An difríocht idir athruithe ar: "Éire"

Content deleted Content added
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
Líne 21:
 
== Flóra agus fána ==
Ós rud é go raibh an t-oileán scartha amach ó mhór-roinn na hEorpa de bharr ardú mara ag deireadh na hoighearaoise, níl a leithéid d'éagsúlacht ainmhithe is a bhfuil le fáil sa Bhreatain nó ar mhórthír na Eorpa. Na speicis a fhaightear go fliúrseachflúirseach ná an [[sionnach]], an [[gráinneog|ghráinneog]] agus an [[broc]]; chomh maith leis an [[giorria]], an [[fia rua]] agus an [[cat crainn]] i líonanna níos lú. Tagtar ar roinnt ainmhítheainmhithe mara i bhfarraigí an oileáin freisin, mar atá an [[turtar mara]], an [[siorc]], an [[rón]], an [[míol mór]] agus an [[deilf]].
 
Níl [[nathair]] ar bith le fáil, agus is í an [[laghairt]] an t-aon reiptíl a fhaightear ann.
Líne 31:
[[Íomhá:Ireland vs Georgia, Rugby World Cup 2007 line up.jpg|right|220px|thumb|[[Foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann]] ag imirt i gcoinne [[an tSeoirsia|na Seoirsia]] (2007)]]
 
Tá a gcluichí traidisiúnta féin ag na hÉireannaigh. Is iad [[iomáint]], [[peil Ghaelach]], [[Camógaíocht|camógaí]] agus [[liathróid láimhe]] na [[cluichí Gaelacha]]. Is é [[Cumann Lúthchleas Gael]] an eagraíocht atá i gceannas ar na cluichí seo. Tá suim ag go leor daoine sa [[sacar]] freisin, agus faigheann [[foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann]] a lán tacaíochta inniu. Chomh maith leis sin, tá [[galf]], [[snúcar]] agus [[rugbaí]] coitianta freisin. Imríonn [[foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann]] (agus an [[Cumann Rugbaí na hÉireann]]) ar son an oiléainoileáin ar fad.
 
== Na meáin chumarsáide ==
{{Príomhalt|Meáin chumarsáide na hÉireann}}
Tá an chuid is mó de na meáin i bPoblacht na hÉireann bunaithe i mBaile Átha Cliath. Is iad na príomhnuachtáin ansin an [[Irish Times]], an [[Irish Independent]], agus le cuplacúpla bliain anuas an [[Irish Examiner]]. Bhí an [[Cork Examiner]] ar an nuachtán seo ar feadh blianta, ach bheartaigh siad díol náisiúnta a thabhairt dó, agus athainmníodh mar sin é. Tá eagráin d´Éireann ag go leor de nuachtáin Shasana, ach is ionann formhór an ábhair. Tá díol leathan ar an [[Belfast Telegraph]] agus an [[Irish News]] as [[Béal Feirste]], ach níl mórán díol nó glaoch orthu ó dheas go dtí seo. Bhí an [[Irish Press]], [[Sunday Press]] agus [[Evening Herald]] an-tábhachtach go dtí na [[1970í]], agus iad á riaradh ag muintir [[Éamon de Valera]]. Tá nuachtáin ar leith a fhoilsítear ar an Domhnach, ar nós an [[Sunday Independent]] ó fhoilsitheoirí an Irish Independent, an [[Sunday World]]. Tá dhá nuachtán Gaeilge ann: [[Lá Nua|Lá]] (atá laethúil, as Béal Feirste) agus [[Foinse]] (atá seachtainiúil, as [[An Cheathrú Rua]]).
 
