An difríocht idir athruithe ar: "C. S. Lewis"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 50:
 
Díol iontais ab ea do Lewis go raibh lucht a aitheantais i Sasana ar nós cuma liom i leith shaothar Yeats agus athbheochan an chultúir [[Na Ceiltigh|Cheiltigh]]. Scríobh Lewis: "Is minic a chuireann sé iontas orm a fheiceáil go ndéanann na daoine a casadh orm anseo neamhshuim iomlán de shaothar Yeats. Is dócha nach dtaitníonn sé ach le hÉireannaigh. Más amhlaidh, altaím leis na déithe go léir gurb Éireannach a tharla a bheith ionam." I dtús a chaithréime mar scríbhneoir, bhí Lewis ag dréim lena chuid saothar a chur chuig tithe foilsitheoireachta i mBaile Átha Cliath: "Má chuirim mo chuid stuife chuig aon fhoilsitheoir choíche, sílim go mbainfidh mé triail as muintir Maunsel i mBaile Átha Cliath, i gcruth is go mbeidh baint agam le scoil scríbhneoirí [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]]." Nuair a d'iompaigh sé chun na Críostaíochta, áfach, thréig Lewis an rúndiamhracht Cheilteach de réir a chéile, ar mhaith leis an spioradáltacht Chríostaí.
[[Íomhá:Rotherfield Sussex cottages.jpg|mion|Teach "Mr. Tumnus", Rotherfield, East Sussex]]
 
Agus an chumha a bhí air i ndiaidh na hÉireann, ba nós le Lewis a thabhairt le fios idir shúgradh agus dháiríre go raibh dearcadh frith-Shasanach aige. Seo an cuntas a thug sé ar Éireannach a buaileadh air i Sasana: "Cosúil leis na hÉireannaigh uile go léir a chastar ar a chéile i Sasana, bhí muid, i ndeireadh ár gcomhrá, ag lochtú braschaint agus leadránacht dhosheachanta an chine Angla-Shasanaigh. I ndiaidh an iomláin, a ''ami'', is iad na hÉireannaigh an t-aon phobal amháin atá ann...Is ar éigean a bheinn sásta mo shaol a chaitheamh nó mo bhás a fháil i measc aon chine eile."
[[Íomhá:Eagle and child Oxford cropped.jpg|mion|The Eagle and Child : [[teach tábhairne]] in [[:en:Oxford|Oxford]] Chas [[J. R. R. Tolkien]] agus C. S. Lewis anseo.]]
 
Ó bhí sé ag obair in ollscoil Oxford, áfach, b'éigean do Lewis a shaol a chaitheamh agus a bhás a fháil i measc cine eile, agus ba mhinic a deireadh sé gur cúis aiféaltais ab ea dó gurbh éigean dó Éire a thréigean. Bhí sé riamh ar lorg chuideachta na nÉireannach, agus thagadh sé go Tuaisceart Éireann go tráthrialta. B'ansin a chaith sé a mhí mheala, fiú. "Mo shaol Éireannach" a thugadh sé air seo.
[[Íomhá:Eagle and Child.jpg|clé|mion|
The Eagle and Child : [[teach tábhairne]] in [[:en:Oxford|Oxford]] Chas [[J. R. R. Tolkien]] agus C. S. Lewis anseo.
]]
 
=== A Iompú leis an gCríostaíocht ===
 
Cé go ngnáthaíodh muintir Lewis seirbhísí [[Eaglais na hÉireann]] go dílis, chuaigh Lewis le handiachas nuair a bhí sé trí bliana déag, agus ní dheachaigh sé le creideamh arís sula raibh aon bhliain déag is fiche slánaithe aige. Ghlac sé col leis an gCríostaíocht nuair a thosaigh sé ag dearcadh ar na deasghnátha reiligiúnda mar dhualgas trom leadránach. San am céanna, chuir sé spéis san asarlaíocht, ó cheadaigh a chuid staidéir dó tuilleadh a fháil amach faoi rudaí den chineál sin. Ba nós leis focail Lucretius a tharraingt air mar mhíniú cén fáth a raibh sé féin ina aindiachaí:
[[Íomhá:Sign at Eagle and Child (orthogonalized).jpg|mion|The Eagle and Child : [[teach tábhairne]] in [[:en:Oxford|Oxford]] ]]
 
