An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"

Content deleted Content added
chlib amháin: 2017 source edit
Líne 124:
 
== An Cogadh Cathartha agus bás an Choileánaigh ==
[[File:Mícheál Ó Coileáin & Risteard Ó Maolchatha.png|thumb|Fotoj de Mícheál Ó Coileáin kaj Risteard Ó Maolchatha ĉe la ŝtata funebraĵo d' Art Ó Gríofa, Áth Cliath, 16 Lúnasa 1922.]]
 
[[Íomhá:Michael Collins 1922.jpg|thumb|Ó Coileáin ag caint i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1922]]
I Mí Aibreáin sa bhliain 1922, shealbhaigh dhá chéad Óglach frith-Chonartha [[na Ceithre Cúirteanna]] i m[[Baile Átha Cliath]] i ndiúnas ar an Rialtas Sealadach. Bhí an Coileánach ag iarraidh cogadh cathartha a sheachaint, agus mar sin, staon sé ón bhfoirgneamh a ionsaí, go dtí nár fhág na Gaill an dara rogha aige. Ar [[22 Meitheamh|an dóú lá fichead de Mhí an Mheithimh]], mharaigh beirt Óglach Sior Henry Wilson, ginearál Gallda ar pinsean, i m[[Belgravia]] i Londain. San am sin, chreid an saol mór gurbh iad na hÓglaigh fhrith-Chonartha a rinne an obair. Bhagair [[Winston Churchill]] ar an gCoileánach [[Arm na Breataine]] a chur go Baile Átha Cliath leis na frith-Chonraitheoirí a chaitheamh amach as na Ceithre Chúirteanna, mura mbeadh an Coileánach sásta é a dhéanamh.