An difríocht idir athruithe ar: "Plútón (abhacphláinéad)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Pluto by LORRI and Ralph, 13 July 2015.jpg|300px|thumb|Plútón]]
 
[[Abhacphláinéad]] is ea '''Plútón''' atá suite ar [[imeall]] an [[grianchóras|ghrianchórais]]. Ó [[1930]] go [[2006]], thugadh an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) agus na gnáthdaoine [[pláinéad]] air, ach athraíodh an cinneadh sin i mí [[Lúnasa]] [[2006]], ós rud é go bhfuil reanna neimhe sonraithe i g[[Crios Kuiper]] taobh thiar de atá ar aon mhéid leis.<ref>Sa bhliain 2005, thángthas ar réad de chuid Kuiper, [[2003 UB313|2003 UB<sub>313</i>]], atá níos mó ná Plútón.</ref> Mar sin, is féidir nach bhfuil i gceist le Plútón ach an ceann is cóngaraí dúinn de reanna an chreasa seo.
==Tréithe==
 
Tá Plútón ag timpeallú na [[Grian|Gréine]] ar fhithis atá an-difriúil le fithisí na ngnáthphláinéad. Fithis an-chlaonta, an-éalárnach í. Mar sin, siúd is go raibh sé de nós ag na daoine a shíleadh gurb é Plútón an pláinéad is faide ón nGrian, chaith sé na blianta [[1979]]-[[1999]] taobh istigh d'fhithis [[Neiptiún (pláinéad)|Neiptiúin]]. Sa bhliain 1978, cuireadh an chéad sonrú i satailít Phlútóin, [[Carón]]. Tugadh dhá [[gealach|ghealach]] níos lú faoi deara sa bhliain [[2005]], mar atá, [[Nix]] agus [[Hydra]]. Déanta na fírinne, níl sé furasta a rá, ach an oiread, an "[[Satailít nádúrtha|satailít]]" é Carón dháiríre. B'fhearr a rá gur córas [[Imtharraingt|imtharraingthe]] iad Plútón agus Carón in éineacht, agus go bhfuil an bheirt acu ag timpeallú [[meáchanlár]] an chórais sin. Tá an meáchanlár sin suite in aice le Plútón, ach níl sé taobh istigh de.
 
Go dtí seo, níor thug aon [[spásárthach ]]nó [[Spástaiscéaladh|spástaiscéalaí]] cuairt ar Phlútón. Tiocfaidh athrú air seo sa bhliain 2015, má éiríonn leis an taiscéalaí úd [[New Horizons]], a scaoileadh chun siúil ó lárionad spáis Cape Canaveral ar an [[19 Eanáir]] [[2006]], eitilt thart le Plútón de réir na bpleananna.
 
== An Fhionnachtain ==
 
Tá scéal [[Fionnachtain|fionnachtana]] Phlútóin fite fuaite le fionnachtain [[Neiptiún (pláinéad)|Neiptiúin]]. Sna 1840idí, agus iad i dtuilleamaí [[Meicnic Newton|mheicníc Newton]], d'oibrigh [[Urbain Le Verrier]] agus John Couchy Adams amach suíomh Neiptiúin, nach raibh aimsithe go fóill, agus iad i ndiaidh anailís a dhéanamh ar an dóigh a raibh [[mais]] mhór mhillteanach éigin ag cur isteach ar ghluaiseacht [[Úránas (pláinéad)|Úránais]] ar a chonair. Thuig siad nach mbeadh ach [[imtharraingt]] ó phláinéad eile in ann a leithéid a dhéanamh, agus ceart go leor, tháinig [[Johann Gottfried Galle]] ar [[Neiptiún]] ar an 23ú lá de Mhí [[Meán Fómhair|Mheán Fómhair]] sa bhliain 1846.
 
