An difríocht idir athruithe ar: "Naomh Blaise"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Hans Memling 002.jpg|deas|150px|thumb|Naomh Blaise]]
Ba naomh B'[[Caitliceacheaspag]] agus mairtíreach é naomh '''Blaise''' nó naomh '''Bláisias''' ([[An Airméinis|Airméinis]]: Սուրբ Բարսեղ). Tugtar onóirIs é marNaomh phatrúnBlaise arduine daoineden aCheathrar mbíonnCabhraitheoir tinneasNaofa scornaigh acuDéag. Déantar comóradhCeiliúrtar arLá Fhéile Blaise ar [[3 Feabhra]] san [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Eaglais Chaitliceach]].
 
== Saol ==
Easpag agus mairtíreach a mhair i Sebaste san [[An Airméinis|Airméin]] sa [[4ú haois]] ba ea Naomh Bláisias<ref>https://www.catholicbishops.ie/wp-content/uploads/images/stories/features/Catholic_Schools_Week/2010/csw_postprimary_eng.pdf</ref>. I s cosúil go raibh sé ina dhochtúir leighis ar dtús.
[[Íomhá:Saint Blaise and animals.jpg|clé|mion|Blaise sa Rúis: 15ú haois]]
 
== Scéalta ==
Thug bean, a mac chuig Blaise agus cnámh á thachtadh ina scornach agus chneasaigh sé an páiste<ref>http://education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/03/CSW-Post-primary-resources-Irish-Web.pdf</ref>.
 
Le linn géarleanúna, chuaigh Blaise i bhfolach i bpluais agus a fhad is a raibh sé ansin leigheas sé ainmhithe a bhí tinn nó gointe
 
Nuair a bhí [[príosún]]<nowiki/>acht á chur air, tháinig bean chuige a dúirt gur rug [[mac tíre]] a [[muc]] leis. Trí idirghuí Naomh Blaise, tugadh an mhuc ar ais chuig an mbean.
[[Íomhá:Head reliquary Dubrovnik Cathedral.jpg|mion|Taisí, [[Dubrovnik]]]]
 
== Míorúiltí ==
Rinneadh éarlamh ar bhaile Spáinneach in aice le [[València (cathair)|Valencia]] de Naomh Blaise, nuair a mheas an pobal gur shábháil sé ón ngalar [[An Diftéire|diftéire]] iad.
 
Sa bhliain 971, nuair a bhí fogha á bhagairt faoin áit ina bhfuil [[Dubrovnik]] na linne seo, deirtear gur nocht Naomh Blaise é féin do mhuintir na [[Cathair (lonnaíocht)|cathrach]] agus gur shábháil sé iad. Inniu, tá ardeaglais ann in Dubrovnik ina bhfuil na taisí a bhaineann le Naomh Blaise ar taispeáint: [[ceann]] Naomh Blaise, a [[lámh]] chlé is a lámh dheas, a [[scornach]] is a [[Cos|chos]] dheas.
 
I mbaile beag Aubin na Fraince, rinneadh éarlamh ar an [[séipéal]] áitiúil de Naomh Blaise, toisc gur mheasadh gur eisean a chuir deireadh le heipidéim a bhí ag bánú na n-eallaí.
[[Íomhá:Saint Blaise Saint patron Dubrovnik.JPG|mion|Dubrovnik]]
 
== Onóracha ==
Is éarlamh na gceoltóirí, na gaothuirlisí & na mbuíonta ceoil é.
 
Meastar gur chosantóir ar chathracha é Naomh Blaise, cosantóir na n-ainmhithe allta, éarlamh na veigeatóirí, agus éarlamh na dtionscal olla.
 
Meastar go bhfuil gaol ag Naomh Blaise leis an [[Olann|tionscal olla]].. D’ainmníodh [[St Blazey|St. Blazey]], sráidbhaile i g[[Corn na Breataine]] ina onóir. Tuigtear gur chuir Blaise oiliúint sna scileanna olla ar dhaoine sna ceantair seo.
 
== Nósanna ==
* In [[Éire|Éirinn]], beannú na [[scornach]] ar an [[3 Feabhra|3 Feabhra,]] . Cuirtear beannacht Naomh Blaise ar uisce agus ar eallaí chomh maith.
 
* Sa [[An Ghearmáin|Ghearmáin]], déantar aráin mhilse/panelleta a ofráil & roinntear ar an teaghlach, ar chairde, agus ar pheataí iad
 
* Sa [[An Fhrainc|Fhrainc]], cuirtear beannacht ar shíolta arbhair. Iompraíonn na mná ciseáin síolta lena mbeannú sa séipéal. Fágtar leath den arbhar mar ofráil, agus measctar leis na gnáthshíolta an leath eile sula gcuirtear i dtalamh iad.
 
* [[Íomhá:S-blaise.png|mion|Wappen, [[An Eilvéis]]]]San [[An Iodáil|Iodáil]] is sa Fhrainc, lastar tinte cnámh ar Lá Fhéile Blaise Naofa.
* San Iodáil, déantar [[Borróg|borróga]] beaga a bhácáil ar an [[1 Feabhra]]. Beannaítear iad agus roinntear ar an 3 Feabhra iad ar an bpobal i ndúiche na dtionscal olla. I Serra San Bruno, bronnann na fir [[Briosca|brioscaí]] darb ainm abbacolo (cosúil le bachall easpaig) ar na cailíní. Má bhriseann an cailín an briosca ina dhá chuid agus má thugann sí leath de ar ais don fhear, tuigtear go b[[Pósadh|pós]]<nowiki/>far an bheirt.
* Sa [[An Spáinn|Spáinn]], tarlaíonn Lá Fhéile Blaise Naofa i rith fhéile an [[Earrach|earraigh]]. Déantar [[Arán|aráin]] [[Milseog|mhilse]] (panelleta) a ofráil do Naomh Blaise, agus roinntear ar an [[teaghlach]], ar chairde, agus ar pheataí iad.
[[Íomhá:Blessing of Throats 2011.jpg|clé|mion|Beannachtaí Naomh Blaise, Porto Alegre, Reio Grande do Sul, Brazil.]]
 
=== Paidir: Beannú na Scornach ===
<blockquote>Trí idirghuí Naomh Bláisias,</blockquote><blockquote>Easpag agus Mairtíreach,</blockquote><blockquote>go gcosnaí Dia tú ó gach éalang scornaí</blockquote><blockquote>agus ó gach tinneas eile,</blockquote><blockquote>trí Chríost ár dTiarna</blockquote>
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
{{síol}}