar fad roimh dheireadh a bheatha sna seascaidí. Le teann éadóchais i dtaobh thodhchaí na teanga, chuaigh sé leis an ngluaiseacht [[Language Freedom Movement]], a bhí in aghaidh mhúineadh éigeantach na Gaeilge.
▲[[Íomhá:Aire-leanai.jpg|deas|200px|thumb|Comhartha bóthair.]]
[[Íomhá:Irish road sign.png|thumb|260px|Fógra dátheangach i mBéarla agus Gaeilge]]
Is é [[Máirtín Ó Cadhain]] an scríbhneoir Gaeilge ba thábhachtaí san fhichiú haois, áfach. Duine nua-aimseartha ar fad a bhí ann, fear a chuir spéis bheo bhíogúil i gcúrsaí a chomhaimsire sa bhaile is i gcéin, agus é ag baint úsáide as gach cineál cleasa nua ina chuid scríbhneoireachta leis an teanga agus an litríocht a thabhairt i gcrann. Scríobh sé roinnt mhaith gearrscéalta agus trí úrscéal nár tháinig ach an chéad cheann acu, ''Cré na Cille'', amach lena shaol féin. Úrscéal atá ann a thugann cur síos criticiúil ar shaol na Gaeltachta ó bhéal na marbhán atá ag déanamh créafóige sa reilig - rud ba mhó a shamhlófaí le litríocht [[Meiriceá Theas|Mheiriceá Theas]]. Connachtach a bhí i Máirtín, agus é ag cloí le gramadach a chanúna féin, fiú i gcomhthéacsanna ar ghá, dar leat, caighdeánú níos déine ná sin a chur i bhfeidhm ar an teanga. Ní raibh drogall ar bith air roimh fhocail de chuid canúintí eile, ó [[Gaeilge na hAlban|Ghaeilge na hAlban]], ón Nua-Ghaeilge Chlasaiceach agus ó bhéarlagair na dtéarmadóirí i mBaile Átha Cliath a ghlacadh isteach ina chuid Gaeilge de réir mar a theastódh uaidh.
Line 68 ⟶ 64:
Cé is moite d'fhoirmeacha na litreach féin, is é an ponc scriosta nó an ''punctum delens'' príomhchomhartha sóirt an chló Ghaelaigh. Ar dtús, sna lámhscríbhinní Laidine sna Meánaoiseanna, ba nós litreacha a scríobhadh de thaisme a chur ar neamhní tríd an bponc seo a chur os a gcionn - sin é an tuige go dtugtar "ponc scriosta" air. Ós rud é gurb ionann an litir f- a shéimhiú agus an fhuaim f- a bhá go hiomlán, thosaigh na scríobhaithe an ponc scriosta a úsáid mar chomhartha do shéimhiú an f-. De réir a chéile, fairsingíodh an úsáid seo ar na consain shéimhithe eile, cé gurbh é athrú na fuaime, in áit a scriosta, a bhí i gceist lena séimhiú-san.
[[Íomhá:1913 Seachtain na Gaeilge poster.png|clé|mion|288x288px|
[[Seachtain na Gaeilge]], 1913
]]
Nuair a chuaigh an chéad leabhar Gaeilge i gcló i réimeas [[Eilís I Shasana|Éilís a hAon]], a choimisiúnaigh foilsiú litríochta Protastúnaí sa Ghaeilge, gearradh clófhoireann ar leith le haghaidh na Gaeilge. Bhí an chlófhoireann seo ceaptha le bheith cosúil le peannaireacht na lámhscríbhinní Gaeilge, le go mbeadh na leabhair ní ba soléite acu siúd a bhí i dtaithí na léitheoireachta sa teanga. Is féidir a rá nár tháinig an cló Gaelach, mar ''chló'', ar an bhfód roimhe sin.
|