Nuair a bhí an [[19ú haois|naoú haois déag]] ag druidim chun deiridh, thosaigh na [[Réalteolaí|réalteolaithe]] ag déanamh go raibh conair Neiptiúin faoi thionchar den chineál chéanna, agus iad ag dul ar lorg pláinéad eile fós. Sa bhliain 1909, bhí William H. Pickering agus [[Percival Lowell]] ag moladh [[Comhordanáidí polacha|comhordanáidí]] éagsúla neamhaí don phláinéad sin. I Mí na [[Bealtaine]] sa bhliain 1911, d'fhoilsigh an réalteolaí Indiach Venkatesh Ketakar [[Figiúr|figiúir]]í ar bhullaitín na réalteolaithe [[Francach]]a inar thairngir sé suíomh an phláinéid nach raibh aimsithe fós. Cailleadh Percival Lowell sa bhliain 1916, ach níor tháinig deireadh leis na hiarrachtaí teacht ar an bpláinéad a bhí ag teastáil.
 
B'é an réalteolaí [[Clyde Tombaugh]], agus é ag obair i Réadlann Lowell in [[Arizona]], a chuir an chéad sonrú i bPlútón ar an [[18 Feabhra]] 1930. Lean sé ar aghaidh ag cur grianghrafanna den spéir i gcomparáid<ref>Leis an ngléas "Astrograph", rinne Clyde Tombaugh fótagraif den chuid den spás inar aimsigh sé an abhacphlainéad Plútón</ref> le chéile.<ref>Chaith Tombaugh taobhshúil fosta ar ghrianghraf a tógadh ar an [[20 Eanáir]] nach raibh chomh maith leis na grianghrafanna eile</ref>. Nuair a bhí tuilleadh grianghrafanna tógtha le Tombaugh an bhfiannachtain a dheimhniú, cuireadh an nuacht ar an [[Teileagrafaíocht|teileagraf]] chuig [[Réadlann]] Choláiste [[Ollscoil Harvard|Harvard]] ar an [[13 Márta]]. Ina dhiaidh sin féin, haithníodh an pláinéad ar sheanghrianghrafanna ón [[19 Márta]] [[1915]]. Fuarthas amach go raibh sé ag dul ar aghaidh 39.48 [[aonad réalteolaíoch]], nó 14.283 stuashoicind in aghaidh an lae.
 
Íorónta go leor, ní raibh Plútón in ann an oiread tionchair a imirt ar ghluaiseacht Neiptiúin agus a síleadh, nó níl sé in aon chóngar do bheith chomh trom sin. Is é is cúis leis na "mírialtachtaí" a sonraíodh i ngluaiseachtaí an phláinéid ná nach raibh mais Neiptiúin [[Measúnú|measúnaithe]] i gceart ag réalteolaithe na [[19ú haois|naoú haoise déag]]. Má chuidigh figiúirí Pickering, Lowell, agus Ketakar le Tombaugh teacht ar an lorg ceart, ní raibh ann ach comhtharlúint iomlán.
 
==Ainm==
B'é Vesto Melvin Slipher, stiúrthóir Réadlann Lowell, a fuair "spreagadh chun ainm a bhaisteadh ar an bpláinéad nua sula ndéanfadh aon duine eile é", mar a dúirt Tombaugh. Thosaigh na mílte duine ó gach cearn den domhan ag moladh ainmneacha éagsúla ar Phlútón, Thairg Constance Lowell, baintreach Percival, na hainmneacha Zeus, Lowell, agus fiú Constance, ach ní raibh fáilte ar bith roimh na moltaí seo. Is iomaí ainm miotasúil de chuid na sean-[[Róimh]]e agus na [[sean-Ghréig]]e a cuireadh chun tosaigh, ach má cuireadh, bhí cuid mhór acu úsáidte cheana féin, agus iad bronnta ar na h[[Astaróideach|astaróidigh]] iomadúla.
 
An t-ainm a roghnaíodh, is é ainm an dé i sean[[Reiligiún|reiligiún]] na Róimhe a bhí ag gardáil an Domhain Thíos. Thairis sin, cuireann an chéad dá litir an réalteolaí Percival Lowell i gcuimhne dúinn, an fear céanna a thuar go mbeadh pláinéad eile le fáil taobh thiar de Neiptiún. B'í Venetia Burney, [[cailín]] nach raibh ach aon bhliain déag d'aois, a mhol an t-ainm. Chuir sí an smaoineamh in iúl dá seanathair, a bhí ag obair sa Bhodleian Library, is é sin, [[leabharlann]] na h[[Ollscoil]]e in [[Ollscoil Oxford|Oxford]]. Chuaigh an t-ainm ón seanathair go Herbert Hall Turner, Ollamh le Réalteolaíocht, agus b'é an tOllamh Turner a chuir an smaoineamh in iúl do na réalteolaithe i [[Meiriceá]] ar an teileagram. Sa deireadh thiar thall, [[Báisteach|baisteadh]] Plútón ar an bpláinéad go hoifigiúil, rud a fógraíodh don t[[saol]] mhór ar Lá Bealtaine, 1930.
 
