An difríocht idir athruithe ar: "Alistair MacLean"

Content deleted Content added
m Bot: Fixing redirects
No edit summary
Líne 14:
}}
 
[[Scríbhneoir]] scéinséirí ó [[Albain]] ab ea '''Alistair Stuart MacLean''' ([[Gaeilge na hAlban]]: ''Alasdair Stiubhart Mac Gill-Eathain'') a tháinig chun saoil i mBaile Sheadna, [[Glaschú]], ar an [[21 Aibreán]] [[1922]] agus a fuair bás i [[München]], [[an Ghearmáin]] ar an [[2 Feabhra]] [[1987]]. Scríobh sé a lán scéinséirí agus [[úrscéal]]ta cogaidh, agus [[scannán|scannánaíodh]] cuid mhaith acu, ar nós ''Where Eagles Dare'' agus ''The Guns of Navarone''.
 
== A Shaol ==
Líne 20:
Ministir [[An Protastúnachas|Protastúnach]] a bhí in athair Mhic Gill-Eathain, agus is í an teanga a bhí á labhairt sa bhaile acu ná [[Gaeilge na hAlban]]. Cé gur rugadh i nGlaschú é, chaith sé cuid mhaith dá chéad óige i nDeimhidh, faoi dheich míle ó dheas [[Inbhear Nis|d'Inbhir Nis]]. Bhí sé ar an tríú mac den cheathrar, agus ní raibh deirfiúracha aige.
 
Chuaigh sé sa [[Cabhlach cogaidh|Chabhlach Ríoga]] - loingeas cogaidh na Breataine Móire - sa bhliain 1941, agus chaith sé a raibh fágtha den [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]] ar fiannas ansin. Ar dtús, bhí sé ina Ghnáthmhairnéalach, ina dhiaidh sin fuair sé céim suas go Mairnéalach Inniúil, agus sa deireadh rinneadh Oibritheoir Ceannasach Tóirpéad de. I dtús a ghairmréime bhí sé ag seoladh ar an m''Bournemouth Queen'', bád spraoithurais a raibh gunnaí frith-aerárthaí curtha léi le long chogaidh a dhéanamh di. Bhí an bád seo ag tabhairt aire do chóstaí [[Sasana|Shasana]] agus na hAlban. Sa bhliain 1943, fuair sé aistriú go dtí an ''HMS Royalist'', cúrsóir éadrom cogaidh den aicme ''Dido''. Agus é ag seoladh ar an long seo, ghlac sé páirt sa chogaíocht féin, nó bhí an ''Royalist'' ag cur catha amuigh san [[An tAigéan Atlantach|Atlantach]], ag tíonlacan longa iompair go cuanta Artacha an [[An tAontas Sóivéadach|Aontais Shóivéadaigh]] (Murmansk agus Arkhangelsk) nó ag troid longa Gearmánacha ar nós an ''[[Tirpitz]]'' timpeall ar chóstaí na [[An Iorua|hIorua]]. Sa bhliain 1944, bhí sé ag cur cogaidh timpeall na [[An Mheánmhuir|Meánmhara]], ag cuidiú leis an ionradh ar Dheisceart na Fraince nó ag troid in oileáin na Gréige. Is féidir gur goineadh san am seo é, agus é ag cleachtadh aimsitheoireachta. Sa bhliain 1945, bhí sé arís ag tíonlacan longa iompair, sa Chian-Oirthear, nó bhí an cath á chur ar na [[An tSeapáin|Seapánaigh]] ansin go fóill. Ina dhiaidh sin, bhíodh sé ag maíomh gur chimigh na Seapánaigh é agus gur chéas siad é, ach dealraíonn sé nach raibh i gceist leis sin ach rámhaillíocht mheisciúil.
[[Íomhá:Festung Hohenwerfen.jpg|mion|299x299px|Festung Hohenwerfen: Where Eageles Dare]]
 
I ndiaidh an [[an Dara Cogadh Domhanda|chogaidh]] fuair sé scor ó na fórsaí armtha agus chuaigh sé ag déanamh staidéir ar an mBéarla i nGlaschú. Bhain sé amach a chéim ollscoile sa bhliain 1953, agus shocraigh sé síos sa [[An Ruadh-Ghleann (Albain)|Ruadh-Ghleann]] lena chuid a shaothrú ag múineadh scoile.
 
Líne 29:
 
Bhí MacLean ag saothrú go rímhaith ar a chuid leabhar, agus le fírinne bhí an t-airgead ag tonnadh isteach chomh flúirseach is go bhfuair sé riachtanach aistriú go dtí an Eilvéis le teacht slán ó chánachas na Ríochta Aontaithe. Sna blianta 1963-1966, arís, bhí sé ag dul le hóstóireacht mar shlí bheatha, agus é ag staonadh ón scríbhneoireacht ag an am.
[[Íomhá:Duart Castle - geograph.org.uk - 1803389.jpg|mion|299x299px|Caisleán Duart : "When Eight Bells Toll"]]
 
I rith na mblianta, thosaigh a chuid scríbhneoireachta ag dul chun donais. Rinne sé iarrachtaí cuma níos nua-aimseartha a chur ar na scéalta, ach ansin, chuaigh na plotaí chun éadóchúlachta. Bhí sé róthugtha don bhiotáille freisin, agus ba é an t-[[alcólachas]] a mharaigh sa deireadh é. Fuair sé bás i München sa Ghearmáin sa bhliain 1987, agus cuireadh in aice leis an aisteoir Richard Burton é i reilig Cevigny, [[an Eilvéis]].
 