Is é [[Radio Telefís Éireann]] an príomhchraoltóir ó dheas, le trí bealach teilifíse sa chuid is mó den tír: [[RTÉ a hAon]], [[RTÉ a Dó]] agus [[TG4]]. Tá [[TV3 (Éire)|TV3]] agus [[Channel 6]] neamhspleách ón stát. Tá an [[BBC]] ag craoladh ón oirthuaisceart, chomh maith le h[[UTV]] atá neamhspleách ón rialtas ó thuaidh. Tá tábhacht fós leis na craoltóirí náisiúnta ar an dá thaobh den teorann, ach tá an-éisteacht anois le stáisiúin neamhspleácha.
Líne 45:
Tháinig an [[Críostaíocht|Chríostaíocht]] go hÉirinn nuair a chuir [[an Pápa Ceilistín]] [[Palladius]] go hÉirinn in AD [[430]]. Ach ba é [[Naomh Pádraig]], saoránach [[An tSean-Róimh|Rómhánach]] de bhunadh [[an Bhreatain|Breatnach]], ar éirigh leis an [[creideamh|chreideamh]] nua a thabhairt go hÉirinn ó [[432]] ar aghaidh. Seachas mar a tharla i ngo leor tíortha eile, ní raibh aon chath mór i gceist, ach gur chloígh an eaglais [[sean-chreideamh na nGael]] diaidh ar ndiaidh.
 
Ní raibh tionchar mór díreach ag na Rómhánaigh ar Éirinn mar a bhí acu ar an gcuid eile d'iarthar na hEorpa. Ach bhí na [[Lochlannaigh]] is na [[Danair]] ag ionsaí na tíre ón [[9ú haois|9ú aois]], agus ba iad na Lochlannaigh a chuir tús le bailte móra na hÉireann, agus a rinne ruaigeanna ar na mainistreacha agus ar na tithe móra. Mar shampla, chuireadar [[Baile Átha Cliath]] ar bun i [[841]]. Chuir na Gaeil le chéile ina dhiaidh sin, agus thoghadar an chéad [[Ard-Rí na hÉireann|Ard-Rí]] i [[1003]]. Cé nach raibh cumhacht mhór aige, thógadh an rí ba láidre an teideal de ghnáth. Ag [[Cath Chluain Tarbh]], chloígh na Gaeil slua Lochlann ar deireadh, cé gur maraíodh [[Brian Bóirmhe]], ceannaire na nGael.
 
Sa [[12ú haois]], ba iad na [[Normanaigh|Normannaigh]] a tháinig i dtír. Bhí [[Diarmuid Mac Murchadha Caomhánach]] san oirdheisceart i dtrioblóid lena chuid talún agus le tiarnaí eile sa chuid sin tíre, agus d'iarr sé cúnamh ar Rí [[Anraí II Shasana]] i [[1171]]. Chuir Anraí [[Strongbow]], tiarna Normanach ón mBreatain Beag, i gcúnamh air. Ach má tháinig, d'fhan na NormanaighNormannaigh, agus cé gur iomaí cath a troideadh, de réir a chéile ghlac siad seilbh ar thailte agus caisleáin agus bailte na hÉireann. Do lean cumhacht na nGall in Éirinn, óir choinnigh fórsaí rí Shasana smacht ar an gcuid den tír timpeall ar [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]], an baile is mó a bhí faoi smacht na Lochlannach agus na Normanach ina ndiaidh. Laistigh de dhá ghlún, bhí rialtas lárnach i mBaile Átha Cliath, faoi stiúir dhíreach rí Shasana. I [[1297]] cuireadh an chéad pharlaimint ar bun, ach b'iad siúd de shliocht Gallda amháin a thogh agus a shuigh sa pharlaimint sin. Ó thús an [[14ú haois|14ú aois]], bhí Gaelú le sonrú imeasc na nGall a bhí fanta in Éirinn, agus cuireadh [[Reachtanna Chill Chainnigh|Dlithe Chill Chainnigh]] i réim i [[1366]], a chuir scoilt idir Ghael agus [[Gall]]. I ré na d[[Teodar]], cuireadh breis máistreacht ar an tír, agus i [[1494]] cuireadh [[Dlí Poynings]] i réim. Thug sé sin cead do Rí Shasana dlithe nua ó pharlaimint Bhaile Átha Cliath a chosc. I [[1534]] deineadh Tiarnaí Tánaiste de [[Iarlaí Chill Dara]], agus i [[1541]] ghlac rí Shasana an teideal "[[Rí na hÉireann]]" chomh maith. Sna blianta a lean, cuireadh brú ar na tiarnaí Gaelacha a dtailte a bhronnadh ar rí Shasana, ionas go dtabharfaí ar ais dóibh é mar dheontas ríoga, agus teideal Gallda ag dul leis. Ar ndóigh, chuaigh sé seo i gcoinne ghnás na nGael go mór, ach de réir a chéile ghlac go leor leis an réiteach seo.
 
