An difríocht idir athruithe ar: "An tSínis"

Content deleted Content added
le naisc idir-wiki a bhaint amach
Scrios mé téacs de thimpiste
Líne 1:
{{Teanga
|ainm=SínisAn tSínis
|ainm_sa_teanga=汉语/漢語 Hànyǔ, 中文 Zhōngwén
|tír_a_labhraíonn_í_with_in=[[Daon-Phoblacht na Síne]] (DPS), [[Hong Cong]], [[Macau]], [[an Téaváin]] (PS), [[An Mhalaeisia]], [[Singeapór]]
Líne 6:
|cainteoirí=1.3 billiún
|rang=Sínis (''iomlán'') 1<br />
[[Mandairínis]]: 1<br />
Wu: 12<br />
Cantainis: 18<br />
Líne 21:
|iso3=zho
}}
Is teanga nó grúpa teangacha í an t'''Sínis''' (汉语/漢語, [[Pinyin]]: ''Hànyǔ''; 华语/華語, ''Huáyǔ''; or 中文, ''Zhōngwén''). Tá leagan nó canúint éigin den teanga ó dhúchas ag duine as an gcúigear ar an domhan. Is ceann de shé theanga oifigiúla na [[Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]] í an tSínis. Is í an Mhandairínis an fhoirm chaighdeánach den teanga a úsáidtear i n[[Daon-Phoblacht na Síne]], áit a bhfuil sí ina teanga oifigiúil.
 
Is deacair a rá cé acu teanga amháin nó cnuas iomlán teangacha atá i gceist leis an tSínis. Cé go bhfuil leagan caighdeánach den teanga ann agus é á labhairt fud fad na Síne inniu, maireann na canúintí, más canúintí iad, beo i mbéal na ndaoine sna cathracha agus faoin tuath araon.
Líne 31:
* an Mhandairínis. Uirthi sin atá an teanga chaighdeánach bunaithe. Labhraítear leaganacha den Mhandairínis ar fud thuaisceart na Síne, agus is féidir difríochtaí suntasacha a aithint idir na fochanúintí éagsúla den Mhandairínis féin. Is í caint na príomhchathrach is bunús leis an gcaighdeán, ach is leagan saibhrithe den chanúint sin é, agus tionchar na Sínise Clasaicí le haithint air fosta.
 
Labhraíonn pobail bheaga Mhuslamacha i roinnt poblachtaí iar-Shóivéadacha canúint Mandairínise[[Mandairínis]]e a dtugtar Dungáinis uirthi. Tá caighdeán dá cuid féin ag an teanga seo agus é bunaithe ar an aibítir Choireallach. Tá cuid mhaith téarmaí Rúisise measctha tríthi freisin.
 
* an chanúint Wu. Seo í an chanúint a labhraítear i Shang Hai.
Líne 39:
* an Chantainis. Tá sí á labhairt ina lán pobal Síneach sa choigríoch, agus stádas réasúnta maith aici dá réir.
 
* an chanúint Hakka nó Kejia. Tháinig lucht labhartha na canúna seo ó Thuaisceart na Síne anallód, nuair nach raibh an chanúint ansin cosúil le [[Mandairínis]] an lae inniu ar aon nós, agus shocraigh siad sa Deisceart. Inniu, tá na pobail Hakka scaipthe ar fud an Deiscirt, agus iad ag labhairt canúnacha seanársa. Bíonn difríochtaí móra idir na fochanúintí éagsúla, ach glactar le canúint Thuaisceart Guangdong, nó canúint Meixian, mar shórt "caighdeáin".
 
== Scríbhneoireacht na Sínise ==
Líne 46:
 
== Stair na Sínise ==
 
Glacann lucht na [[teangeolaíocht]]a leis go bhfuil a leithéid ann agus fine na dteangacha Sínea-Thibéadacha, agus gur brainse ar leith i gcrann ginealais na fine seo iad na teangacha, nó na canúintí, Síneacha. Dealraíonn sé go raibh a leithéid de réamhtheanga ann fadó agus an Phróta-Shínea-Thibéidis, agus gurbh as an tseanteanga hipitéiseach seo a d'fhorbair teangacha Sínea-Thibéadacha an lae inniu, an tSínis agus an [[An Tibéidis|Tibéidis]] mar shampla. Is í baint na Sínise le teangacha eile na fine is mó a choinníonn na saineolaithe ag obair i láthair na huaire, agus iad ag iarraidh an Phróta-Shínea-Thibéidis a atógáil. Obair dheacair é áfach, nó cé go bhfuil doiciméadú na Sínise féin ag dul na céadta bliain siar sa stair, níl taifead scríofa ar bith ann a thaispeánfadh dúinn conas a tháinig an scoilt idir an tSínis agus an chuid eile den fhine. Thairis sin, na modhanna oibre a d'fhoghlaim seanghlúnta na dteangeolaithe fadó agus iad ag déanamh a dtaighde ar na [[Na teangacha Ind-Eorpacha|teangacha Ind-Eorpacha]] ní féidir iad a chur i bhfeidhm ar na teangacha Sínea-Thibéadacha, ós rud é nach mbíonn mórán míreanna gramadúla ag na teangacha seo.
 