Pósadh faoi dhó é, agus saolaíodh beirt mhac dó leis an gcéad bhean chéile. Thairis sin, d'uchtaigh siad buachaill amháin.
Líne 39:
 
Murab ionann agus scríbhneoirí scéinséirí eile a linne ní raibh MacLean sásta grá ná craiceann a mheascadh tríd an scéal eachtránaíochta ina chuid úrscéalta, nó bhí sé den bharúil nach raibh a leithéid ach ag cur isteach ar an aicsean. Ba é an t-aicsean an rud ba tábhachtaí leis, muise, nó ina chuid leabhar bíonn na himeachtaí ag dul ar aghaidh go tiubh teirimeach, agus na laochra ag cur troda go dáigh daingean cé nach bhfuil ach caolsheans acu teacht slán as an eachtra. Fear ciniciúil é laoch tipiciúil MacLean, ach san am chéanna tá a chroí ar fad ina chuid oibre, agus é ag fanacht i seilbh a chéille is ag breith ar a stuaim beag beann ar an drocháit ina bhfuil sé. Is minic a thagann deireadh agus fuascailt an scéil salach ar ar tharla i rith an scéil, agus an cara is fearr nó an comhoibrí is dílse dá bhfuil ag an laoch ag iompú amach ina fhealltóir.
[[Íomhá:GunsofNavarone.jpg|clé|mion]]
 
Bhí an-pháirt ag an dúlra, go háirithe ag an bhfarraige agus ag an Tuaisceart Artach, i scéalta Alistair MacLean, agus ba mhinic a shuigh sé na himeachtaí in áiteanna coimhthíocha a chuirfeadh draíocht ar an léitheoir. Níl ach aon cheann amháin d'úrscéalta an scríbhneora suite in Albain, a thír dhúchais, mar atá, ''When Eight Bells Toll''. Glactar leis gurb iad na scéalta ina raibh tarraingt aige ar thaithí a shaoil féin na cinn is fearr, cosúil le ''HMS Ulysses'', a bhfuil meas an chlasaicigh air inniu mar úrscéal farraige.
 
Líne 48:
# I ndiaidh trí bliana a chaitheamh gan peann a chur ar pár d'fhill MacLean ar an scríbhneoireacht. Na leabhair ó ''When Eight Bells Toll'' go ''The Bear Island'', bhí siad an-éagsúil ó thaobh na stíle de, agus iad ag tarraingt ar stíl an dá thréimhse roimhe sin. Ba é an rud ba mhó a dhealaigh an tríú tréimhse ón gcéad dá thréimhse ná an blas scannánaíochta, an tsúil cineamatagrafaíochta, a bhí le haithint sna leabhair seo, ní nárbh ionadh, ó bhí MacLean ag déanamh scriptscríbhneoireachta le haghaidh scannán san am seo.
# Na húrscéalta deireanacha - ''The Way to Dusty Death'' agus na cinn ina dhiaidh sin. Bhí a scileanna ag teip ar MhacLean san am seo, agus an iomarca comhrá ann in áit an aicsin. Ní dhearna sé forbairt cheart ar na carachtair ná cur síos ceart ar na suímh a thuilleadh. Bhí na léitheoirí sásta na leabhair a cheannach, ach ní raibh MacLean in ann stíl a chuid clasaiceach a chleachtadh a thuilleadh.
[[Íomhá:Alistair Maclean grave.jpg|mion]]
 
Tá príomhthéamaí agus móitífeanna áirithe le haithint ar scríbhneoireacht MhacLean ó thús deiridh. Go tipiciúil, bíonn príomhlaoch ann a thagann slán as gach cruachás idir chorpartha agus shíceolaíoch (cosúil le Carrington sa leabhar ''HMS Ulysses'' nó Andrea sa leabhar ''The Guns of Navarone''), agus is minic a chuireann an scríbhneoir béim ar leith ar chomh díonta atá a leithéid de laoch ar an dochar a bhfuil san alcól don duine, nó cé go mbíonn na laochra seo ag ól biotáille go craosach, ní thagann an phóit orthu (féach an Cúnta sa leabhar ''The Last Frontier'' nó Jablonsky san úrscéal ''The Fear is the Key''). Is féidir ''clichés'' áirithe a fheiceáil i ngach leabhar, cosúil leis an dóigh a gcroitheann an laoch a chloigeann i ndiaidh dó buille a fháil inti, le teacht chuige arís. Is féidir ciníochas áirithe a chur i leith MhacLean sa mhéid is gur coirpigh is bithiúnaigh iad na daoine ón Meánmhuir nó ó Mheiriceá LaidneachLaidineach aige de ghnáth.
 
D'fhoilsigh MacLean ocht gcinn fichead de leabhair fhicsin, is é sin, úrscéalta agus bailiúcháin ghearrscéalta. Thairis sin, bhreac sé síos cúpla leabhar neamhfhicsin, faoi Lawrence na hAraibe agus faoi James Cook.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
{{DEFAULTSORT:Maclean, Alistair}}