An difríocht idir athruithe ar: "Buama"
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Feiste a úsáidtear chun pléascadh a dhéanamh, a mbíonn soitheach, ábhar pléascach (mar shampla, nítriglicrín nó trínítreatolúéin) agus fiús ann d...' |
No edit summary |
||
Líne 1:
Feiste a úsáidtear chun pléascadh a dhéanamh, a mbíonn soitheach, ábhar pléascach (mar shampla, [[nítriglicrín]] nó [[trínítreatolúéin]]) agus fiús ann de ghnáth.
Bíonn buama difriúil ó fheistí pléascacha eile mar nach dtiomáintear é i dtreo a sprice.
De ghnáth is trí dhomhantarraingt (nuair a ligtear don bhuama titim ó [[eitleán]]) nó tríd an mbuama a chur ar an sprioc nó gar di (mar a dhéantar le buama gluaisteáin) a aimsíonn sé an sprioc. Tá saghsanna éagsúla buamaí, ina measc buama pléasctha, buama bloghraithe, buama fritharmúir, [[buama loiscneach]].
Úsáidtear raon leathan [[meáchan]] i mbuamaí, ó timpeall 1 kg ábhair phléascaigh i mbuama gluaisteáin go dtí níos mó ná 10,000 kg sna buamaí is mó a úsáideadh sa dara cogadh domhanda. Cuirtear domhantarraingt, luas is airde an eitleáin san áireamh chun an t-am le ligean do bhuama titim a chinneadh.
Tá buamaí cliste ann freisin, agus inneall treoraithe iontu atá in ann comharthaí a ghlacadh ón talamh (mar shampla, léas [[Léasar|léasair]]) chun iad a threorú.
==Tagairtí==
{{reflist}}
[[Catagóir:Cogadh]]
[[Catagóir:Sceimhlitheoireacht]]
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
|