An difríocht idir athruithe ar: "An Fhraincis"

Content deleted Content added
An Rómáinis
Líne 22:
Is [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] [[Teangacha Rómánsacha|Rómánsach]] í an '''Fhraincis''' (''français'', fuaimniú [fʁɑ̃sɛ]) a áirítear ar theangacha móra an domhain. Tá sí ó dhúchas ag 76 milliún duine,<ref>[http://www.ethnologue.com/statistics/size] Ethnologue</ref> chomh maith le tuairim is 280 milliún duine a d'fhoghlaim ar scoil í. Tá pobal suaithinseach Frainciseoirí le fáil i gceithre thír is caoga ar fud an domhain, ach is í [[an Fhrainc]] an tír is líonmhaire cainteoirí dúchais, agus is ansin a tháinig an teanga ar an bhfód i dtús báire. Thairis sin, tá go leor cainteoirí i [[Québec]] i g[[Ceanada]], sa [[An Bheilg|Bheilg]], agus s[[an Eilvéis]].
 
As an [[An Laidin|Laidin]] a d'eascair an Fhraincis, ar nós na [[An Phortaingéilis|Portaingéisise]], na [[An Spáinnis|Spáinnise]], na h[[An Iodáilis|Iodáilise]], na [[An Chatalóinis|Catalóinise]], na [[An Rómáinis|Rómáinise]] agus na dteangacha Rómánsacha eile. Deirtear gurbh fhéidir gur tháinig Laidin chomónta na Gaille faoi anáil na Gaillise, rud a d’fhágfadh lorg ar an bhFraincis féin. Tháinig a lán focal nua isteach san Fhraincis ón teanga Gearmáinice a bhí á labhairt ag [[na Frainc]], dream a rinne ionradh ar an tír nuair a mheath cumhacht na hImpireachta Rómhánaí.<ref>Sampla de seo san Fhraincis (agus i dteangacha Rómánsacha eile) is ea na ceithre hairde: ''nord'', ''sud'', ''est'' agus ''ouest''.</ref>
 
Teanga oifigiúil í an Fhraincis in aon tír déag is fiche, agus iad ina mballstáit de chomhphobal na náisiún Fraincise, ''La Francophonie''. Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis sna [[Náisiúin Aontaithe]] agus ina lán eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.