An difríocht idir athruithe ar: "An Spidéal"

Content deleted Content added
Líne 22:
 
==An Ghaeilge sa Spidéal==
Fuaradh amach i ndaonáireamh 2016 go bhfuil 237 duine ag maireachtaint ar an Spidéal, gan dabht is é an sráidbhaile atá i gceist ansin. Síneann an sráidbhaile ó Abhainn Bhoth Loiscthe soir go ceardlann an Spidéal agus ó thuaidh chomh fada leis an eastát tithíochta 'Radharc na Rún'. Dúirt 71.6% de mhuintir an sráidbhaile go raibh [[Gaeilge]] acu agus dúirt 53.9% den daonra go labhraíonn siad [[Gaeilge]] chuile lá.
 
Bhí cónaí ar 1,443 duine i dtoghroinn An Spidéal sa bhliain 2016. Síneann toghroinn an Spidéal ó Abhainn Bhoth Loiscthe chomh fada soir leis an áit a thosnaíonn Doire Locháin atá sna Forbacha. Dúirt 83.3% de mhuintir na toghroinn go bhfuil [[Gaeilge]] acu. Dúirt 65.1% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil.
 
Ar an taobh eile den Spidéal tá toghroinn Cill Aithnín nó 'Paróiste an Chnoic' mar a ghlaotar air chomh maith. Síneann an toghroinn ó Abhainn Bhoth Loiscthe chomh fada siar leis an abhann idir Siopa an Phobail [[Indreabhán]] agus Comhar Creidmheasa Cholmcille. Bhí 1,044 duine ag maireachtaint sa toghroinn seo nuair a deineadh daonáireamh 2016. Bhí [[Gaeilge]] ag 86.7% de mhuintir na toghroinne sa bhliain 2016 agus dúirt 72% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá.
 
==Tagairtí==