An difríocht idir athruithe ar: "Murtall"
Content deleted Content added
m Removing Link GA template (handled by wikidata) |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Obesity5.JPG|mion|333x333px]]
Is éard atá i gceist leis an '''murtall''' (nó '''otracht''' nó '''Ró-raimhreacht''' uaireanta) ná raimhre a dhéanann dochar don t[[Míochaine phobail|sláinte]] (úsáidtear an téarma ''ró-raimhre'' uaireanta).
=== Innéacs corpmhaise ===
[[Íomhá:Obesity & BMI.png|clé|mion|
[[Innéacs corpmhaise]]
]]
Má bhíonn [[Innéacs corpmhaise|comhéifeacht maise na colainne]] (BMI) níos mó ná 30%, duine murtallach is ea é sin. Duine le BMI 25-30, is ramhar é mar thoradh ar charnadh iomarcach saille sa cholainn. Más luach BMI 20-25 atá ag duine, is duine an-chothrom é. Nuair is lú an BMI ná 20, is scáinteachán nó ocrach an duine.
* Tuilleadh eolais: [[innéacs corpmhaise]]
== Cúis agus éifeacht ==
Tarlaíonn murtall de bharr an iomarca bia a ithe de ghnath, nó ráta íslithe meitibileachta a leanann galar faireogach nó lot san [[inchinn]]. Tuigtear go bhfuil gaol idir raimhre is easláinte colainne, agus ní annamh a fheictear galair croí, mar shampla, ar dhaoine ramhra.
Tá togracht ghéiniteach chun otrachta ag daoine áirithe.
[[Íomhá:BRFSS obesity 1985-2006.gif|mion|SAM: Murtall ag éirí níos measa]]
=== Éifeacht ===
Ar an meán, is mó an leibhéal galair is míchumais, is giorra an saol, agus is lú an táirgiúlacht i gcás duine i rang ar bith díobh seo, agus is mó an brú a chuireann siad ar an gcóras sláinte.
Dá bharr sin, moltar don té atá ramhar é féin a thanú. An modh díreach le sin a dhéanamh, ar ndóigh, ná srian a chur leis an ngoile.
[[Íomhá:Fettleibigkeit in Europa2.svg|clé|mion|Murtall in Eoraip]]
== Eipidéimeolaíocht ==
De réir an [[Eagraíocht Dhomhanda Sláinte]], tá 20% de dhaonra [[An Domhan|an domhain]] ramhar nó murtallach, agus 20% eile ocrach. Tá [[míchothú]] ar 40% de dhaonra an domhain, gan dóthain cothú ag na hocraigh, gan dóthain cothú fholláin ag na ramhair is na murtallaigh.
=== Éire ===
In [[Éire|Éirinn]] tá thar 40% de na fir is thar 25% de na mná ramhar nó murtallach, níos mó ná 12% de na fir murtallach is 9% de na mná.
Maidir leis an dá rang seo, tá Éirinn i bhfad níos measa ná an meánráta ar fud an domhain.
== Stair ==
[[Íomhá:An obese man exhibiting a placard of himself looking extreme Wellcome V0011129.jpg|clé|mion]]
D'fhoilsigh [[Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá]] an tuairisc McGovern, "Dietary Goals for the United States" ar an 14 Eanáir 1977<ref><nowiki>https://en.wikipedia.org/wiki/United_States_Senate_Select_Committee_on_Nutrition_and_Human_Needs</nowiki> <nowiki>https://www.ncbi.nlm.nih.gov/pmc/articles/PMC3910043/</nowiki>
</ref>. Dúirt sé, "is aicíd nach bhfuil ach ina tús fós í an ró-raimhre"<ref>https://thescienceofnutrition.files.wordpress.com/2014/03/dietary-goals-for-the-united-states.pdf</ref>. Ach bhí an tionscal agraibhia in aghaidh na moltaí. Níor aontaíodh go gcaithfí rud éigin a dhéanamh ag an am. Is mar dheis a cailleadh a chuimhneofar ar an tuairisc McGovern.
== Gaeilge ==
An duine atá ag éirí murtallach, deirimid i n[[Gaeilge]] go bhfuil sé ag ''titim chun murtaill''.
An duine a thitfidh chun murtaill, beidh a lán [[galar]] ag bagairt air, cosúil leis an [[taom croí]] agus [[diaibéiteas]] de chineál B, is é sin, diaibéiteas na scothaoise is na cnagaoise.
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
{{Fréamh an Eolais}}
Line 11 ⟶ 49:
[[Catagóir:Cothú]]
[[Catagóir:Bairiatraic]]
[[Catagóir:Sláinte phoiblí]]
|