Níl na scoláirí ar aon bharúil i leith fhorbairt stairiúil na Sínise, ach go ginearálta, bíonn siad i dtuilleamaí an tuiscint a bhí ag Bernhard Karlgren, an Síneolaí Sualannach, ar an scéal i dtús na [[20ú haois|fichiú haoise]].
 
Is í an chéad ré i stair na Sínise ná an tSean-Sínis, is é sin an cineál Sínise a bhí in úsáid sna blianta 1122-256 RC, is é sin, i dtús agus faoi lár na ré a ainmnítear as Rítheaghlach Zhou. Na téacsanna atá ar fáil ón ré seo, is inscríbhinní ar dhéantúsáin chré-umha iad chomh maith leis an díolaim sheanfhilíochta ''Shījīng'', an díolaim seandoiciméad ''Shūjīng'', agus cuid den díolaim rúndiamhrachtaí ''Yìjīng (I Ching)'' ("Leabhar na nAthruithe").
 
Tá cuid mhór leideanna san ábhar seo don dóigh a bhfuaimníti an teanga san am sin, agus is féidir a lán eolais a bhaint as na focail iasachta i dteangacha an réigiúin, ar nós na [[An Vítneaimis|Vítnimise]] agus na [[Seapáinis]]e. Mar sin is féidir leis na saineolaithe a lán a rá i dtaobh an chineál Sínise a labhraítí san am. Inniu, is leis an tSínis is mó a shamhlaítear an tonúlacht sna teangacha, is é sin, na tuineanna éagsúla a chuirtear leis na siollaí. Dealraíonn sé áfach nach raibh siad ach ag tosú ag forbairt san am sin. Is dócha freisin go raibh míreanna gramadúla sa tSean-Sínis go fóill.
 
Ba í an Mheán-Sínis an cineál Sínise a bhí á cleachtadh sna blianta ón séú go dtí an deichiú haois AD (is é sin, timpeall ar ré na [[Sean-Ghaeilge]]). Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir an Mheán-Sínis Mhoch (atá le fáil sa leabhar rímeanna ''Qiēyùn'' (601 AD)) agus an Mheán-Sínis Dheireanach (atá le fáil sa leabhar rímeanna ''Guǎngyùn'' ón deichiú haois). Mura bhfuil na teangeolaithe ach ag tuairimíocht faoi fhuaimeanna na Sean-Sínise, tá siad níos eolaí ar an Meán-Sínis. Na leideanna atá acu tagann siad ó fhoinsí éagsúla: na canúintí comhaimseartha, na foclóirí rímeanna, na traslitrithe a rinne daoine ón gcoigríoch, na táblaí rímeanna a chuir sean-fhocleolaithe na Síne féin i dtoll le chéile le hachoimre a thabhairt ar chóras fuaimeanna na teanga, agus aistriúcháin fuaimbhunaithe na bhfocal coimhthíoch. Mar sin féin, níl in iarrachtaí na dteangeolaithe ach tuairimí agus teoiricí. Tá sé ráite ag scoláirí áirithe nach bhféadfaí fuaimchóras na Cantainise a atógáil ach ar éigean, mura mbeadh d'fhianaise ach na rímeanna ón bpopcheol Cantainise, nó an ''Cantopop''.
 
Scéal casta é forbairt na gcanúintí labhartha ó thús ama go dtí an lá inniu. An chuid is mó de na Sínigh ó oirthuaisceart ([[an Mhanchúir]]) go hiardheisceart (Yunnan) na tíre, cineálacha Mandairínise a labhraíonn siad sa bhaile. Is iad machairí móra an Tuaiscirt a rinne canúint chomh fairsing den Mhandairínis. I ndeisceart agus i lár na Síne áfach tá an tír stróicthe as a chéile ag sliabhraonta agus ag abhainneacha rud a fhágann go raibh na canúintí in ann dul in an-éagsúlacht ansin.
 
