An difríocht idir athruithe ar: "An Túinéis"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 51:
== Stair na tíre ==
 
=== '''Faoi riail an Impireacht Otamánach''' ===
Tharla an chéad ghabháil [[Otamánach]] ar an Túinéis sa bhliain 1534 faoi cheannas Barbarossa Hayreddin Pasha le linn ré [[Suleiman Ollásach]]. Bhí ar an [[Impireacht Otamánach]] athghabháil a dhéanamh ar an Túinéis chun smacht ar an tír a fháil ar ais ón [[An Spáinn|Spáinn]] sa bhliain 1574. Bhí siad i gceannas ar an tír go dtí gabháil na Francaigh sa bhliain 1881.
 
I dtosach bhí an tír faoi rialtóir (Pasha) ach roimh bhfad is réigiún uathrialaitheach faoi ceannas áitiúil (na 'Beyigh') taobh istigh den Impireacht a bhí ann. Mhair an féinriail seo faoi na Beyigh Hussein idir 1705 go dtí neamhspleáchas i 1957. Le linn an thréimhse seo, bhí scothaicme iasachta i gceannas ar an tír agus bhí [[Tuircis]] mar teanga gnó an stáit.
 
=== '''Faoi riail na Fraince''' ===
In 1869, d'fhógair an Túinéis go raibh sí bancbriste. Tháinig coimisiún idirnáisiúnta isteach chun geilleagar na tíre a riaradh. Tháinig na Francaigh i gcumhacht le linn na 1880'í. Rinne an Fhrainc ionradh ar an Túinéis in 1881 le thart ar 36,000 saighdiúir. Bhí an Túinéis mar [[coimirceas|choimirceas]] de chuid an Fraince ón bhliain 1883.