An difríocht idir athruithe ar: "Martin Luther King"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 39:
{{féach freisin|Bealach Stairiúil Naisiúnta ó Selma go Montgomery}}
 
* Ar an [[1 Nollaig]] [[1955]], dhiúltaigh [[Rosa Parks]] dul go cúl an bhus agus suíochán a thabhairt d’fhear den chine geal. Gabhadh í agus fuarthas ciontach as mí-iompar í, in aghaidh an [[dlí]] áitiúil. An [[oíche]] dár gcionn, chruinnigh caoga taoisigh den chine gorm le chéile chun an eachtra a phlé, agus labhair [[sagart]] anaithnid, den ainm Martin Luther King leo. Shocraigh siad baghcat a eagrú in aghaidh an chórais bus i Montgomery. Spreag an agóid seo an mionlach go mór agus thosaigh an troid in aghaidh an chiníochais sna Stáit Aontaithe i ndáiríre. Cuireadh Martin Luther King sa phríosún<ref>Sa sliocht seo, tá Martin Luther King ag tabhairt freagra orthu siúd a dúirt gur chóir go mbeadh daoine gorma foighdeach agus iad ag feitheamh le cearta sibhialta. "Ach nuair atá dronga ainbhéasacha feicthe agat ag crochadh do mháthar agus d’athar dá ndeoin féin agus ag báthadh do dheirfiúracha agus do dheartháireacha le taghd; nuair atá póilíní lán amach d’fhuath agus de ghráin feicthe agat ag eascainí, ag ciceáil agus fiú ag marú do dheartháireacha agus do dheirfiúracha gorma; nuair atá tromlach mór do chomhbhráithre Gorma, fiche milliún díobh, feicthe agat ag plúchadh i gcás múchta an bhochtanais i lár an rachmais agus an ghustail; nuair a dhéantar ciapadh ort i gcaitheamh an lae agus go bhfuil tú cráite i gcaitheamh na hoíche gur Gormach tú, ag maireachtáil de shíor ar bharr méireanna an dá chos...sin é an uair a thuigfidh tú gur deacair linn feitheamh go foighdeach. (Martin Luther King, litir as Príosún Birmingham, Aibreán 1963) https://www.examinations.ie/exam/LCHistorySampleOL_LM_IV.pdf</ref> ar feadh 381 lá agus fad a bhí sé istigh sa phríosún fuair daoine dubha cead suí cibé áit a bhí siad ag iarradh ar an mbus<ref>http://www.cogg.ie/teastas-soisearach/ossp/notai/coincheap-2-ceart-agus-freagrachta/nelson-mandela-agus-martin-luther-king/</ref>.[[Íomhá:Martin Luther King Jr NYWTS 4.jpg|thumb|upright|left|Seoladh a leabhair "Why We Can't Wait", 1964]]
* Ar an [[28 Lúnasa]] [[1963]], thug Martin Luther King a óráid cáiliúil "''I Have A Dream''" le linn máirseála ar [[cearta daonna|chearta sibhialta]] i [[Washington, D.C.]]
* Ar an [[21 Márta]] [[1965]], chuir Martin Luther King tús le ollmhórshiúil ó Selma go [[Montgomery, Alabama|Montgomery]], [[Alabama]]; bhí 50,000 duine ann a tháinig as áiteacha ar fud na tíre. ‘Domhnach na Fola’ a tugadh ar eachtra inár chaith póilíní go fíochmhar le dream a bhí ag agóidíocht ar mhaithe le ceart vótála do dhaoine dubha i mbaile Selma i Márta na bliana sin. An bhliain chéanna sin, taca an ama seo go díreach, a shínigh an tUachtarán Lyndon Johnson an tAcht um Chearta Vótála – an [[6 Lúnasa]] [[1965]]<ref>https://tuairisc.ie/ag-cuimhniu-ar-acht-cinniunach-cearta-sibhialta-i-meiricea-agus-saol-martin-luther-king/</ref>.