An difríocht idir athruithe ar: "Sex Pistols"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 11:
idirlíon = [http://www.sex-pistols.net/ God Save the Sex Pistols] |
}}
Nuair a tháinig [[punc-rac]] ar an bhfód i lár na [[1970idí]], bhain an grúpa clúiteach agus míchlúiteach '''Sex Pistols''' rath agus cáil mhór amach, agus feictear orthu inniu mar cheann de na [[Banna ceoil|príomhbhannaí]] ón aicme seo riamh. Cé nár mhair siad ach trí bliana ar dtús, bhí tionchar an-láidir acu ar chúrsaí [[Ceol|ceoil]] agus ar an gcultúr go leathan.
Bunaíodh sa bhliain 1975 i Londain iad, faoi bhainisteoireacht [[Malcolm McLaren]].
== Luathbhlianta ==
D'eascair an grúpa as The Strand, banna a bhíodh á sheinm le chéile i [[Londain]] ón bhliain 1972. Déagóirí den lucht oibre a bhí ann - Steve Jones ag canadh, Paul Cook mar dhrumadóir agus Wally Nightingale ag seinm an ghiotáir. De réir chuntas a thabharfadh Jones níos déanaí, bhíodh seisean agus Cook ag seinm ar uirlisí ceoil a bhí goidte acu. Ceoltóirí eile a bhíodh á chasadh le The Strand - nó The Swankers mar a thugtaí orthu uaireanta eile - ná Jim Mackin ar an orgán agus Stephen Hayes agus, go gairid, Del Noones ar an ndordghiotár.
Ba
[[Íomhá:Sex Pistols Logo.PNG|clé|mion]]
Go luath sa bhliain 1974, chuir Jones ina luí ar McLaren lámh cúnta a thabhairt don bhanna. Agus é ag teacht isteach mar bhainisteoir beag ná mór orthu, d'íoc McLaren an chéad seomra cleachtaidh a bhí acu. Glacadh Glen Matlock isteach mar dhord-ghiotáraí, mac léinn ealaíona a bhíodh ag obair anois agus arís ag Too Fast to Live, Too Young to Die. I Mí na Samhna, bhog McLaren go Cathair Nua-Eabhrac ar feadh tamall beag. Sular fhág sé an tír, bhí smaoineamh nua eile aige agus ag Westwood don tsiopa.
|