An difríocht idir athruithe ar: "Darfur"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 64 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q46733 (translate me)
Líne 3:
 
== Stair ==
[[Íomhá:Map of Darfur-en.png|clé|mion]]
 
Ón mbliain [[1820]] i leith, chuaigh rialtas Tuirceach-Éigipteach an Cheidív i g[[Caireo]] - an rialtas ar a dtugtar ''Turkiyya'' - i seilbh Darfur chomh maith le cuid mhaith eile de chríocha na Súdáine, i dtuaisceart na tíre ach go háirithe. D'éirigh na Súdánaigh amach i gcoinne an rialtais seo, agus Muhammad Ahmed i gceannas orthu. Thug Muhammad Ahmed ''Mahdaí'' air féin. Cineál figiúr Meisiasach é an ''Mahdaí'' san Ioslam, go háirithe san Ioslam Sítheach. Sa bhliain [[1885]], bhain lucht leanúna an "Mhahdaí" neamhspleáchas amach, ach ní raibh muintir Darfur róshásta leis an rialtas Mahdaíoch.
[[Íomhá:Schamal Darfur.PNG|mion|203x203px]]
 
D'fhan an rialtas seo ag rialú na tíre go dtí na blianta 1898-1899. Ar an dara lá de Mhí Mheán Fómhair, [[1898]], d'éirigh le fórsaí Angla-Éigipteacha faoi cheannas an tSiordáir [[Horatio Kitchener]] comharba an Mhahdaí, Abdallahi ibn Muhammad, a chur ó chumhacht i ndiaidh [[Cath Omdurman|Chath Omdurman]], cath a bhris Kitchener ar na h''Ansar'' ("Na Cúntóirí" as Araibis), mar a thugtaí ar an arm Mahdaíoch. Sna blianta ina dhiaidh sin, cuireadh an tSúdáin ar fad faoi chois an rialtais Angla-Éigiptigh. Bhí an rialtas nua sásta saghas neamhspleáchais a thabhairt do Darfur faoin Sabhdán Ali Dinar. Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, áfach, rith leis na Sasanaigh go bhféadfadh na Turcaigh muintir Darfur a spreagadh chun ceannairce, agus bhain siad an neamhspleáchas sin den tSabhdánacht arís sa bhliain [[1916]].
[[Íomhá:Flag of Darfur.svg|mion|Bratach]]
 
== An t-ocras i nDarfur ==
 
Sna hochtóidí, rinne Alex de Waal taighde ar an ngorta i nDarfur (De Waal, 1988, 1989), áit a raibh sé ag obair don chumann carthanais úd Save the Children (UK). Chonaic sé le súile a chinn féin an gorta mór a bhí ag dul ar fud na Súdáine sna blianta 1984-1985 agus an dóigh ar fhreagair muintir Darfur ar chruachás an ghorta. Ina chuid scríbhinní taighde, thug sé cur síos ar dhá chineál gorta, mar atá, an gorta marfach agus an gorta nach bhfuil ann ach an síorocras. B'é an tátal a bhain sé as an scéal go raibh a gcuid straitéisí féin ag muintir Darfur leis an dara cineál gorta a sheasamh. Ní raibh cogadh cathartha ar siúl i nDarfur san am sin, agus b'é an cogadh ba mhó a tharraingíodh an gorta ar an gceantar.
[[Íomhá:COSV - Darfur 2009 - Cattle watering.jpg|clé|mion|Na ba]]
Ní raibh aithne an chogaidh ach ar Dar Masalit in iarthar Darfur, áit a raibh tuairim is 120,000 duine ó [[Sead|Shead]] ar lorg dídine. Bhí na daoine seo ní ba mheasa thíos leis an ocras, ó nár cheadaigh an chogaíocht do na daoine filleadh go dtí Sead. Agus na daoine á gcoinneáil istigh sna campaí i nDar Masalit, ní raibh deis acu dul ar lorg oibre agus cabhrach sa cheantar timpeall.
 
== Scrios i nDarfur ==
[[Íomhá:COSV - Darfur 2008 - Market sellers.jpg|mion|Margadh]]
 
Is fíor go raibh cogadh cathartha á chur i ndeisceart na tíre sna blianta [[1955]]-[[1972]] agus arís sna blianta [[1983]]-[[2004]], ach mar sin féin, tháinig iarthar na tíre slán as na cogaí seo beagnach gan ghránú. Sa bhliain [[1991]], áfach, tháinig athrú ar na cúrsaí, nuair a d'fhéach Arm Saoirse Mhuintir na Súdáine (SPLA, nó ''Sudan People's Liberation Army'') faoi cheannas Daoud Bolad leis an lasóg a chur sa bharrach i nDarfur. Ní raibh rath ar na hiarrachtaí seo, áfach, agus go gairid ina dhiaidh sin, cimíodh Bolad gan mórán stró. Mar sin féin, is iomaí duine as iarthar na tíre a priosáladh in arm an rialtais chun troid a chur i ndeisceart na tíre faoi bhrat an Ioslaim agus an tSítheáid. Is gnách ''akul al abid bil abid'' nó "fág faoin sclábhaí an sclábhaí a mharú" a thabhairt ar an straitéis seo (Idris, 2005).
[[Íomhá:Generals of South Sudan.jpg|mion|''Sudan Liberation Army'']]
 
Thosaigh na fíorthrioblóidí i nDarfur i Mí Feabhra sa bhliain [[2003]], nuair a d'éirigh ina throid idir Arm Saoirse na Súdáine (''Sudan Liberation Army'', nó SLA), Gluaiseacht an Chirt agus na Cothromaíochta (''Justice and Equality Movement'', nó JEM), agus fórsaí an rialtais. Bhain an rialtas úsáid as mílíste Arabach ar a dtugtaí ''Jinjaweed''. Is é is brí le ''Jinjaweed'' ná "diabhail ar muin chapaill". Tharraing an troid seo géarchéim dhaonnúil anuas ar Darfur agus ar na ceantair i Sead atá ag críochantaíocht le Darfur, nó b'ansin a chuaigh a lán daoine ar lorg dídine le teacht slán ón troid.
[[Íomhá:South Sudan Independence.jpg|clé|mion|[[Neamhspleách (polaitíocht)|Neamspléachas]], 9 Iúil 2011]]
 
Is é dearcadh rialtas na Stát Aontaithe, chomh maith lena lán cumann carthanais ar nós Mhúsaem an [[Uileloscadh|Uilelosctha]], ná go bhfuil [[cinedhíothú]] ar siúl i nDarfur i láthair na huaire.
 
Line 45 ⟶ 48:
* [http://trocaire.org/wherewework/countryprofile.php?id=61 Trócaire]
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
[[Catagóir:Réigiúin na Súdáine]]
{{DEFAULTSORT:Cinedhíothú}}
[[Catagóir:Cinedhíothú]]