An difríocht idir athruithe ar: "Iúil Caesar"

38 bytes added ,  2 bhliain ó shin
no edit summary
Sa bhliain 53 r. Chr. maraíodh Crassus san Aisír, áit a raibh sé ag cur cogaidh ar na Pairtigh. Bhí Pompeius buartha faoi bhorradh Chaesar agus thosaigh sé ag déanamh mórtachais le Seanadóirí a raibh an colg céanna orthu. Bhí Caesar féin i ndeireadh na próchonsalachta agus é fágtha gan tacaíocht pholaitiúil de bharr chliseadh na Triúrachta.
[[Íomhá:Crossing the Rubicon.jpg|clé|mion|Abhainn Rubico, [[:en:Jacob_Abbott|Abbott, Jacob]], (1803-1879) 1849]]
Ba bhaol dó comhar Phompeius agus an tSeanaid, agus an chuma ar an scéal go ngabhfaidís é ar theacht go dtí an Róimh dó. Shíl sé, mar sin, nach raibh de rogha air ach teacht i dtreis le lámh láidir. Choisc an Seanad air a chuid léigiún a thabhairt leis go dtí an Iodáil, ach nuair a bhain sé amach teorainn na hIodáile agus na Gaille, Abhainn Rubico, ar an deichiú lá d'Eanáir, 49 r.Chr., chuaigh sé chun diúnais ar an Seanad agus thug cúig mhíle fear leis. Deirtear gur ar an ócáid úd a chualathas na focail chlúiteacha—''alea iacta est—''á labhairt aige. Ós rud é go raibh an [[An Ghréigis|Ghréigis]] chomh líofa aige leis an Laidin, mar ba dhual do scothaicme na Róimhe ag an am, is dócha gurb as Gréigis a dúirt sé iad—''anerriphtho kybos''. Tá tagairt sa mhéid sin do [[Drámaíocht|dhráma]] le Menandros, [[drámadóir]] Gréagach.
 
Cibé scéal é, ghabh Caesar an Róimh gan mórán dua, agus theith Pompeius agus cuid mhór de na Seanadóirí go dtí an Ghréig roimhe.
13,388

edits