An difríocht idir athruithe ar: "An tSeoirsia"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 21:
|rang_achair=118ú
|uisce_faoin_gcéad=-
|bliain_an_mheastacháin_daonra=20102017
|bliain_an_daonáirimh_daonra=19902014
|meastachán_daonra=43,636718,400200
|rang_an_mheastacháin_daonra=120ú131ú
|daonáireamh_daonra=53,400713,000804
|rang_an_dlúis_daonra=140ú137ú
|dlús_daonra=6853.15
|rang_an_dlús_daonra=140ú
|bliain_OTI_PCC=2005
Líne 47:
 
== Daonra ==
Is í an t[[Seoirsis]] teanga oifigiúil na Seoirsia, agus tá [[Aibítrí Seoirseacha|aibítir]] dá cuid féin aici. Teanga Chugasach Dheisceartach is ea í, rud a chiallaíonn nach bhfuil gaol ar bith aici le bunús mór na dteangacha eile s[[an Eoraip]]. Labhraítear roinnt mhaith teangacha eile sa Seoirsia, go háirithe [[Asarbaiseáinis]] (6.5 %) agus [[Airméinis]] (5.7 %). Tá dornán Rúiseach ina gcónaí sa tír fós, ach ó bhain an tSeoirsia amach a neamhspleáchas, d'fhág an chuid ba mhó acu an áit. Cloistear na teangacha Margaluri (Megreli), Svan, agus Laz in áiteanna. Tá gaol acu leis an Seoirsis, ach tá siad an-difriúil léi, agus mar sin, is é an dearcadh atá ag na teangeolaithe nach canúintí iad ach teangacha iontu féin. Agus an méid sin ráite, is í an tSeoirsis chaighdeánach an [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] a úsáideann lucht labhartha na dteangacha seo le haghaidh na [[litríocht]]a is na léitheoireachta. Mar sin, murar canúintí iad, ní bhaintear ach úsáid na canúna astu. Tá Seoirsis nó ceann de na teangacha gaolmhara seo ag 83.8 % de mhuintir na tíre .
 
Cosúil leis an Airméin, is náisiún seanársa [[Críostaíocht|Críostaí]] í an tSeoirsia, agus eaglais náisiúnta ar leith ag na Seoirsigh. Mar sin féin, is [[Ioslam|Muslamach]] duine as gach deichniúr sa Seoirsia. Cuid mhór de na Muslamaigh sa tír, is Aidseáraigh iad, is é sin, Seoirsigh a chuaigh leis an Ioslam nuair a bhí na hOtamánaigh i seilbh na tíre. Is iomaí duine acu a d'iompaigh ina gCríostaithe nuair a bhain an tSeoirsia amach a neamhspleáchas, daoine óga ach go háirithe. Tá eaglais náisiúnta dá gcuid féin ag na hAirméanaigh freisin. Thairis sin, tá dornán beag [[Caitliceachas|Caitliceach]] agus [[Protastúnachas|Protastúnach]] ann, agus is é an tIoslam reiligiún na nAsarbaiseánach sa tír.