 
=== Atmaisféar ===
Line 49 ⟶ 30:
Ar an [[15 Bealtaine]] [[2005]], haithníodh an chéad uair riamh go raibh dhá shatailít eile ag dul timpeall ar Phlútón, mar atá, Nix agus Hydra. Ba é Teileascóp Spáis Hubble a thóg na chéad [[Grianghrafadóireacht|ghrianghrafanna]] díobh, agus ansin, tháinig na saineolaithe a bhí ag obair ar na grianghraif seo, tháinig siad ar an tátal go raibh dhá ghealach eile seachas Carón ag timpeallú Phlútóin. Le bheith beacht, ar ndóigh, níl an dá ghealach seo ag fithisiú Phlútóin i gciall cheart an fhocail, nó cosúil le Carón agus le Plútón féin, tá siad ag dul timpeall ar mheáchanlár an chórais. Tá fithis Nix suite timpeall is 48,700 ciliméadar ón meáchanlár, agus fithis Hydra timpeall ar 64,800 ciliméadar ón meáchanlár. Tá fithisí an dá ghealach seo an-chosúil le ciorcal ceart.
 
== Fionnachtain ==
 
Tá scéal [[Fionnachtain|fionnachtana]] Phlútóin fite fuaite le fionnachtain [[Neiptiún (pláinéad)|Neiptiúin]]. Sna 1840idí, agus iad i dtuilleamaí [[Meicnic Newton|mheicníc Newton]], d'oibrigh [[Urbain Le Verrier]] agus John Couchy Adams amach suíomh Neiptiúin, nach raibh aimsithe go fóill, agus iad i ndiaidh anailís a dhéanamh ar an dóigh a raibh [[mais]] mhór mhillteanach éigin ag cur isteach ar ghluaiseacht [[Úránas (pláinéad)|Úránais]] ar a chonair. Thuig siad nach mbeadh ach [[imtharraingt]] ó phláinéad eile in ann a leithéid a dhéanamh, agus ceart go leor, tháinig [[Johann Gottfried Galle]] ar [[Neiptiún]] ar an 23ú lá de Mhí [[Meán Fómhair|Mheán Fómhair]] sa bhliain 1846.
 
Nuair a bhí an [[19ú haois|naoú haois déag]] ag druidim chun deiridh, thosaigh na [[Réalteolaí|réalteolaithe]] ag déanamh go raibh conair Neiptiúin faoi thionchar den chineál chéanna, agus iad ag dul ar lorg pláinéad eile fós. Sa bhliain 1909, bhí William H. Pickering agus [[Percival Lowell]] ag moladh [[Comhordanáidí polacha|comhordanáidí]] éagsúla neamhaí don phláinéad sin. I Mí na [[Bealtaine]] sa bhliain 1911, d'fhoilsigh an réalteolaí Indiach Venkatesh Ketakar [[Figiúr|figiúir]]í ar bhullaitín na réalteolaithe [[Francach]]a inar thairngir sé suíomh an phláinéid nach raibh aimsithe fós. Cailleadh Percival Lowell sa bhliain 1916, ach níor tháinig deireadh leis na hiarrachtaí teacht ar an bpláinéad a bhí ag teastáil.
 