<blockquote>''Nequaquam nobis divinitus esse paratam''</blockquote><blockquote>''Naturam rerum; tanta stat praedita culpa''</blockquote>"Dá mb'é Dia a chruthaigh an saol, ní bheadh sé chomh sobhriste, agus ní bheadh an oiread sin lochtanna air."
::''Nequaquam nobis divinitus esse paratam''
[[Íomhá:C.S. Lewis Plaque on the Unicorn Inn - geograph.org.uk - 777922.jpg|mion|Unicorn Inn, [[Malvern, Worcestershire|Malvern]]]]
::''Naturam rerum; tanta stat praedita culpa''
 
"Dá mb'é Dia a chruthaigh an saol, ní bheadh sé chomh sobhriste, agus ní bheadh an oiread sin lochtanna air."
 
Cé gur shíl sé go raibh sé ina aindiachaí san am, dúirt sé ina leabhar ''Surprised by Joy'' ina dhiaidh sin go raibh sé, thar aon rud eile, ''feargach le Dia toisc nach raibh Sé ann'', nuair a bhí sé óg.
 
Líne 69:
 
''Samhlaigh duit mé i m'aonar, thuas sa seomra sin i Magdalen, oíche i ndiaidh oíche, agus mé ag mothú, gach soicind a n-ardóinn súile m'intinne de mo chuid oibre, go raibh Sé ag druidim isteach chugam go maorga malltriallach, Sé féin, a bhí mé ar theann mo dhichill a sheachaint. É féin a chuir an oiread sin eagla orm, tháinig Sé anuas orm sa deireadh thiar. I dTéarma na Tríonóide sa bhliain [[1929]], ghéill mé Dó, agus d'admhaigh mé gurbh é Dia Dia, agus thit mé síos ar mo ghlúine, le m'urnaí a dhéanamh b'fhéidir, agus mise ar an iompaitheach ba thruamhéilí, ba dhrogallaí amuigh, b'fhéidir.''
[[Íomhá:CS Lewis.jpg|mion|
 
Béal Feirste
]]
Roimh an iompú, bhí tamall fada caite ag Lewis ag spaisteoireacht agus ag comhrá lena chairde Tolkien agus Hugo Dyson. Nuair a bhí sé iompaithe, chuaigh Lewis in Eaglais Shasana, is é sin, san Eaglais Anglacánach, rud a ghoill ar a chara Tolkien, ós rud é go raibh sé féin ina Chaitliceach, agus é ag dréim go rachadh a chara leis an gcreideamh áirithe sin. Caitliceach ab ea Chesterton freisin, dála an scéil.
 
Cé go raibh sé ina Anglacánach, bhí Lewis sách cóngarach don Eaglais Chaitliceach ina chreideamh, ní ba chóngaraí, fiú, ná don traidisiún Phrotastúnach. Mar shampla, ghlac sé le foirceadal Caitliceach an [[Peaca marfach|pheaca mharfaigh]], is é sin, chreid sé gur féidir don Chríostaí peaca chomh tromchúiseach a dhéanamh is go gcaillfidh sé slánú a anama a bhí aige roimhe sin - rud nach bhfuil ag teacht go rómhaith leis an dearcadh atá ag an bProtastúnach ar an saoradh ó chion mar choincheap diagachta.
[[Íomhá:CS Lewis Reading Room (16718800189).jpg|mion|CS Lewis Reading Room, [[leabharlann]] Glucksman]]
 
Bhí dáimhe ag Lewis fosta le coincheap Caitliceach na [[Purgadóir|Purgadóra]], cé nach bhfuil glacadh leis sa Phrotastúnachas. Sa leabhar deireanach a scríobh sé, mar atá, ''Letters to Malcolm'', bhí sé go mór faoi thionchar [[John Henry Newman]], an diagaire Caitliceach, ó thaobh na Purgadóra de.
 
