An difríocht idir athruithe ar: "Gael-Mheiriceánaigh"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 10:
 
Bhí Éireannaigh Chaitliceacha ag dul go Meiriceá fiú roimh bhunú na Stát Aontaithe, cé nach raibh mórán imirce ann san am. Cuid acu ba searbhóntaí baile, cailíní aimsire agus a leithéidí iad, agus cuid eile fós bhí siad i ndaoirse fiach - is é sin, bhí siad ag sclábhaíocht le leabhar na bhfiach a ghlanadh. Cuid eile acu fós, cuireadh an loch amach iad - is é sin, haistríodh thar sáile iad mar phionós. Chuaigh líon na n-inimirceoirí Éireannacha in airde nuair a bhí lucht oibre ag teastáil in Oirthuaisceart na Stát Aontaithe le canálacha a ghearradh, crainn a leagan, agus tithe a thógáil. Fir ba mhó a chuaigh leis an gcineál seo oibre, ar ndóigh. Mar shampla, nuair a gearradh an chanáil ó Loch Erie go hAbhainn Hudson, tháinig an chuid ba mhó den lucht oibre ó Éirinn nó as measc an phobail Ghaelaigh. D'fhás pobail thábhachtacha d'Éireannaigh in áiteanna cosúil le [[Bostún]], [[Philadelphia]], [[Cathair Nua-Eabhraic]], agus [[Providence]].
 
[[File|Irish immigrants 1909.jpg|thumb|260px|Inimircigh Éireannacha i [[Missouri]], [[1909]].]]
 
Le linn an [[An Gorta Mór|Drochshaoil]] agus ina dhiaidh, sa dara leath de [[1850í|na 1850idí]], tháinig na milliúin Éireannaigh go dtí an tOileán Úr, idir [[Ceanada|Cheanada]] agus na Stáit Aontaithe. Cuid mhór acu siúd a d'imigh ó Éirinn ag an am le haghaidh a thabhairt ar Mheiriceá, áfach, fuair siad bás amuigh sa teiscinn mhór, ó bhí na galair mharfacha ag siúl ar na daoine sna báid bhána. Ba nós ''coffin ships'' - longa an bháis - a thabhairt ar na longa imirce ó Éirinn go Meiriceá, fiú, ó chuaigh an t-éag chomh míthrócaireach ar na paisinéirí sular bhain siad amach an cladach thall.