An difríocht idir athruithe ar: "An Micreascóp"

Content deleted Content added
Erigena (plé | dréachtaí)
Líne 38:
 
==Stair==
Ba é an réalteolaí Francach an tAb [[Nicolas Louis de Lacaille]] a chruthaigh réaltbhuíon an Líontáin. Chaith Lacaille na blianta [[1751]] agus [[1752]] san [[Afraic Theas]] agus é ag clárú réaltaí [[Sféar_neamhaí|an leathsféir theas]]. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain [[1756]] ach ní raibh ann ach [[plánaisféar]] agus é sa teanga [[Fraincis|Fraincise]]. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain [[1763]], bliain amháin tar éis bhás Lacaille. '''Coelum Australe Stelliferum''' an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an [[Laidin]], agus chuir sé trí réaltbhuíon [[An_Chíle|na Cíle]], [[na Seolta]] agus [[Deireadh_na_Loinge|Dheireadh na Loinge]] in áit [[An_Long|Argo Navis]] (nó '''Le Navire''', mar a thug sé air sa chéad eagrán).
 
Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Micreascóp ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá ata inniu ann glacann an [[an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]] (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.
 
'''Le Microscope''' an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an reáltbhuíon seo ar dtús. '''Microscopium''' an t-ainm Laidine a tugadh uirthi ar an bplánaisféar a tháinig amach sa bhliain [[1763]], agus is é an t-ainm céanna a thugtar uirthi sa lá atá inniu ann.
 
==Miotaseolaíocht==