=== Joy Gresham ===
 
Bhí Lewis ag dul anonn sna blianta cheana, nuair a tháinig Joy Davidman Gresham go Sasana le cor a chur ina chinniúint. Scríbhneoir Meiriceánach ab ea í, de phór Ghiúdach, a d'iompaigh ón gCumannachas leis an gCríostaíocht. Bhí sí dealaithe óna fear céile, agus beirt mhac aici, mar atá, David agus Douglas Gresham. Ar dtús, is é an meas a bhí ag Lewis uirthi ná gur compánach taithneamhach intleachtúil a bhí inti, agus thoiligh sé conradh saolta pósta a shíniú léi, le go bhféadfadh sí fanacht sa Ríocht Aontaithe. Ansin, d'iompaigh sé amach go raibh ailse na gcnámh ag luí uirthi, agus tháinig athrú ar an gcaidreamh eatarthu, an oiread is gur chinn siad pósadh Críostaí a fháil. Ó bhí sí i ndiaidh colscaradh a fháil, ní raibh sé furasta toiliú Eaglais na hÉireann a lorg don chleamhnas, ach sa deireadh thiar, phós cara le Lewis, an Ministir Peter Bide, iad cois leaba ospidéil Joy.
 
Ansin, d'iompaigh sé amach go raibh [[ailse]] na g[[cnámh]] ag luí uirthi, agus tháinig athrú ar an gcaidreamh eatarthu, an oiread is gur chinn siad pósadh Críostaí a fháil. Ó bhí sí i ndiaidh colscaradh a fháil, ní raibh sé furasta toiliú Eaglais na hÉireann a lorg don chleamhnas, ach sa deireadh thiar, phós cara le Lewis, an Ministir Peter Bide, iad cois leaba ospidéil Joy.
[[Íomhá:The Mountains of Mourne. - geograph.org.uk - 495169.jpg|clé|mion|333x333px|[[Beanna Boirche|Na Beanna Boirche]] suite i m[[Barúntacht]] [[Múrna|Mhúrn]] in iardheisceart [[Contae an Dúin|Chontae an Dúin]]: scríobh CS Lewis faoi]]
Mhaolaigh ar ailse Joy ar feadh tamaill, agus bhí an lánúin ábalta saol ceart tinteáin a chaitheamh in éineacht le Warnie Lewis, go dtí gur tháinig an athiompáil agus an bás. Scríobh Lewis leabhar, ''A Grief Observed'', le cur síos a thabhairt ar an dóigh a ndeachaigh an méala seo i gcion air. Ar dtús, d'fhoilsigh sé an leabhar faoi ainm cleite N. W. Clerk, ó ba leasc leis scéal chomh pearsanta sin a chur os comhair an tsaoil mhóir faoina ainm féin. Nuair a tháinig an crú ar an tairne, bhí Lewis bodhraithe ag na daoine a bhí ag moladh an leabhair dó, agus d'admhaigh Lewis go poiblí gurbh é féin a scríobh í.
 
Line 85 ⟶ 89:
 
=== Blianta Deireanacha a Shaoil ===
[[Íomhá:C. S. Lewis' grave.jpg|mion|Holy Trinity, Headington Quarry, Oxfordshire]]
 
I dtús Mhí an Mheithimh sa bhliain [[1961]], thosaigh a shláinte ag teip ar Lewis. Bhí athlasadh na nduán air a chuaigh an oiread chun donais is gur tháinig nimhiú fola air. Agus an galar ag luí air, ní raibh sé ábalta freastal ar a obair i dtéarma fómhair Ollscoil Cambridge, ach bhisigh sé arís sa bhliain [[1962]], agus chuaigh sé ar ais go dtí an ollscoil in Aibreán na bliana sin. Bhí sé ar a sheanléim arís in Earrach na bliana céanna.
 
Line 101 ⟶ 105:
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1898|Lewis, C.S.]]
[[Catagóir:Básanna i 1963|Lewis, C.S.]]
[[Catagóir:Daoine as Béal Feirste]]