An difríocht idir athruithe ar: "Iontaise"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Ocenebra erinacea fossil 01.JPG|mion|Ocenebra erinacea ]]
Iarsma d'[[orgánach]] a bhí beo uair amháin atá iompaithe go [[Carraig|cloch]] agus gafa go doimhin i sraith íochtarach
Cumtar iontaise nuair a imoibríonn [[Mianra|mianraí]] san uisce faoin [[talamh]] le creatlaigh [[planda]] nó [[ainmhí]], na mianraí seo ag glacadh páirte sa struchtúr in ionad dúl eile, ionas go gcruthaítear macasamhail den bhunphlanda nó an bunainmhí. [[Íomhá:Natural Ireland.Fossils Found on Lough Allen.jpg|clé|mion|Iontaise as [[Loch Aillionn|Loch Aillíon]], ]] De bhrí go bhfuil na sraitheanna íochtaracha carraigeacha níos seanda ná na sraitheanna uachtaracha, ní mór gur ó thréimhse [[Geolaíocht|gheolaíoch]] níos seanda aon [[speiceas]] a fhaightear i sraith íochtarach ná ceann a fhaightear i sraith uachtarach. Ó fhianaise seo na n-iontaisí, déanann na [[Pailé-ointeolaíocht|pailé-ointeolaithe]] staidéar ar [[éabhlóid]] na beatha ar [[An Domhan|Domhan]], ó na hiontaisí is ársa — na halgaí gormghlasa a mhair timpeall 3,500 milliún bliain ó shin — go dtí na speicis bheatha atá ar Domhan inniu. == Iontaisí in Éirinn ==
[[Íomhá:Starfish to the rod caught in Ireland.jpg|mion|
crosóg mhara beo in Éirinn inniu
]]
Sna [[1980idí]] fuair an Dochtúir Éamon Doyle iontaise i gcarraig i g[[Conamara]]<ref>Eleathanach, 22 Eanáir 2018</ref>. Níor fhéach eolaithe ar an iontaise go dtí an bhliain 2017. [[Crosóg mhara]] a bhí inti. Bhí sí an-bheag agus tá sí 435 milliún bliain d’aois! Ní raibh na [[Dineasár|dineasáir]] féin ar an saol ag an am sin.
Léiríonn sé sin go raibh Conamara – agus Éire iomlán – faoin b[[Farraige|hfarraige]] fadó fadó. Agus tá gaolta leis an gcrosóg mhara fós beo i bhfarraigí na hÉireann agus gan mórán athraithe orthu ó shin.
==Tagairtí==
|