An difríocht idir athruithe ar: "Arthur Schopenhauer"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Arthur Schopenhauer daguerreotypeby J Schäfer, 1859b.jpg|thumb|220px|Arthur Schopenhauer]]
[[Fealsúnacht|Fealsamh]] [[an Ghearmáin|Gearmánach]] ab ea '''Arthur Schopenhauer''' ([[Danzig]] [[22 Feabhra]] [[1788]] - [[Frankfurt am Main]] [[21 Meán Fómhair]] [[1860]]). Bhí sé ar dhuine de na fealsúna sa naoú haois déag ba thúisce a chuir an tuairim i bhfocail go raibh an domhan bunaithe ar phrionsabail mhíréasúnta. Cosúil le [[George Berkeley]], bhí Schopenhauer barúlach nach mbeadh ollchruinne ar bith ann ach gurbh é go raibh an duine ann agus é ag tabhairt na hollchruinne faoi deara. Bhí dearcadh dorcha éadóchasach aige ar an saol, nach raibh ann, go bunúsach, ach gleann na ndeor. Maidir leis an moráltacht, bhunaigh sé í ar an trua agus ar an gcomhbhrón, a cheadódh don duine bua a fháil ar a fhéinspéis.