An difríocht idir athruithe ar: "Quimper"

Content deleted Content added
Catagóir:Cathracha na Fraince
No edit summary
Líne 2:
[[Íomhá:Ardeaglais_Corentin.jpg|280px|thumb||Ardeaglais Chorentin i gcathair Kemper]]
[[Íomhá:Sean_Kemper.jpg|280px|thumb||Sean-tithe leath adhmad i lár cathair Kemper]]
Is [[Cathair (lonnaíocht)|cathair]] agus chomh-phobal in iarthar [[An Bhriotáin|na Briotáine]] í '''Kemper''' (''Quimper'' as [[Fraincis]], ''Corspotium'' as [[Laidin]]). Tá tuairim is 70,000 daoine ina gcónaí inti.
 
== Suíomh ==
Tá an chathair suite i ngleann ina dtagann béal abhann an Odet agus an Steir le chéile gar do chósta thiar-theas na Briotáine agus is príomh-chathair[[príomhchathair]] [[Penn-ar-Bed|Contae Penn-ar-Bed]] í. Tá sí 55km siar ó thuaidh ó [[An Orient]], 172km siar ó [[Roazhon]] agus 485km siar ó dheas ó [[Páras|Pháras]].
 
Tagann a h-ainmKemper ón bhfocal Briotánach ''kembraeg'' (mar an gcéanna leis an bhfocal ''cumar'' as Gaeilge) ar ghabhal dhá ghleann.
 
== Stair ==
Bhí baile ann in aimsir na Rómhánach agus ba shuíomh easpaig í sa bhliain 495. Glaotar [[Bro-Gerne]] (''La Cornuaille'' as Fraincis) ar an réigiún mor-thimpeall Kemper mar gurb as [[Corn na Breataine]] muintir na háite a theith ó na Sacsanaigh i ndiaidh titim [[Impireacht na Róimhe]] sa 6ú haois.
 
Aontaíodh an deoise le Diúcacht na Briotáine san 11ú haois ach scriosadh Kemper le linn cogaidh cathartha na Fraince san 14ú aoishaois agus ghabh Diúc Montfort í sa bhliain 1364.
 
I ndiaidh éirí amach tuathaigh Bro-Gerne sa bhliain 1490, thosaigh Kemper, i dteannta leis an gcuid eile den Bhriotáin, ag teacht faoi thionchar na Fraince. Tar éis pósadh an Bhan-Diúca Claude le Rí na Fraince sa bhliain 1518, bhí bunús dlíthiúil ag éileamh Tí Valois ar an mBriotáin. Aithníodh go forleathan é nuair a tháinig Henri IV Navarre i réim le bunú Tí Bourbon sa bhliain 1584 agus nuair a ghéill rialtas sealadach na Briotáine Mercouer don rí sa bhliain 1598.
Líne 62:
 
== Radharcanna ==
Is í [[Ardeaglais]] ar stíl Gotach Naomh Chorentin (a ainmníodh i gcuimhne an chéad easpag Kemper) an radharc is cáiliúla i gKemper. Tógadh í idir an 13ú agus an 16ú aoishaois. Tá a dá thúr 80m ar airde agus tógadh stuanna ar an mbeirt díobh sa 19ú aoishaois. Bunaíodh Séipéal Locmara ar stíl Rómhánúil sa 11ú haois.
 
Tá sean-fhallaí an bhaile fós le feiscint gar do Sean-Phálás an Easpaig.
Líne 71:
Tá bailiúcháin mór d'earraí ó shean-saol na Briotáine le feiscint in Iarsmalann Réigiúnach na Briotáine (''Musée Departmental Breton'') atá suite i Sean-Phalás an Easpaig.
 
Tá Iarsmalann na hEalaíona (''Musée des Beaux Arts'') in aice le Pálás an Easpaig, foirgneamh ón 19ú aoishaois ina bhfuil bailiúcháin pictiúirí ón 14ú aoishaois i leith. Ina measc, tá pictiúirí Bhoucher, Chorot, Oudey agus Rubens chomh maith le saothair scoil Pont-Aven ar nós Denis, Lacombe, Moufra agus Sérusior.
[[Íomhá:Bretagne Finistere Quimper 20072.jpg|280px|thumb|Cé ar abhann Odet]]
Tá an [[Briotáinis|Bhriotáinis]] agus cultúr na Briotáine níos láidre i mBro-Gerne ná in aon limistéar eile. Bíonn Féile Rince Bhro-Gerne ar siúl i gKemper le linn seachtain deireanach Iúil gach bliain.
Líne 98:
|}
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
[[Catagóir:An Fhrainc]]
[[Catagóir:Cathracha na Fraince]]