An difríocht idir athruithe ar: "Ciste Domhanda Fiadhúlra"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:LogoWWF.png|mion|230x230px]]
Eagraíocht dheonach idirnáisiúnta a bunaíodh i [[1961]] é an '''Ciste Domhanda Fiadhúlra''' ([[Béarla]]: ''World Wide Fund for Nature'' nó ''WWF''), a phríomhoifig san [[An Eilvéis|Eilvéis]]. Tá mar aidhm aige eolas a scaipeadh chun [[Ainmhí|ainmhithe]] fiáine, [[Planda|plandaí]] is áiteanna atá i mbaol a [[Caomhnú|chaomhnú]], agus úsáid níos éifeachtaí inmharthanaí a bhaint as acmhainní nádúrtha [[An Domhan|an Domhain]]. Is é Ciste Fiadhúlra an Domhain (CFD) an t-eagras caomhnaithe dúlra is mó ar domhan agus tá ioncam de $200 milliún in aghaidh na bliana.
 
== Feachtais ==
[[Íomhá:Teekampagne in Darjeeling.JPG|clé|mion|177x177px]]
Tá an Ciste gníomhach i dtimpeall 100 tír. Tá cur amach ag beagnach gach duine ar CFD mar gheall ar a lógó so-aitheanta, an panda. D'eagraigh an Ciste feachtais chun an [[tíogar]], an [[goraille]] is an [[panda]] a shábháil.
 
== Stair ==
[[Íomhá:Hux-cig-72.jpg|clé|mion|229x229px|An Ridire Julian Huxley]]
Bunaíodh Ciste Fiadhúlra an Domhain ar an [[11 Meán Fómhair]] [[1961]] i ndiaidh do Sir Julian Huxley sraith alt a scríobh sa nuachtán *The Observer *inar mhaígh sé go raibh fiadhúlra na hAfraice go mór i mbaol. Chuir Huxley an milleán go príomha ar fhorbairt dhaonna na nAfracach. Dar le Huxley, agus uaisle eile na Breataine a bhunaigh CFD<ref>Beo, "Rúin ghránna chaomhnóirí an fhiadhúlra", 2008 http://www.beo.ie/alt-ruin-ghranna-chaomhnoiri-an-fhiadhulra.aspx</ref>, ní bheadh stáit nua, neamhspleácha na hAfraice in ann an fiadhúlra a chaomhnú gan treoir an fhir ghil.
[[Íomhá:Prince Bernhard 1942.jpg|mion|208x208px|Prionsa Bernhard, in Ottawa, 1942]]
Ceapadh Prionsa Bernhard na h[[An Ísiltír|Ísiltíre]] mar chéad uachtarán ar CFD sa bhliain 1961. B’éigean do Bernhard eirí as a cheapachán mar uachtarán ar CFD sa bhliain 1976 nuair a nochtadh le linn éisteachta de chuid Sheanad na Stát Aontaithe gur iarr sé $1 milliún ar Lockheed ina chúiteamh sin go dtabharfaí conradh don chomhlacht aerárthaigh throdaíochta a dhíol leis an Ollainn.
 
Ceapadh [[Eilís II na Ríochta Aontaithe|Prionsa Philip na Breataine]] mar uachtarán ar CFD ina dhiaidh sin.
[[Íomhá:BRITISH SAS ARMED FORCES POSTER.jpg|clé|mion|207x207px|SAS]]
Ag deireadh na n-[[1980idí]], ghlac CFD páirt in oibríocht rúnda – Operation Lock – inar earcaigh an t-eagras [[saighdiúir]]í tuarastail de chuid ''KAS Enterprises''. Ceaptar go forleathan nach raibh in KAS – ar le bunaitheoir an SAS, Sir David Stirling, é – ach scáth folaigh ar [[Spiara|M16]]. Ar aon chuma, bhí KAS le traenáil a chur ar aonad frithphóitseála sna tíortha timpeall na h[[An Afraic Theas|Afraice Theas]]. Caitheadh amhras ar fhíoraidhm na hoibríochta, áfach, nuair a tháinig sé chun solais gur baill den ANC a bhí i go leor de na póitseálaithe a maraíodh.
 
Sa bhliain 1996, chuir an rialtas iar-[[Apairtéid|Apartheid]] san Afraic Theas fiosrúchán cúirte ar bun a chruthaigh gur úsáid an rialtas Apartheid brabús a tuilleadh as díol eabhair agus acmhainní eile póitseáilte mar fhoinse maoinithe le tíortha máguaird a dhíchobhsú.
Tá an Ciste gníomhach i dtimpeall 100 tír.
 
== Tagairtí ==