De réir a chéile, leath cumhacht Shasana ón b[[Páil]] ar fud na tíre, trí chathanna, géilleadh na dtiarnaí Gaelacha don Choróin, agus le cur fúthu ag tiarnaí agus móraibh eile Sasanacha.
Líne 68:
I rith an [[19ú haois]], bhí aighneas ar son na saoirse ó am go ham. Bhí éirí amach in [[1803]], agus múchadh go héasca é, agus cuireadh an ceannaire, [[Robert Emmet]], chun báis. Timpeall na bliana [[1845]] a chuir [[Michael Davitt]] ón [[an tSráid|Sráid]] i g[[Contae Mhaigh Eo]] [[Conradh na Talún]] ar bun. Is é a bhí á iarraidh acu ná ''cíos cothrom, ceart seilbh agus cead díolta''. Bhí Conradh na Talún ar bun ar fud na tíre. Bhí [[Éirí Amach 1848 in Éirinn|Éirí Amach]] freisin in [[1848]]. Theip ar an éirí amach sin, mar a theip ar gach ceann roimhe.
 
Ag deireadh an 19ú Aoishaois, bhí [[Páirtí Parlaiminteach na hÉireann]] (''Irish Parliamentary Party'') gníomhach ag lorg saoirse don tír. Ba é [[Charles Stewart Parnell]] a bhí ina fheighil ar feadh i bhfad, ach nuair a cuireadh cairdeas a bhí aige le bean pósta [[Kitty O'Shea]], ina leith, chuaigh an eaglais Chaitliceach ina choinne, agus uaidh sin thréig muintir na tíre é, gur chaill sé a cheannaireacht i [[1890]]. Ina dhiaidh siúd, bhí [[John Redmond]] i bhfeighil ar an bpáirtí, agus lean siad go dtí gur éirigh le [[Sinn Féin]] uimhir mór feisirí a thoghadh i [[1917]], tar éis [[Éirí Amach na Cásca]] i [[1916]]. Ní raibh ag páirtí Redmond ach seachtar fheisire, an chuid is-mó in Uladh (ceann amháin i [[Learpholl]]).
 
Chuir Sinn Féin [[an Chéad Dáil]] ar bun i [[1918]] i m[[Baile Átha Cliath]] mar gur acu a bhí bunús na bhfeisirí a toghadh go parlaimint [[Londain]]. Reachtáladh [[Acht Rialtais Éireann]] i Londain i [[1920]], agus cé go raibh saoirse d'Éireann i gceist, deir [[R.F. Foster]] ina leabhar, ''Modern Ireland'', go raibh sé an-soiléir go mbeadh críochdheighilt freisin, mar go raibh rogha le bheith ag muintir an oirthuaiscirt gan a bheith páirteach sa neamhspleáchas. Go deimhin, cé go ndeachaigh an [[Bille um Riail Baile]] tríd an dteach íochtarach i Sasana i [[1914]], chuir [[Teach na dTiarnaí]] an oireadh athraithe air nár féadadh é a thabhairt i gcrích.
 
Ina dhiaidh seo, thosaigh [[Cogadh na Saoirse in Éirinn|Cogadh na Saoirse]] a lean go dtí an [[Conradh Angla-Éireannach]] i [[1919]]. Ach ní raibh aontas faoin gconradh, mar gur aithin sé [[Críochdheighilt na hÉireann|críochdheighilt na tíre]], agus as seo a tháinig an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Cogadh Cathartha]] nó Cogadh na gCarad, a bhí chomh crua céanna le Cogadh na Saoirse. Ach buaileadh an taobh Poblachtach a chuir i gcoinne an Chonartha, agus bhí rialtas neamhspleách anois sna 26 chontaethe ó dheas. Tá na sé chontaethe ó oir-thuaidh sa [[Ríocht Aontaithe]] ó shoinshin, i ríocht Thuaisceart Éireann.
 
== Tíreolaíocht ==