Roimh lár na fichiú haoise ní bhíodh mórán cur amach ag lucht labhartha na gcanúintí Deisceartacha ach ar an gcineál Sínise a bhí acu féin ó dhúchas. Ba í Nanjing príomhchathair na Síne i luathbhlianta Rítheaghlach Ming, agus mar sin ba í Mandairínis Nanjing a chuaigh i bhfairsinge mar theanga ardchéime agus níor tháinig athrú air sin roimh bhlianta deireanacha Rítheaghlach Qing. Ón tseachtú haois déag ar aghaidh, áfach, thosaigh Rítheaghlach Qing scoileanna ceartfhuaimnithe (正音书院/正音書院; ''Zhèngyīn Shūyuàn'') lena chinntiú go mbeadh fuaimniú na teanga oifigiúla ag cloí le fuaimeanna chanúint Beijing, arbh í an phríomhchathair í anois. Ní raibh an fuaimniú caighdeánaithe ag dul chun cinn ach i measc na státseirbhíse, áfach, nó chloígh na sluaite síoraí lena gcanúintí féin.
 
Níor athraigh na cúrsaí ach timpeall ar lár na fichiú haoise. Ansin, chuir an dá Shín - an Daonphoblacht, is é sin an tSín Chumannach, agus [[Poblacht na Síne]], mar atá, [[an Téaváin]] - córas náisiúnta scoileanna ar bun le Mandairínis a theagasc don chosmhuintir. Is é is toradh dó seo ná go bhfuil Mandairínis chaighdeánach ag uasal agus ag íseal ar fud an dá Shín: ní bhíonn ach seandaoine i dtuilleamaí a gcanúna féin. Maidir le Hong Cong, ba í an Chantainis caint na ndaoine ansin riamh, agus inniu féin tá stádas láidir aici san oideachas, ach sa bhliain 1997 chuaigh an áit ó lámh na Breataine Móire go lámh na Daonphoblachta, agus ó shin i leith tá tábhacht na Mandairínise ag dul i méadaíocht.
 
Ba í an tSínis Chlasaiceach francbhéarla (teanga na comhchumarsáide) i dtíortha an réigiún - [[an tSeapáin]], [[an Chóiré]] agus [[Vítneam]] - go dtí gur tháinig ré na gcumhachtaí coilíneacha Eorpacha sa naoú haois déag. Ba í an tSínis teanga na dtaifead oifigiúil i Vítneam go dtí gur shealbhaigh na Francaigh an tír lena dteanga féin a chur in áit an údaráis.
 
== Tionchar na Sínise ar Theangacha Eile ==
 
Is í an tSínis an teanga is tábhachtaí sa Chian-Oirthear leis na cianta cairbreacha, agus mar sin bhí an-tionchar aici ar theangacha eile an réigiúin. Is féidir Vítnimis, [[Seapáinis]] agus [[Cóiréis]] a scríobh le litreacha na Sínise, ach inniu chuaigh an leagan Vítneamach den chóras in éag (cé go múintear in ollscoileanna Vítneam i gcónaí é, mar eochair do staidéar na Sínise); maidir leis an leagan Cóiréach ní úsáidtear ach sa [[An Chóiré Theas|Chóiré Theas]] é anois, agus ansin féin is í an aibítir dhúchasach, ''[[Hangul]]'', is mó a d'fheicfeá sna leabhair agus sna hirisí. Sa tSeapáin, arís, baintear úsáid as na litreacha Síneacha (''kanji'') chomh maith le dhá shiollabra (is é sin dhá chóras siolla-bhunaithe scríbhneoireachta - seasann gach litir d'aon siolla amháin), mar atá, ''hiragana'' agus ''katakana''. An dá chóras seo féin áfach tá siad bunaithe ar na litreacha Síneacha ar dtús.
 
