An difríocht idir athruithe ar: "Leitir Mealláin"

no edit summary
m
Oileán beag is ea '''Leitir Mealláin''' ar chósta thiar na hÉireann i g[[Conamara]], [[Contae na Gaillimhe]]. Tá an t-oileán suite sa [[Gaeltacht|Ghaeltacht]] timpeall 36 míle ó chathair na Gaillimhe i Loch Lurgan agus thart ar 14 míle ón [[An Cheathrú Rua|gCeathrú Rua]]. Ceann de thrí oileán is ea Leitir Mealláin i n[[Garmna]], agus tá na hoileáin eile, [[Tír an Fhia]] agus [[Leitir Móir]], suite ar an taobh thoir de.
 
Ciallaíonn ''Leitir'' 'taobh cnoic'. Bhí Leitir Mealláin i seilbh Loingsigh Bhearna tráth. Ghlac na Comerford seilbh ar an áit thart ar an mbliain [[1840]]. Bhí thart ar 1700 acra agus 77 teach ar an oileán ag an am.
 
Tá Leitir Mealláin suite i gcróilár Ghaeltacht Chonamar agus tá [[an Ghaeilge]] fós mar theanga an phobail ann. I ndaonáireamh 2016 dúirt 93.8% de mhuintir an oileáin go raibh Gaeilge acu agus dúirt 85.3% den ndaonra go labhrann siad Gaeilge chuile lá.
 
[[Catagóir:Oileáin Chontae na Gaillimhe]]
1,103

edits