An difríocht idir athruithe ar: "Dronairde"

Content deleted Content added
No edit summary
chlib amháin: 2017 source edit
No edit summary
chlib amháin: 2017 source edit
Líne 1:
Is é is '''dronairde''' ann ná an stua den mheánchiorcal neamhaí atá idir an réalta agus pointe trasnaithe an [[Meánchiorcal neamhaí|mheánchiorcail neamhaí]] agus an [[Éiclipteach|éicliptigh]]. Is é sin an pointe ina dtrasnaíonn an Ghrian an meánchiorcal neamhaí, lá cónochta (lá leathach) an Earraigh. Ceann de chomhordanáidí an mheánchiorcail atá ann, mar dhronairde, a úsáidtear le suíomh na réalta nó na rinne neimhe ar an spéir a chur in iúl. Ar chúiseanna praiticiúla matamaitice, is gnách an stua sin a shainiú in aonaid an ama, seachas sna céimeanna stua. Is ionann, ansin, ceithre huaire fichead an chloig agus stua iomlán an chiorcail.
[[File:Ra and dec on celestial sphere.png|thumb|300px|'''Dronairde''' (gorm) agus [[diallas]] (glas) mar a fheictear ó taobh amuigh den [[sféar neamhaí]]]]
 
Is é "dronairde" an téarma a mholtar i láthair na huaire. Is é an téarma atá ar fáil i bhFoclóir de Bhaldraithe ná ''ceartéirí''.
 
Is é an [[diallas]] an chomhordanáid a théann leis an ndronairde. Úsáidtear córas comhordanáidí an mheánchiorcail le háit na réalta ar an sféar neamhaí a shainiú. Tá córais eile ann le gluaiseachtaí na réaltaí ar an spéir ar feadh an lae agus na hoíche a léiriú.