''Hán tự'' a thugtar ar chóras scríbhneoireachta Síneach na Vítnimise sa teanga sin. Ba í an t-aon scríbhneoireacht a bhí ar fáil don Vítnimis go dtí an 14ú haois. Ón 14ú haois go dtí an 19ú haois bhí an teanga á scríobh leis an gcóras ''Chữ Nôm''. Bhí an ''Chữ Nôm'' bunaithe ar litreacha na Sínise chomh maith ach ar a laghad bhí na litreacha curtha in oiriúint don Vítnimis ionas go bhféadfá na focail ghlan-Vítnimise a bhreacadh síos leis na litreacha seo. Sa 17ú haois áfach chuir an tÍosánach Francach Alexandre de Rhodes i dtoll le chéile córas nua le Vítnimis a scríobh leis na litreacha Iartharacha - le [[Aibítir Laidineach|haibítir na Laidine]]. Bhí a lán comharthaí idirdhealaitheacha de dhíth le freastal ar thonúlacht na Vítnimise, ach sa deireadh bhí de Rhodes ábalta an fhadhb seo a réiteach. Ba iad na misinéirí Iartharacha ba mhó a d'úsáideadh an córas seo sna céadta bliain ina dhiaidh sin, ach i dtús na fichiú haoise chuir na náisiúnaithe Vítneamacha ar bun "Saorscoil Tonkin", nó ''Đông Kinh Nghĩa Thục'', i Hanái leis na litreacha seo a mhúineadh do mhuintir Vítneam. Bhí na náisiúnaithe Vítneamacha san am ag iarraidh a sochaí a thabhairt chun nua-aimsearthachta agus iad ag cur oideachas nua-aimseartha ar fáil in áit an oideachais thraidisiúnta agus an [[Confúicias|Chonfúiceachais]].
 
Maidir leis an teanga [[Zhuang]], teanga Théach (is é sin teanga atá gaolmhar leis an Téalainnis) a labhraítear i nDeisceart na Síne, is féidir í a scríobh le litreacha Síneacha freisin, de réir an chórais ''Sawndip''. Inniu áfach is fearr leis na húdaráis Shíneacha féin an aibítir Iartharach a chur chun cinn i measc lucht labhartha na teanga Zhuang.
 
Na teangacha a labhraítear timpeall ar an tSín, bíonn siad breac le focail iasachta ón tSínis. Glactar leis gur focail Sínise iad 50-60 % de stór focal na Cóiréise, agus is é an chuma chéanna atá ar an tSeapáinis agus ar an Vítnimis, a bheag nó a mhór. Focal Sínise sa Ghaeilge é ''tae'', a tháinig ón gcanúint ''Min Nan''; an focal ''chai'' a úsáidtear sa Rúisis is é an focal céanna é ach amháin gur ó chanúint eile a tháinig sé. Focail Sínise iad ''citseap'' (Béarla ''ketchup'') agus ''cumcuat'' (Béarla ''kumquat'') fosta, agus iad faighte ón gCantainis.
 
== Fuaimeanna na Sínise ==
 
=== Consain ===
{| class="wikitable" style="text-align:center; margin:1em auto 1em auto"
! colspan="2" |
!Liopach
!Déadach,
Ailbheolach
!Aisfhill
!Ailbheolach-
Carballach
!Coguasach
|-
! colspan="2" |Srónach
|m
|n
|
|
|-
! rowspan="2" |Stad
!Análaithe
||pʰ
|tʰ
|
|
|kʰ
|-
!Neamhanálaithe
|p
|t
|
|
|k
|-
! rowspan="2" |'''Aifricéad'''
!Análaithe
|
|t͡sʰ
|ʈ͡ʂʰ
|(t͡ɕʰ)
|
|-
!Neamhanálaithe
|
|t͡s
|&nbsp;ʈ͡ʂ
|(t͡ɕ)
|
|-
! colspan="2" |Cuimilteach
|f
| s̪ |s
|(ɕ)
|x
|-
! colspan="2" |Leachtach
|
|l
|
|
|}
 
=== Gutai ===
Sa chaighdeán, tá cúig fhónéim guta ann: /i, u, y, ǝ, a/.
 
== Traslitriú na Sínise ==
Line 59 ⟶ 151:
== Litríocht na Sínise ==
 
{{DEFAULTSORT:Sinis}}
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Naisc sheachtracha ==
 
{{síol-teanga}}
 
{{IdirVicí|cód=zh}}
 
{{Teangacha oifigiúla na NA}}
{{síol}}
{{DEFAULTSORT:Sinis}}
{{Nasc AR|mk}}
 
[[Catagóir:Teangacha Sínea-ThibéideachaAn tSínis| ]]
[[Catagóir:An tSínTeangacha Sínea-Tibéidis]]
[[Catagóir: Teangacha na Síne]]
[[Catagóir: Teangacha na Téaváine]]
[[Catagóir: Teangacha na Malaeisia]]
[[Catagóir: Daon-Phoblacht na Síne]]
[[Catagóir: Teangacha oifigiúla na Náisiún Aontaithe]]
[[Catagóir: Teangacha na hÁise]]