An difríocht idir athruithe ar: "Tadhg Óg Ó Cianáin"

Content deleted Content added
++
Líne 17:
:Iar ndéanamh i meán lae do chuadar go teampall róbhreá ródhealraitheach dar comhainm teampall Mhuire. Taisealbhtar dóibh ceann Eoin Baiste. É i ngloine chriostail, soiléir sofheisceana do na huilibh do bheadh dá láthair go n-iliomad feart agus míorúiltí. Cruinnchathair dheas dhaingean an baile sin chun a dtig ruibhéar ón fharraige ar a dtaithíd báid gus an mbaile re sochomhal agus comhfhortacht na farraige. Tá an ruibhéar céanna sin arna chomhtharraingt agus arna chomhroinnt i ndíbh rannaibh déag seachnóin na cathrach, go riachtanas a leas droichead ar gach beangán fó leith díbh. Iar dtéarnó thar ais ó theampall Mhuire dóibh gabhaid a bpost-eachra nárbh olc. Ligid go geata Fhlóndrais iad. Ar an taobh istigh de bhallaíbh na cathrach chíd port ródhaingean ba leor láidre ag lucht na cathrach dá thógáil go n-iliomad luchta saothair agus oibre. Ar an taobh amuigh do na ballaíbh taispeántar dóibh na trinsí talún agus na daingní díochra do rinneadh le Rí na Fraince an tan bhí ''siege'' nó forbhaise aige ar Amiens, in aimsir a beith i seilbh Rí na Spáinne, arna gabháil go glic uasal-intleachtach roimhe sin re trí chuideachtaibh Éireannach.<ref>Tá litriú an tsleachta seo agus na sleachta a leanann é nuachóirithe beagán.</ref>
 
[[Íomhá:Marchionatus Sacri Romani Imperii - Antwerpen, het markgraafschap deen de belangrijkste gebouwen (Claes Jansz. Visscher, 1624).jpg|thumb|right|100px|Antwerp sa chéad chuid den 17ú haois]]
''(In Antwerp.)''
:Ar an tslí rompu gabhaid thar ruibhéar rómhór do thig ó Ghant. Leac oighre abhalmhór ar an ruibhéar. Beirid a n-eachra ar ardánaibh leo go meán an tsrutha ar an leic. Cuirid ansin i mbádaibh iad do ché oighre, 'na mhacasamhail i dtír don taobh araill. Rángadar fort atá os urchomhair chathrach Antuerp, Ceann Fhlóndrais a chomhainm. D’fhágadar ann a n-eachra. Do chuadar féin i mbádaibh gus an gcathraigh. Iar ngabáil tigh ósta éiríd d'fheiscint chaisleáin Antueirp. Measaid agus breathnaíd cách go bhfuil an caisleán sin ina mhéid féin ar oibreachaibh lándaingne na Críostaíochta.