'''Polaiméir is ea''' peiptídigliocán''', ar a dtugtar múirein, comhdhéanta de siúcraí agus aimínaigéid, a dhéanann ciseal cosúil le mogalra lasmuigh den chillscannán den chuid is mó de na baictéir, rud a chuimsíonn an cillbhalla. Is éard atá sa chomhábhar siúcra ná iarmhair mhalartacha de β- (1,4) N-aicéitil-glúcósaimín (NAG) nasctha agus aigéad N-aicéitil-múramic (NAM). Tá slabhra peiptíd de thrí go cúig aimínaigéad ceangailte leis an aigéad N-aicéitil-múramic. D'fhéadfaí an slabhra peiptíd bheith trasnasctha leis an slabhra peiptíd de shnáithe eile ad déanamh ciseal mogalra 3D. Bíonn ról struchtúrtha ag peiptídigliocán sa chillbhalla baictéarach, ag tabhairt neart struchtúrtha, chomh maith le bheith ag gníomhú in aghaidh bhrú osmóisigh an chíteaplasma. Míthuiscint choitianta is ea í go dtugann peiptídigliocán cruth don chill; mar sin féin, cé go gcuidíonn an peiptídigliocán le neart struchtúrtha na cille a choimeád, i ndáiríre is í an phróitéin MreB a réitíonn cruth na cille. Tá peiptídigliocán páirteaí i ndéscoilteadh le linn athghiniúna na cille baictéaraí.<br>