B'é an réalteolaí [[Clyde Tombaugh]], agus é ag obair i Réadlann Lowell in [[Arizona]], a chuir an chéad sonrú i bPlútón ar an [[18 Feabhra]] 1930. Lean sé ar aghaidh ag cur grianghrafanna den spéir i gcomparáid<ref>Leis an ngléas "Astrograph", rinne Clyde Tombaugh fótagraif den chuid den spás inar aimsigh sé an abhacphlainéad Plútón</ref> le chéile.<ref>Chaith Tombaugh taobhshúil fosta ar ghrianghraf a tógadh ar an [[20 Eanáir]] nach raibh chomh maith leis na grianghrafanna eile</ref>. Nuair a bhí tuilleadh grianghrafanna tógtha le Tombaugh an bhfiannachtain a dheimhniú, cuireadh an nuacht ar an [[Teileagrafaíocht|teileagraf]] chuig [[Réadlann]] Choláiste [[Ollscoil Harvard|Harvard]] ar an [[13 Márta]]. Ina dhiaidh sin féin, haithníodh an pláinéad ar sheanghrianghrafanna ón [[19 Márta]] [[1915]]. Fuarthas amach go raibh sé ag dul ar aghaidh 39.48 [[aonad réalteolaíoch]], nó 14.283 stuashoicind in aghaidh an lae.
 
Íorónta go leor, ní raibh Plútón in ann an oiread tionchair a imirt ar ghluaiseacht Neiptiúin agus a síleadh, nó níl sé in aon chóngar do bheith chomh trom sin. Is é is cúis leis na "mírialtachtaí" a sonraíodh i ngluaiseachtaí an phláinéid ná nach raibh mais Neiptiúin [[Measúnú|measúnaithe]] i gceart ag réalteolaithe na [[19ú haois|naoú haoise déag]]. Má chuidigh figiúirí Pickering, Lowell, agus Ketakar le Tombaugh teacht ar an lorg ceart, ní raibh ann ach comhtharlúint iomlán.
 
===Taiscéalaí sa 21ú haois===
Go dtí seo, níor thug aon [[spásárthach ]]nó [[Spástaiscéaladh|spástaiscéalaí]] cuairt ar Phlútón. Tiocfaidh athrú air seo sa bhliain 2015, má éiríonn leis an taiscéalaí úd [[New Horizons]], a scaoileadh chun siúil ó lárionad spáis Cape Canaveral ar an [[19 Eanáir]] [[2006]], eitilt thart le Plútón de réir na bpleananna.
 
==Ainm==
B'é Vesto Melvin Slipher, stiúrthóir Réadlann Lowell, a fuair "spreagadh chun ainm a bhaisteadh ar an bpláinéad nua sula ndéanfadh aon duine eile é", mar a dúirt Tombaugh. Thosaigh na mílte duine ó gach cearn den domhan ag moladh ainmneacha éagsúla ar Phlútón, Thairg Constance Lowell, baintreach Percival, na hainmneacha Zeus, Lowell, agus fiú Constance, ach ní raibh fáilte ar bith roimh na moltaí seo. Is iomaí ainm miotasúil de chuid na sean-[[Róimh]]e agus na [[sean-Ghréig]]e a cuireadh chun tosaigh, ach má cuireadh, bhí cuid mhór acu úsáidte cheana féin, agus iad bronnta ar na h[[Astaróideach|astaróidigh]] iomadúla.
 
An t-ainm a roghnaíodh, is é ainm an dé i sean[[Reiligiún|reiligiún]] na Róimhe a bhí ag gardáil an Domhain Thíos. Thairis sin, cuireann an chéad dá litir an réalteolaí Percival Lowell i gcuimhne dúinn, an fear céanna a thuar go mbeadh pláinéad eile le fáil taobh thiar de Neiptiún. B'í Venetia Burney, [[cailín]] nach raibh ach aon bhliain déag d'aois, a mhol an t-ainm. Chuir sí an smaoineamh in iúl dá seanathair, a bhí ag obair sa Bhodleian Library, is é sin, [[leabharlann]] na h[[Ollscoil]]e in [[Ollscoil Oxford|Oxford]]. Chuaigh an t-ainm ón seanathair go Herbert Hall Turner, Ollamh le Réalteolaíocht, agus b'é an tOllamh Turner a chuir an smaoineamh in iúl do na réalteolaithe i [[Meiriceá]] ar an teileagram. Sa deireadh thiar thall, [[Báisteach|baisteadh]] Plútón ar an bpláinéad go hoifigiúil, rud a fógraíodh don t[[saol]] mhór ar Lá Bealtaine, 1930.
 
== Tréithe fisiceacha ==