An difríocht idir athruithe ar: "An Fhraincis"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 31:
=== An Fhraincis san Eilvéis ===
 
Teanga oifigiúil í an Fhraincis san Eilvéis. Tá sí ar an dara teanga is mó a labhraítear san Eilvéis, agus í ó dhúchas ag duine as cúigear. Labhraítear í in oirthear na tíre in aice le teorainn na Fraince. Tá sí oifigiúil i seacht gcantún as 22 acu.
 
=== An Fhraincis sa Bheilg ===
 
Teanga oifigiúil í an Fhraincis sa Bheilg chomh maith. Tá sí ó dhúchas as 40 % de mhuintir na tíre, agus í foghlamtha go maith ag 60 % den chuid eile. Tá sí á labhairt sa [[An Vallúin|Vallúin]] agus sa [[An Bhruiséil|Bhruiséil]].
 
=== An Fhraincis i Monacó agus in Andóra ===
Líne 56:
=== An Fhraincis i Lucsamburg ===
 
Tá trí theanga oifigiúla i [[Lucsamburg]], mar atá, an [[An Lucsambuirgis|Lucsambuirgis]], an [[An Ghearmáinis|Ghearmáinis]] agus an Fhraincis. Is í an Lucsambuirgis teanga dhúchasach na Lucsamburgach, agus is canúint de chuid na Gearmáinise í. Ós rud é go bhfuil an Ghearmáinis an-chóngarach di, cleachtar mar theanga chultúrtha í, ach is í an Fhraincis an t-aon teanga amháin a úsáidtear i gcúrsaí reachtaíochta. Ainmneacha Fraincise amháin atá ar na forais phoiblí. Is í an Ghearmáinis teanga na nuachtán ach is í an Lucsambuirgis caint na ndaoine.
 
=== An Fhraincis in Oileáin [[Muir nIocht|Mhuir nIocht]] ===
Líne 64:
=== An Fhraincis in Éireann===
 
Ba í an Fhraincis an dara teanga iasachta is mó labhairt mar phríomhtheanga tí in [[Éireann]] sa bhliain 20112016. Ba í an phríomhtheanga ag 5654,430948 duine(1.2% do daonra na tíre).<ref name=":0">http://www.cso.ie/en/media/csoie/releasespublications/documents/population/2017/Chapter_5_Diversity.pdf lch 10 {{En}}</ref> Ba í an chéad teanga iasachta is mó labhairt ag daoine a rugadh in Éirinn.<ref name=":0" /> Ba í an ceathrú teanga is mó labhairt san iomlán. De réir suirbhé a dhein Eurobarometer sa bhliain 2006 dúirt 20% go raibh ar a gcumas comhrá a bheith acu as Fraincis.
 
=== An Fhraincis i gCeanada ===
Líne 74:
=== An Fhraincis i Háití ===
 
Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil amháin i Háití, cé nach labhraíonn ach an uasaicme í. Is í an teanga úd ''Kreyòl''[[Fásteanga Háítí|Fásteanga Háití]] caint na sráide. Is [[fásteanga]] í atá bunaithe ar an bhFraincis.
 
=== An Fhraincis sna Stáit Aontaithe ===
 
Cé go bhfuil an Fhraincis ar an tríú teanga is mó a labhraítear sna Stáit Aontaithe, níl stádas oifigiúil ar bith aici ansin. Tá sí ar an dara teanga is mó i [[New Hampshire]], [[Louisiana]], [[Maine]], agus [[Vermont]]. Dhá chineál Fraincis atá á labhairt i Louisiana - ''Créole'' agus ''Cajun''. Fásteanga í an teanga ''Créole'' agus í tar éis cuid mhór de ghramadach na Fraincise caighdeánaí a chailleadh faoi bhrú an [[An Béarla|Bhéarla]], na Spáinnise, na dteangacha bundúchasacha agus na dteangacha Afracánacha. Is iad na Gormaigh is mó a labhraíonn í. Is í an Fhraincis an seachtú (ná an cheathrú nuair a chuirtear Fásteanga Háití san áireamh) teanga is mó labhairt san iomlán.
 
 
Líne 96:
 
Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis i bPondicherry san [[An India|India]], an t-aon áit amháin a choinnigh na Francaigh acu féin sa tír tar éis do na Sasanaigh teacht i dtreis. Tá ''lycée'', nó meánscoil Fhrancach, ann fós. Is í an [[An Tamailis|Tamailis]] an teanga is mó atá i réim ansin, áfach.
 
=== An Fhraincis san Aigéine ===
Tá an Fhraincis ina teanga oifigiúil i gceithre chríoch san [[An Aigéine|Aigéine]]; [[Vanuatú]], [[An Nua-Chaladóin]], [[Vailís agus Futúna]] agus [[Polainéis na Fraince]]. I Vanuatú, tá sí ó dhúchas as 6500, i ndiaidh an [[Bhioslaimis]] agus Béarla. De réir daonaireamh na Nua-Chaladóine 2009, bhí 97.3% de daonra na Nua-Chaladóine in ann an Fhraincis a labhairt. De réir an daonáireamh Vailís agus Futúna, dúirt 9.7% den daonra go labhraítear an Fhraincis mar phriomhtheanga abhaile agus duirt 78.2% gur féidir leo an Fhraincis a labhairt, a léamh agus a scríobh. De réir daonáireamh Polanéis na Fraince 2007, Bhí sí ó dhúchas as 68.5% de mhuintir an chríoch.
 
== Stair na Fraincise ==